Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 3:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus ma ḃíonn ríoġaċd roinnte na haġaiḋ féin, ní héidir leis a ríoġaċd sin seasaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Agus má ḃíonn ríoġaċt roinnte ina h-aġaiḋ féin, ní féidir doʼn ríoġaċt sin seasaṁ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus má ḃíonn ríoġaċt deaġailte ’n‐a coinniḃ féin, ní féidir do’n ríoġaċt sin seasaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus má ḃíonn ríġeaċt deiġilte ’n-a coinniḃ féin ní féidir do’n ríġeaċt san seasaṁ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 3:24
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla go raiḃ óglaċ do Ḃelial annsin dar ḃamm Séba, ṁac Biċri, Beniamiteaċ: agus do ṡéid sé stoc, agus a duḃairt, Ní ḃfuil cuid ar biṫ aguinne a Ndáiḃi, ní mó atá oiġreaċd aguinn a mac Iesse: ṫéiġeaḋ, gaċ éanduine dá lóistín féin, O Israel.


Agus a duḃairt Dáiḃi ré Abisai, A nois do ḋéana Seba ṁac Biċri niosmó do ḋoċar ḋúinn nó do rinne Absolon: beir leaċd ṫusa mumntir do ṫíġearna, agus lean é, deagla go ḃfuiġeaḋ sé caiṫreaċa daingne ḋó féin, agus go nimṫeoċaiḋ mar sin uáinn.


Agus do ḋéana mé áoinċineaḋ aṁáin díoḃ annsa dúṫaiġ ar ṡleiḃtiḃ Israel; agus buḋ aóinríġ aṁáin ḃus ríġ orra uile: agus ní ḃiáid na ndá ċineaḋ ní is mó, ní mó rannfuiġear an ndá rioġaċd íad ní is mó air aónċor:


Annsin do ġeárr mé ó ċéile mo ḃata oile, euḋon Cuiḃreaċa, ċor go mbrisinn a ndearḃráiṫreaċas idir Iúdah agus Israel.


Aċd an tan do aiṫin Iósa a smúaintiġṫe, a duḃairt sé riu, Gaċ rioġaċd atá roinnte na haġaiḋ féin biáiḋ sí na fásaċ; agus gaċ uile ċaṫair nó teaġ a tá roinnte na aġaiḋ féin ní ṡeasfuiḋ sé:


Agus do ġoir sé ċuige íad, agus a duḃairt sé a gcosaṁlaċduiḃ ríu, Cionnas is éidir lé Sátan Sátan do ṫeilgean amaċ?


Agus ma ḃíonn tiġ rionnte na aġaiḋ féin, ní héidir leis a tiġ sin seasaṁ.


Ionnus go mbéidis uile náon; mar atá tusa, a Aṫair, ionnamsa, agus misi ionnadsa, ionnus go mbéidision mar an gcéadna na náon ionnuinne: ionnus go gcreidfeaḋ an sáoġal gur tusa do ċuir uáit mé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ