Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 15:43 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

43 Táinic, Ióseṗ ó Arimatéa, coṁairleaċ onóraċ, agá raiḃ fós súil ré ríoġaċd Dé, agus do ċúaiḋ sé a sdeaċd go dána dionnsuiġe Ṗíoláid, agus do íarr sé corp Iósa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

43 Ṫáinic Ióseṗ ó Arimatéa, cóṁairleaċ uasal, a raiḃ súil aige-sean fosta le ríoġaċt Dé, agus ċuáiḋ sé isteaċ go dána ċuig Pioláit gur iarr sé corp Íosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 ṫáinig Seosaṁ ó Arimatéa, cóṁairleoir cóir, onóraċ, fear do ḃí ag súil le ríoġaċt Dé; agus do ċuaiḋ sé isteaċ go dána i láṫair Ṗíoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Ṫáinig Ióseṗ ó Arimataéa, duine uasal, decúrio, fear a ḃí ag súil le ríġeaċt Dé ċóṁ maiṫ le cáċ, agus ċuaiḋ sé isteaċ go dána i láṫair Ṗíláit, agus d’iarr se corp Íosa air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 15:43
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċd a tá mórán ar tosaċd ḃiás fa ḋeireaḋ; agus fa ḋeireaḋ ḃiás ar tosaċ.


Is mar sin béid na dáoine deiġionaċ air tosaċ, agus na céad dáoine air deireaḋ: oir a ta mórán ar na ngairm, agus beagan ar na dtoġa.


Aċd an tan do ḃí deireaḋ an láoi ann, táinic duine saiḋḃir ó Arimatéa, dár ḃainm Ióseṗ, do ḃí fós na ḋeisciobal ag Iósa:


Agus do lean Peadar a ḃfad úaḋ é, nó go raiḃ sé a sdiġ a halla a nárdṡagairt: agus do ḃí sé na ṡuiḋe a ḃfoċair na searḃḟoġantuiḋeaḋ, agus dá ġoraḋ ag an teiniḋ.


Agus do biongnaḋ lé Píoláid go mbiaḋ sé ċeana tar éis ḃáis: agus do ġoir sé an sentúrion, agus do ḟíafruiġ sé ḋe an fada ó fúair sé bás.


Agus, féuċ, do ḃí duine a Níarusaléim, dár ḃainm Símeon; agus do ḃí an fearso coṁṫrom diaḋa, agus a ṡúil ré coṁḟurtaċd Israel: agus do ḃí an Spíorad Náoṁ ann,


Agus táinic so do láṫair ar an úair gcéudna agus dadṁuiġ sí na ṫimċeall ré gaċ áon agá raiḃ súil ré fúasglaḋ an Iarusaléim.


Agus, féuċ, ṫáinic fear dar ḃainm Ióseṗ; do ḃí na ċoṁairleaċ, na ḋuine ṁaiṫ, agus na ḟírean:


Naċ a áontaiġ ḋá gcoṁairle ná dá ngníoṁ súd; ó Arimatéa caṫair do ṫír Iúduiġe: agá raiḃ suil fós ré rioġaċd Dé.


Agus tar éis, so, díarr Ióseṗ ó Arimatéa, (noċ do ḃí na ḋeísciobal ag Iósa, aċd go foluiġeaċd ar eagla na Níuduiḋeaḋ,) air Ṗíoláid go mbéuraḋ sé corp Iósa leis: agus tug Píoláid an cead sin do. Táinig seisean ann sin, agus rug sé leis corp Iósa.


Aċd do ḃrosduíġeadar na Iúdaiġe mná ríaġalta agus mácanta, agus náisle na caiṫreaċ, agus do ṫógadar gérleanṁuin ar Ṗól agus ar Ḃarnabas, agus do ċuireadar amaċ as a dtéorannaiḃ íad.


Uime sin do ċreideadar mórán díoḃ; agus mar an gcéudna mórán ban úasal do na Gréugaċuiḃ, agus fear leis, níar ḃeag.


Ionnus gur móide dánaċd na coda as mó do na dearḃraiṫriḃ sa Dtíġearna, ċum na bréiṫré do laḃairt go neiṁeaglaċ, an ṁeisneaċ do ġaḃadar ċuca as mo ċuiḃriġṫiḃse.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ