Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 5:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus ag eiṁġe do ġuṫ árd, a duḃairt sé, Créd í mo ċuidsi ḋíot, a Iósa, a Ṁic Dé roáird? Cuirim a huċd Dé ort, gan mo ṗianaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus scairt sé amaċ de ġuṫ árd, agus duḃairt: Cad í an ḃaint atá agam-sa agus agat-sa le ċéile, a Íosa, a Ṁic an Dé is áirde? Agraim ṫú as uċt Dé gan mé a ṗianaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 agus ag glaoḋaċ amaċ de ġuṫ árd dó, aduḃairt sé, Cad é an ċuid atá agam‐sa ḋíot, a Íosa, a Ṁic Dé is Aoirde? Aṫċuinġim ort, as uċt Dé, gan mo ṗianaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus do liúiġ sé do ġuṫ árd agus duḃairt: Cad é an ċuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Ṁic Dé is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé ṗianaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 5:7
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus cuirfe misi náṁadus eadrad agus an ḃean, agus eidir do ṡíol agus a síolsa; brúiġfiḋ sé do ċeannsa, agus brúiġfiḋ tusa a ṡálsan.


Agus a duḃairt an ríġ ris, Ca ṁéid úair ṁinneoċus mé ṫú naċ inneosa tú éinni ḋaṁ aċt an ní ḃías fírinneaċ a nainm an TIĠEARNA?


A déara Eṗraim, Créd atá agam ré a ḋéanaṁ ní is mó ré hioḋaluiḃ? do ċúaluiḋ mé, agus dairiġ mé é: is cosṁuil mé ré crann ġlas giuṁais. Is uáimse fríṫ do ṫoraḋsa.


Agus ar ḃfreagra do Ṡímón Peadar a duḃairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé ḃí.


Giḋeaḋ níor laḃair Iósa áonḟocal. Agus do ḟreagair an tárdṡagart agus a duḃairt sé ris, Cuirim ort a huċd Dé ḃí, innisin dúinn an tú Críosd, Mac Dé.


Agus air dteaċd do náiḋḃirséoir ċuige, a duḃairt sé, Mas tusa Mac Dé aiṫin do na cloċuiḃsi ḃeiṫ na narán.


Agus, féuċm do éiṁġeadar, ag ráḋ, Créud é ar gcuídne ḋiót, a Iósa, Ṁic Dé? an dtainic tú ann so dár gcéusaḋne roiṁe a naimsir?


Ag ráḋ, leigḋin créd í an ḃúain atá aguinne ríotsa, a Iósa Nasarḋa? an dtáinic tú dár sgriosne? a tá a ḟios agamsa cía ṫú, Neaċ Náoṁṫa Dé.


Agus do ṫoċ seision, agus níor ḟreagair sé én ní. Do ḟíafruiġ an tárdsagart de a rís, agus a duḃairt sé ris, An tusa an Críosd Mac Dé Ḃeannuiġṫe?


Agus an tan do ċidís na spioraidiġe neaṁġlana é, do ṡléaċdaidís do, agus do éiġṁidís, ag ráḋ, Is tusa Mac Dé.


Agus ar ḃfaicsin Iósa ḋó a ḃfad úaḋ, do riṫ sé agus do ṡléaċd sé ḋó,


(Oír a duḃairt sé rís, A spiorad neaṁġlan, tárr a maċ as an duine.)


Bíaiḋ se mór, agus goirfiḋear Mac an té is Airde ḋe: agus do ḃéura an Tiġearna Día caiṫír Ḋáiḃí, aṫar féin ḋó.


Ag ráḋ, Uċ; créud í an ḃúain atá aguinne riot, a Iósa Nasarḋa? an dár sgrisne ṫáinic tú? a tá a ḟios agumsa cia ṫú, Neaċ Náoṁṫa Dé.


Ar a naḋḃarsin gráḋuiġiḋ ḃur náṁuid, agus déunuiḋ maiṫ, agus taḃruiḋ áirleaġaḋ úaiḃ, gan súil ré héinní arís; agus buḋ mór ḃur lúaideaċd, agus beiṫí ḃur gcloinn ag an té as Airde: óir bí seisean cinealta les na dáoiniḃ dombuíḋeaċa agus saiṫe.


Agus ag faicsin Iósa ḋó, agus ag éiġṁe, do ṫeilg sé é féin siós aga ċosaiḃ, agus a duḃairt sé do ġuṫ ard, Créd é mo ċuidsi ḋiót, a Iósa, a Ṁic Dé ro áird? Iarruim ort, gan mo ṗiánaḋ.


Aċd atáid so sgríoḃṫa, ionnus go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Iósa an Críosd, Mac Dé; agus ionnas ar gcreideaḋ ḋíḃ go ḃfuiḋeaḋ siḃ beaṫa tré na ainmsion.


Do lean sí so Pól agus sinne, agus do éiġ sí, ag ráḋ, Is seirḃísiġ don Día ro árd na dáoinesi, moċ ṡoisgéulas dáoiḃ sliġe na sláinte.


Agus dream áiriġe do na Iúduiḋiḃ do ḃíoḋ ag sioḃal ó áit go háit ag cur spiorad fá ġeasuiḃ, do ċuireadar rompa ainm an Tiġearna Iósa do ġairm ós cionn na ndáoine ann a mbíoḋ droċspiorúda, ag ráḋ, Cuirimid fá ġeasuiḃ siḃ tré Iósa do ní Pól a ṡeanmóir.


Agus ar mbeiṫ ḋóiḃ ag imṫeaċd sa tsliġe, tangadar ċum uisge áiriġe: agus a duḃairt an cailltéanaċ, Féuċ, an tuisge; créud ṫoirmisgeas mise ḃaisdeaḋ?


Agus bruiṫfiḋ Día na síoṫċána Sátan fáoi ḃur gcosaiḃ go haiṫġoird. Grása ar Dtiġearna Iósa Críosd maille riḃ. Amén.


Uime sin ó atá fuil agus feóil ar na roinn ris an gcloinn, do ġaḃ seision mar an gcéudna a ċuid díoḃ sin ċuige; ċum an tí agá ḃfuil cúṁaċd an ḃáis, éaḋon an díaḃal, dionnarbaḋ ḋó tré ḃás;


Oir an Melċisedecsa rí Ṡálem, sagart an Dé is áirde, ṫarrla sé Dábraham ar mbéiṫ ḋó ag filleaḋ air ais ó ár na ríġṫeaḋ, agus do ḃeannuiġ sé é;


Creidiġ tusa go ḃfuil áon Ndía ann; as maiṫ do ní tú sin: creidid na deaṁuin féin mar an gcéudna, agus crioṫnuiġid síad.


Oír munar ċoigil Día na haingil do ṗeacuiḋ, aċd ar na dteilgean síos go hifrionn dó, go dtug íad do ṡlaḃraiḋiḃ an dorċaduis ċum a gcongṁála ris an mbreiṫeaṁnus;


An tí do ní peacaḋ, as ón díaḃal atá sé; óir atá an díaḃal ag déunaṁ peacuiġ ó ṫosaċ. As ċuige so do foillsiġeaḋ Mac Dé, ionnus go sgaóilfeaḋ sé oibreaċa an díaḃail.


Na haingil mar an gcéudna nár ċoiṁéid an ċeúd sdaid ann a raḃadar, aċd do ḟág a nionad coṁnuiġe féin, do ċoiṁéid sé íad a ngeiṁliḃ síorrúiḋe fá ḋorċadas ċum breiṫeaṁnuis an láe ṁóir.


Uime sin a ḟlaiṫeaṁnasa, bíoḋ gairdeaċas oruiḃ, agus oruiḃse a luċd áitreaḃas ionnta. As mairg do aitréiḃuiġ an talaṁ agus do nfairrge! Óir táinic an díaḃal a nsúas ċúguiḃ, lán do ċúṫaċ feirge, ar mbeiṫ a ḟeasa aige gur ab aiṫġearr a aimsir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ