Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 2:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus do ċúaiḋ sé a maċ a rís ċum na fairge; agus táinic an slúaġ uile ċuige, agus do ṫeaguisg sé íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

13 Agus ar ḋul amaċ arís dó go dtí an ḟairrge, ṫáinic an sluaġ uilig ċuige, agus ṫug sé teagasc dóiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus d’imṫiġ sé amaċ arís ċum na fairrge; agus ṫáinig an sluaġ uile ċuige, agus do ṫeagaisc sé iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus d’imṫiġ sé amaċ airís ċun na faraige, agus do lean na daoine go léir é, agus ḃí sé ’ġá dteagasg.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 2:13
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ar nimṫeaċd Díosa a maċ as an detaċ an lásin, do ṡuiġ sé láiṁ ris an ḃfairge.


Agus an tan do ċúaiġ Iósa as a náitsin, do ċunnairc sé oglaċ, na ṡuiġe ag bord an ċusduim, dar ḃainm Maṫa, agus a duḃairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirġe ḋó, do lean sé é.


Agus ar nimṫeaċd dósan a maċ do ṫionnsgain sé mórán dḟoillsiuġaḋ, agus an ní do ċur ós aird, ionnas naċ raiḃ neart ag Iósa dul a sdeaċ sa gcaṫruiġ ós aird, aċd ḃeiṫ a muiġ a nionaduiḃ fásaṁla: agus tangadar ċuige as gaċ uile aírd.


Agus ar néirġe, as sin dó, táinic sé go críoċuiḃ Iúdea trés an dtáoḃ ṫall do Iórdan: agus do ċruinniġeadar slúaiġte a rís ċuige; agus, mar buḋ ġnáṫ leis, do ṫeaguisg sé íad a rís.


Agus ar an mball do ċruinníġeadar móran a gceann a ċéile, ionnas nar ṫuilleadar ann sna hionadaiḃ a dtimċeall ann doruis: agus do rinne sé an ḃriaṫar do ṡeanmóir ḋóiḃ.


Agus do ṫionnsgain sé teagasg do ḋéanaṁ láiṁ ris an ḃfairge: agus do ċruinniġ slúaġ mór ċuige, ionnas go ndeaċuiḋ sé a sdeaċ a luing, agus gur ṡuiḋ sé ar an ḃḟairge; agus do ḃí an slúaġ uile ar tír a naice na fairge.


Giḋeaḋ ni raiḃ a ḟios aca créd do ḋéunaidis: óir do ḃi an pobal uile ro-aireaċ air éisdeaċd risean.


Agus do ṫigeaḋ an pobal uile ċuige go moċ air maidin, déisdeaċd ris ann sa teampall.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ