Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 4:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus ní ḃfuil fréuṁ aca ionnta féin, aċd fanuid ar feaḋ tamuill: agus na ḋiáiġ sin, an tan éirġeas trioblóid agus buáiḋirt tríd an mbréiṫir, ar an mball do ġeiḃid síad oilḃéim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

17 Agus ní ḟuil fréaṁ acu ionnta féin, aċt tá siad neambuan; annsin, nuair a ṫig trioblóid agus géirleanaṁaint mar ġeall ar an ḃriaṫar, glacann siad scainneal ar an ḃomaite.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 agus ní ḟuil fréaṁ aca ionnta féin, aċt seasann siad ar feaḋ tamaill; annsin, nuair éiriġeas trioblóid nó géir‐leanaṁain mar ġeall ar an mbriaṫar, glacann siad scannal ar an láṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus ní’l an ṗréaṁ acu ionta féin, aċ seasuiġid siad ar feaḋ tamaill; ansan, nuair a ṫagann an trioblóid, agus an caṫ d’á ċur orṫa mar ġeall ar an mbriaṫar, glacaid siad sgannal láiṫreaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 4:17
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt dob ionráiḋ ḋíḃse, Cred as a ḃfuilmidne ḋá inġreim, mar ċitear go ḃfuiġṫear bun na cuise annam?


Agus is beannuiġṫe an té, naċ ḃfuiġe scannail ionnamsa.


Air a naḋḃarsin a deirim riḃ, Go maiṫfiḋṫear gaċ peacaḋ agus gaċ blasṗeíme do na dáoiniḃ: giḋeaḋ ní maiṫfiḋṫear do na dáoiniḃ, blasṗeíme a naġaiḋ an Spiorad Naóiṁ.


Aċd ní ḃfuil fréaṁ aige ann féin, aċd fanuiḋ sé ar feaḋ tamaill: agus an tan ṫig trioblóid nó búaiḋreaḋ ar son na bréiṫre, air ball do ġeiḃ sé oilḃéim.


Agus mar an gcéudna is íad so an dream an ar cuireaḋ, an síol, a ḃfearann ċloċaċ; noċa, éisdeas an ḃriaṫar, agus ġaḃus ċuca í do láṫair maille ré gáirdeaċus;


Agus is íad so an dream ġaḃus an síol ċuca an sa muineaċ; noċa éisdeas ris an mbreiṫir,


Agus giḋ bé laiḃeóras focal a naġaiḋ Ṁic an duine, maiṫfiġṫear ḋó é: aċd ní maiṫfiġear don tí laiḃeóras blaisṗéime a naġaiḋ an Spiorad Náoiṁ.


Ar a naḋḃarsin a duḃairt Iósa ris na Iúdaiḋiḃ do ċreid ḋó, Má ċoṁnuiġṫísi am ḃréiṫirsi, go fírinneaċ beiṫí ḃar ndeiscioblaiḃ agam;


An ṁéid lér mían íad féin do ṫaisbéunaḋ go sgíaṁaċ sa ccoluinn, cuirid dfíaċuiḃ oruiḃse an timċillġearraḋ do ġaḃail ċuguiḃ; aṁáin deagla go ndéantáoi gérleanṁuin orrṫa ar son ċroíṫe Ċríosd.


Atá a ḟios so agad, gur ṫréigeadar luċd na Hásia uile misi, agar ab ḋíoḃ Ṗigellus agus Hermogínes.


Oír do ṫréiġ Démas mé, ar dtáḃairt ġráḋa don tsáoġalsa a láṫair, agus do imṫiġ sé go Tessalonica; Crescens go Galátia, Titus go Dalmátia.


Ann mo ċéud ċosaintse níor raiḃ áonduine agam, aċd do ṫréigeadar uile mé: nar agrar orrṫa é.


An é naċ dtuillfiḋ (do réir ḃur mbaraṁlasa,) an tí ṡaltras Mac Dé fá na ċosuiḃ, agus measus fuil an ċonnarṫa, lér náoṁaḋ é, ḃeiṫ neaṁġlan, agus do ḃeir masla do Spioruid na ngrás, pionús as ró ṁó ná sin?


Do ċúadar amaċ as ar measgne, oir ní raḃadar ḋínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidís go deiṁin má ráon rinn: aċd dimṫiġeadar uainn, ionnus go maḋ follas naċ dínne íad uile.


Ná bíoḋ eagla éinneiṫe ḋá ḃfuileónguiḋ tú ort: féuċ, teigeuṁuiḋ go dteilgfe an díaḃal cuid aguiḃ a bpríosún, ċum ḃur ndearḃṫa; agus biáiḋ siḃ dá ḃur mbuáiḋreaḋ deiċ lá: bí díleas go bás, agus do ḃéursa ḋuit coróin na beaṫa.


As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus hionad coṁnuiġe, a náit a ḃfuil ardċaṫáoir Ṡátain: agus coiṁéudann tú mainmse, agus níor ṡéun tú mo ċreideaṁ, sna laeṫiḃ fós ionar marḃaḋ Antipas mfíaḋnuise ḟíre, eadruiḃse, sa nionad na ḃfuil Sátan na ċoṁnuiġe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ