Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 4:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus is íad so an drong a tá láiṁ ris a tsliġe, ann a gcuirṫear an ḃríaṫar; agus tar éis a cloisdean, tig Sátan ar an mball, agus tógḃuiḋ sé úaṫa an bríaṫar do siólaḋ an a gcroiḋṫiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus is iad seo luċt taoḃ an ḃóṫair mar a gcuirtear an briaṫar, agus nuair a ċluin siad, tig Satan láiṫreaċ agus beireann sé ar ṡiuḃal an briaṫar a cuireaḋ ina gcroiḋṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus na daoine ’n‐a gcurtar an síol i n‐aice an ḃealaiġ, is iad‐san na daoine ’n‐a gcurtar an briaṫar, aċt nuair ċloiseas siad é, tig Sátan ar an láṫair, agus tógann sé uaṫa an briaṫar do cuireaḋ ionnta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 An ṁuintir i n-aice an ḃóṫair, sin iad an ṁuintir, nuair a curtar an briaṫar agus go gcloisid siad é, go dtagann an naṁaid láiṫreaċ agus go dtógann sé ċun siuḃail an briaṫar a cuireaḋ mar ṡíol ’n-a gcroiḋṫiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 4:15
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuáiḋ Lot amaċ, agus do laḃair ré na ċleaṁnuiḃ, noċ do ṗós a inġeana, agus a duḃairt, Gluaisiġ, fágḃuiḋ a náitsi amaċ; óir sgriosfuiḋ an TIĠEARNA an ċaṫair so. Aċ dar lé na ċleaṁnuiġiḃ bá fear moguiḋ é.


Cia ċreid ar niomráḋ? agus cía dar foillsiuġaḋ láṁ an TIĠEARNA?


Agus do ṫaisbéin sé ḋaṁ Iosuah an tárdṡagart na ṡeasaṁ as coinne aingil an TIĠEARNA, agus Sátan na ṡeasaṁ ḋá láiṁ ḋeis ċum cur na aġaiḋ.


Coiṁmionca agus éisdeas duine bríaṫar na ríoġaċda, agus naċ dtuigeann sé é, tig an droiċspiorad, agus fúaduiġe se an ní do cuireaḋ ann a ċroiḋe. Ag so an duine úd ann ar cuireaḋ an siol ċois na slíġeaḋ.


Aċd tugadarsan failliġe an so, agus do imṫiġeadar, fear ḋíoḃ dá ḟearann féin, agus fear eile ċum a ċeannuiġeaċda:


A duḃairt Iósa ris annsin, Imṫiġ roṁad, a ċaṫuiġṫeóir: óir átá sgrioḃṫa, Onórfuiḋ tú an Tiġearna do Ḋiá féin, agus a dó na áonar do ḋéuna tú seirḃís.


An sioladoir úd, is í an bríaṫar ṡíolċuireas sé.


Agus mar an gcéudna is íad so an dream an ar cuireaḋ, an síol, a ḃfearann ċloċaċ; noċa, éisdeas an ḃriaṫar, agus ġaḃus ċuca í do láṫair maille ré gáirdeaċus;


Agus tárla ag cur an tsíl dó, gur ṫuit cuid de ċois na sliġe, agus tangadar éanlaiṫ an aiéir, agus diṫeadar é.


Agus an dream úd ċois na sliġeaḋ a siad éisdeas; na ḋiáiġ sin tig an díaḃal, agus tógḃuiḋ sé an ḃriáṫar as a gcróiḋe, deagla go gcreidfidís agus go slánéoċṫáoi iád.


Aċd an tan do ċúáladarsan dó eiséiriġe na marḃ, do rinneadar cuid díoḃ fonáṁad: aċd a duḃradar cuid eile, Eisdfeam riot a rís ḋá ṫáoḃ so.


Ann sin a duḃairt Peadar, A Ananías, créd fár líon Sátan do ċróiḋe do ḋéunaṁ bréige leis an Spiorad Náoṁ, agus do ċungḃáil coda éigin do lúaċ an ḟearuinn go foluiḋṫeaċ?


Deagla Ṡátan do ḃreiṫ buáiḋe oruinn ré na ġliocas: oír ní ḃfuil ainḃfios a ṡliġṫeaḋsan oruinn.


Eaḋon an tí, aga ḃfuil a ṫeaċd ó oibriuġaḋ Ṡatáin maille ris a nuile ċúṁaċd agus ré cóṁarrṫuiḃ agus ré hiongantuiḃ bréige,


Deagla go mbíaḋ éinneaċ na sdríopuiġ, ná neiṁḋíaġa, mar Esau, noċ do reac a ċeart óiġreaċda ar son éinċinn aṁáin bíḋ.


Ar a naḋḃarsa as cóir ḋúinn aire roḋúṫraċdaċ do ṫaḃairt do na néiṫiḃ do ċúalamar, deagla a ligṫe ṫrínn dúinn uáir ar biṫ.


Bíġiḋ measarrġa, déunuiḋ faire; óir atá ḃur naṁuid an díaḃal, mar leoṁan ḃéicfeaċ, ag gaḃáil fá gcuáirt dá ḟéuċain cía ṡluiġfeaḋ sé:


Agus do teilgeaḋ amaċ an dragún mór, an tseanaiṫir niṁe, dá ngoirṫear an Díaḃal agus Sátan, an tí ṁeallas an doṁan uile: do teilgeaḋ amaċ é fán dtalaṁ, agus do teilgeaḋ amaċ a aingil maille ris.


Agus do teilgeaḋ an díaḃal do ṁeall íad a loċ teineaḋ agus ruiḃe, mar a ḃfuil an beaṫaċ agus an fáiḋ fallsa, agus béid síad dá bpianaḋ do ló agus doiḋċe go sáoġal na sáoġal.


Agus an tan ċríoċnóċar an míle blíaḋan, sgaóilfiġṫear Satán as a ṗríosún,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ