Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 2:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus tarla, an tan do ṡuiġ Iósa ċum bíḋ an a ṫiġ súd, gur ṡuiġeadar mórán puiblicán agus peacaċ fós ma ráon ré Hiósa agus ré na ḋeisciobluiḃ: óir do ḃádar móran, agus do leanadar é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus ṫárla, nuair a ṡuiḋ sé ċun bíḋ ina ṫiġ siúd, gur ṡuiḋ mórán puibliocánaċ agus peacaċ i dteannta Íosa agus a deisciobal; óir ḃí mórán acu ann, agus lean siad é fosta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus tarla, nuair do ṡuiḋ sé ċum biḋ ’n‐a ṫiġ‐sean, gur ṡuiḋ mórán poibleacán agus peacaċ i gcuideaċtain Íosa agus a ḋeisceabal: óir do ḃí a lán aca ann agus iad ’g‐a leanaṁain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus do ṫárla, nuair a ṡuiḋ sé ċun bíḋ ’n-a ṫiġ sin, gur ṡuiḋ mórán puibliocánaċ agus mórán peacaċ i gcuiḃreann Íosa agus a ḋeisgiobul; mar ḃí a lán acu ann, agus iad-san ’ġá leanṁaint, leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 2:15
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oir na ḃíonn gráḋ agaiḃ don ṁuinntir agá ḃfuil gráḋ ḋáoiḃ, creud é an lúaiḋeaċd do ġéuḃṫaói? a né naċ déunaid na Publiocáin an ni ceúdna?


Agus ag gaḃáíl ṫáiris dó, do ċonnairc sé Léḃi mac Alṗéi na ṡuiḋe ag bórd an ċusduim, agus a duḃairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirġe ḋosan do lean sé é.


Agus an tan do ċonncadar na gríobuiḋe, agus na Ṗairisíniġ eision ag caiṫeaṁ bíḋ a ḃfoċair na bpubliocá agus na bpeacaċ, a duḃradar ré na ḋeisciobluiḃ, Créd fá níṫeann agus fá niḃeann sé a ḃfoċair na bpubliocán agus na bpeacaċ?


Agus tangadar na Puibliocáin uile agus na peacṫaiġ ċuige déisdeaċd ris:


Agus táinig sé a núas léo, agus do ṡeas sé ar ṁaċuire réiḋ, agus a ċoiṁṫionól deisciobail, agus mórán mór do ṗobal ó ṫír Iúdaiġe uile agus ó Ierusalem, agus ó ċois fairrge Ṫírus agus Ṡídon, noċ ṫáinig deisdeaċd leisin, agus dfaġáil leiġis ar a neasláintiḃ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ