Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 15:46 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

46 Agus do ċeannaiġ Ióseṗ línéadaċ fínealta, agus do leag sé a núas é, agus do ċuir sé an línéadaċ uime, agus do ċuir sé é a dtúama do ḃí ar na ṫoċailt a maċ as ċarraig: agus do iomluit sé léac ar ḋorus an túama.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

46 Agus ċeannuiġ Ióseṗ línéadaċ, agus ġá ṫaḃairt anuas, ċuaċ sé san línéadaċ é, agus leag sé é i dtuamba a ḃí gearrṫa amáċ as carraig, agus ṫionntuiġ sé cloċ ar ḃéal an tuamba.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

46 Agus do ċeannuiġ seisean brat línéadaiġ, agus do ṫóg sé anuas é, agus d’ḟill sé sa mbrat línéadaiġ é, agus do ċuir sé isteaċ i dtuama do ḃí gearrṫa as carraig; agus d’iontuiġ sé leac ṫar ḃéal an tuama.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

46 Agus do ċeannuiġ Ióseṗ línéadaċ agus ṫóg sé anuas ó’n gcrois é, agus d’ḟill sé sa línéadaċ é, agus ċuir sé isteaċ é i dtuama a ḃí gearrṫa a’ caraig, agus d’iompuiġ sé leac ċun doruis an tuama.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 15:46
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cred atá agad annso? agus cía atá agad annso, as ar ṡnoiġ tú túama amaċ ḋuit féin annso, do nós an té ṡnoiġios túama ḋó féin ar árd, agus ġráḃálas áit coṁnuiḋe ḋó féin a ccarruíc?


Agus do rinne sé a uáiġ ag na droċḋaóiniḃ, agus ag na saiḋḃriḃ ann a ḃás; do ḃríġ naċ déarna sé foiréigion ar biṫ, ní mó do ḃí cealg ar biṫ ann a ḃéul.


Agus, féuċ, do ḃí criṫ mór talṁan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tiġearna a núas ó neaṁ, táinic sé, agus diomlait sé an ċloċ ón dorus, agus do ṡuiġ sé uirrṫe.


Agus ar ḃfaġáil ḟiosa ón sentúrion, do ḃronn sé an corp do Ióseṗ.


Agus do ḃi Muire Ṁagdalén, agus Muire maṫair Ióses ag féuċain gá háit a gcuirfiḋ é.


Agus ar na ḃúain a núas dó, do ċuir sé linéadaċ na ṫimċeall, agus do ċuir sé a dtúama do ḃí ar na ṫoċailt a gcarraic é, ann naċ ar cuireaḋ áonduine roiṁesion a ríaṁ.


Uíme sin ṫáinig Iósa agus é a rís ag osnaiḋe ann féin, ċum an túama. Agus dob uáiṁ é, agus cloċ ar na cur ós a ċionn.


Uime sin do ṫógḃadar an ċloċ don áit a raiḃ an duine marḃ curṫa. Agus do ṫóg Iósa a ṡúile súas, agus a duḃairt sé, A Aṫair, do ḃeirim buiḋeaċus duit do ḃríġ gur éisd tú rium.


Agus an céd lá don tseaċdṁuin ṫáinig Muire Ṁagdalén ar maidin, ann sa dorċadas, ċum an túamá, agus do ċunnairc sí an lea car na tógḃáil ó túama.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ