Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 5:35 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

35 Agus ar mbeiṫ ḋósan ag laḃairt, tigid dáoine ó ṫiġ úaċdaráin na sinagóige, ag ráḋ, Fúair hinġean bás: créd fá gcuireann tú búaiḋreaḋ ar an Maiġisdir feasda?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

35 Le linn é ḃeiṫ go fóill ag cainnt, tig cuid de ṁuinntir uaċtarán na sineagóige, ag ráḋ: Tá do inġean marḃ; cad ċuige a ḃfuil tú ag boḋraḋ an Ṁáiġistir níos fuide?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Ag laḃairt dó, ṫáinig daoine ó ṫiġ uaċtaráin na sionagóige, agus aduḃaradar, Atá t’inġean tar éis báis: cad ċuige ḋuit an Máiġistir do ḃuaiḋreaḋ feasta?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Le línn na ḃfocal san a ráḋ ḋó, ṫáiníg cuid de ṁuintir uaċtaráin na sinagóige, agus duḃradar: Tá t’inġean tar éis ḃáis. Cad ab áil leat ag cur a ṫuille trioblóide ar an Máiġistir?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 5:35
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an tan do aiṫin Iósa so, a duḃairt sé ríu, Créd fa gcuirṫí búaiḋreaḋ ar an mnáoi? oír do rinne sí obair ṁaiṫ am ṫimċeallsa.


Agus a duḃairt seisean, Imḋiġ don ċaṫruiġ go duine áiriġe, agus abruiḋ ris, A deir an Maiġisdir, A tá maimsear ag drud riom; is ad ṫiġsi do ḋéana mé fein agus mo ḋeisciobuil an ċáisg.


Agus a laḃairt na neiṫeannso ḋó ríu, féuċ, ar tteaċd dúaċdarán aíriġṫe ċuige, do onóruiġ sé é, ag raḋ, Fúair minġean bás ar an mball: aċ tarrsa agus cuir do láṁ uirrṫe, agus biáiḋ sí béo.


Agus an tan do ċúaiḋ sé a maċ ar a tsliġiḋ, do riṫ óglaċ ċuige, agus do léig sé ar a ġlúiniḃ ḋó é, agus do ḟíafruiġ sé ḋe, A Ṁaiġisdir ṁaiṫ, Créd do ḋéuna mé do ċum go ḃfuiġinn an ḃeaṫa ṁarṫanaċ doiġreaċd?


Agus, féuċ, táinic fear áiriġe dúaċdaránuiḃ na sionagóige, dar ḃainm Iáirus; agus an tan do ċonnairc sé eisean, do léig se é féin siós agá ċosaiḃ,


An feaḋ do ḃí seision ag laḃairt, táinic neaċ áirige ó úaċdarán na sinagóige, da ráḋ ris, Fúair binġean bás; ná cuir buaiḋreaḋ ar an Ṁaġisdir.


Uime sin a duḃairt Marta ré Iósa, A Ṫiġearna, dá mbeiṫéasa ann so, ní ḃfuiġeaḋ mo ḋearḃráṫairsi bás.


A duḃáirt Iósa ría, Is misi a neiséirġe, agus an ḃeaṫa: giḋ be ċreideas ionnam, dá mbeiṫ go mbiaḋ sé tár éis ḃáis, mairfiḋ sé:


Agus an tan a duḃairt sí so, dimṫiġ si, agus dó ġoir sí a deirḃṡiúr Muire a nuáigneas, ag ráḋ, Ṫáinic an Maíġisdir, agus atá sé dod iarruiḋsi.


An tan ṫáinig Muire sa náit a raiḃ Iósa, agus do ċunnairc sí é, do ṫeilg si í féin fá na ċosaiḃ, agus a duḃairt sí ris, A Ṫiġearna, dá mbeiṫéasa ann so, ní ḃfuíġeaḋ mo ḋearḃráṫairsi bás.


A duḃairt Iósa, Tóġuiḋ an ċloċ. A duḃairt Martá, derḃṡíur an duine ṁairḃ, ris, A Ṫiġearna, atá droċḃalaḋ a nois air: óir atá ceiṫre lá ó fúair sé bás.


Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Tiocfaid a naimsire, agus atá si a nois ann, an tráṫ ċluinfid na mairḃ guṫ Ṁic Dé: agus an dream ċluinfeas mairfid siad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ