Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 4:31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Is cosṁail é re gráinne musdaird, noċ, an tan ċurṫar ann sa talaṁ, is é is luġa don uile ṡíol dá ḃfuil ar talaṁ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

31 Mar ġráinnín ṡíol mustáird, ar luġa é ná aon tsíol dá ḃfuil ar an talaṁ, nuair a ċuirtear san talaṁ é;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Is cosṁail í le gráinne síl mustáird, nuair curtar é sa talaṁ, bioḋ gur luġa é ná na síolta uile d’á ḃfuil ar doṁan,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Mar an ngráinne síl mustáird, nuair a curtar é sa talaṁ gur lúġa é ’ná aon tsíol eile d’á ḃfuil sa talaṁ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 4:31
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Uimesin ḃéara misi cuid ḋó a mórán, agus roinnfe sé an ċreaċ ris an ccuṁaċdaċ; do ḃríġ gur ḋóirt sé amaċ a anam ċum báis: agus gur hairṁeaḋ a measc na cciontaċ é; agus gur iomċuir sé peacuiḋe ṁóráin, agus go ndéarna sé guiḋe ar son na cciontaċ.


Oír éireoċuiḋ sé súas as a ċoinne aṁuil plannda máoṫ, agus aṁuil fréuṁ as talaṁ ṫirim: ní ḃfuil cuma nó sgéiṁ air; agus núair ċinnd é, ní ḃfuil scíaṁ go níarrfamaóis é,


Biáiḋ an beag na ṁíle, agus an fann na ċineaḋ ṁór: misi an TIĠEARNA deiṫfreóċad sin ion am.


Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.


Annsa lósin cuiṁdeoċuiḋ an TIĠEARNA áitreaḃṫuiġ Ierusalem; agus biáiḋ an té ḃías lag iona measc an lá sin mar Ḋáiḃi; agus biáiḋ tiġ Ḋáiḃi mar Ḋía, aṁuil aingeal an TIĠEARNA rompa.


Agus ceangoluid mórán cineaḋaċ ris an TIĠEARNA annsa lósin, agus béid na bpobal agumsa: agus áitreaċa misi ann do lársa, agus aiṫeonuiḋ tú gur bé TIĠEARNA na slóġ do ċuir ċugad mé.


Oír ó éirġe gréine eaḋon go dul síos an céadna biáiḋ mainm mór a measc na Ngeinteaḋ; agus ofrálfuiġear túis dom ainm ann gaċ uile áit, agus ofráil ḟiórġlan: óir buḋ mór mainm a mease na ngeinteaḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ.


Agus a duḃairt sé, Créd é an ní ré a ndéanam ríoġaċd Dé do ṡaṁluġaḋ? nó créd í an ḃaraṁail ré saṁuilfimís é?


Aċd tar éis a ċora, fásaiḋ sé súas, agus is mó é ná éunluiḃ do na luiḃeannuiḃ, agus fásaid géuga móra air; ionnus go ḃféadfaidis éunlaiṫ an aiéir nid do ḋeanaṁ ar á sgáṫ.


Agus a duḃairt an Tiġearna, Dá mbeiṫ oiread ġráinne musdaird do ċreideaṁ aguiḃ, déaraḋ siḃ ris a gcrann sicaminso, Eiriġ as do ḟréaṁaċ, agus curṫar an sa ḃfairge ṫú; agus do uṁloċaḋ sé ḋaóiḃ.


Do ḟás bríaṫar Dé agus rug sí búáiḋ ċoṁláidir sin.


Ann sin na dáoine do ġaḃ ċuca a ḃríaṫra go toileaṁail do baisdeaḋ íad: agus do cuireaḋ léo an lásin a dtimċeall ṫrí míle anam.


Agus ar na ċlós so ḋóiḃsion, tugadar glóir don Tiġearna. Agus a duḃradar ris, Do ċí tusa, a ḃráṫair, ga ṁéud míle do na Iúdaiḋiḃ ṫáinic ċum creidiṁ; agus átaid uile lán do ġráḋ an reaċda:


Giḋeaḋ mórán da ccúaluiḋ an ḃríaṫar do ċreideadar; agus do ḃí úiḃir na ndáoine a dtimċeall ċúig míle.


Aċd is móide do ṁéidaiġ an úiṁir ḟear agus ḃan, do ċreid don Tiġearna.


Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ