Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 4:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus a duḃairt sé ríu, Taḃruiḋ dá ḃur naire créd é an ní úd ċluintí: giḋ bé miosúr an a dtoiṁeósdáoi, toiṁeósdar ċugaiḃ é: agus do ḃeurṫar tuilleaḋ ḋáoiḃsi atá ag éisdeaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Agus duḃairt sé leo: Coiṁéadaigiḋ cad é a ċluin siḃ. Is leis an ṁiosúr le n-ar ṫóṁais siḃ, a ṫóṁaisfear ṫar ais díḃ agus cuirfear tuilleaḋ leis díḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire do’n méid ċloiseas siḃ: an tóṁas ’n‐a dtóṁaiseann siḃ, is é sin an tóṁas ’n‐a dtóṁaisfear ċugaiḃ: agus do‐ḃéarfar tuilleaḋ ḋaoiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus duḃairt sé leó: Féaċ cad a ḋ’airiġeann siḃ. An tóṁas ’n-a dtóṁaisfiḋ siḃ, siné an tómas ’n-a dtóṁasfar ċúġaiḃ, agus curfar tuille leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 4:24
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Scuir, a ṁic, déisteaċd an teagaisg ḃus cúis ṡeaċráin ó ḃríaṫruiḃ a neóluis.


Cláonuiḋ ḃur cclúas, agus tigiḋ ċugamsa: clúiniḋ, agus mairfiḋ ḃur nanam, agus do ḋéana misi ccunnraḋ síorruiḋe riḃ, eaḋon grása daingne Ḋáiḃi.


Is marso a deir an TIĠEARNA: Tagaiḋ aire ḋíḃ féin, agus ná biomċraiḋ úalaċ a ló na saoire, agus ná tugaiḋ a steaċ a ngeataḋuiḃ Ierúsalem íad;


Oír is do réir na breiṫe ḃeirṫí, ḃeúrhar breaṫ oruiḃ: Agus is leis an miosúr ṫoṁaistí, toiṁeósfuiḋṫear ḋáoiḃ a rís.


Agus do éiriġ néull do ċur sgáile na dtimċeall: agus táinic gúṫ as an néull, ag ráḋ, Ag so mo Ṁac graḋaċsa: éisdiġ ris.


Ar a naḋḃarsin taḃruiḋ ḃur naire riḃ cionnas éisdeas siḃ: óir giḋ be neaċ agá ḃfuil, is dó do ḃéarṫar; agus giḋ bé neaċ ag naċ ḃfuil, béarṫar úaḋ an ní fós ṡáoiltear do ḃeiṫ aige.


Agus atáid cáoiriġ eile agam, naċ don ċróso: agus caiṫfiḋ mé iád sin leis do ṫaḃairt leam, agus ésdfid siád mo ġúṫ; agus biáiḋ áonċró aṁáin, agus áonáoḋaire aṁáin ann.


Do ċluinid mo ċáoiriġsi mo ġúṫ, agus aiṫniġim iád, agus leanuid síad me:


Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Tiocfaid a naimsire, agus atá si a nois ann, an tráṫ ċluinfid na mairḃ guṫ Ṁic Dé: agus an dream ċluinfeas mairfid siad.


Agus dob uáisle na Híuduiḋe sin na an ṁuinntir do ḃí a Dtessalonica, agus do ġaḃadar an ḃríaṫar go ro lúṫġáireaċ ċuca, ag cúartuġaḋ na sgríobtúireaḋ gaċ éun lá, dá ḟéuċuin an mar sin do ḃádar na neiṫesin.


Agus bíoḋ so ar cuiṁne aguiḃ, An tí ṡíolċuireas go tana is go tana ḃeanfus sé; agus an tí ṡíolċuireas go tiuġ is go tiuġ ḃeanfus sé.


Ar a naḋḃarsa as cóir ḋúinn aire roḋúṫraċdaċ do ṫaḃairt do na néiṫiḃ do ċúalamar, deagla a ligṫe ṫrínn dúinn uáir ar biṫ.


Mar naóiḋeanuiḃ núaiḋḃearṫa, bíoḋ fonn aguiḃ a mbainne ḟíorġlan na bréiṫre, ċum ḃeiṫ ḋíḃ ag fás ris:


A ċairde, na creidiġ gaċ éin spiorad, aċd dearḃuiḋ na spioruid an ó Ḋía atáid: óir do ċúadar morán dfáiḋiḃ fallsa amaċ fán doṁan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ