Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 15:34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus ann sa náoṁaḋ húair do éiġ Iósa do ġuṫ árd, ag ráḋ, Eloi, Eloi, lámá sabaċtáni? a se sin, ar na eidirṁíniuġaḋ, Mo Ḋía, mo Ḋía, créd fár ṫréig tú mé?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus ar an naoṁaḋ h-uair scairt Íosa amaċ de ġuṫ árd, ag ráḋ: Eloi, Eloi, lamma sabacthaní? Is é sin le ráḋ: A Ḋia, a Ḋia, cad ċuige ar ṫréig tú mé?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus sa naoṁaḋ h‐uair do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, Elóí, Elóí, Lamá sabaċtaní? is é sin, A Ḋia, a Ḋia, cad ċuige ar ṫréigis mé?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus sa naoṁaḋ tráṫ do ġlaoiḋ Íosa do ġuṫ árd: Elóí, Elóí, lamá sabactání? níḋ a míníġṫear mar seo: A Ḋia, a Ḋia, cad uime gur ṫréigis mé?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 15:34
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Mo Ḋía, mo Ḋía, cred fár ṫréigis mé? agus tú a ḃfad óm ṡlánuġaḋ, ó ḃriaṫruiḃ mo ġárṫa?


Ná foluiġ haġuiḋ uáim; ná fill ód ṡerḃíseaċ a ḃfeirg: bá tú mo ċaḃair: ná fág mé, agus ná tréig mé, a Ḋé mo ṡlánuiġṫe.


Déara mé ré Día mo ċarraic, Cred as ar ḋearmuid tú mé? cred fa nimṫiġim go doilġiosaċ ó ṡáruġaḋ mo náṁad?


Ag ráḋ, Do ṫréig Día é: inġreamuiġ agus gaḃaiḋ é; óir ní ḃfuil fear a ṫárṫála.


A nuáir íarrfuid na boiċt agus na ríaċdanuiġ uisge, agus naċ bía sin ann, agus go ḃfailleoċuiḋ a tteanga lé tart, cluinfiḋ misi an TIĠEARNA íad, misi Día Israel ní ṫréigfe mé íad.


¶ An ní gan suim ḋiḃ é, an ṁéid agaiḃsi uile ġaḃus láiṁ riom? féuċuiḋ, agus faiciḋ an ḃfuil dobrón ar bioṫ mar mo ḋóḃrónsa, noċ do rinneaḋ orum, ler smaċtaiġ an TIĠEARNA mé a ló a ḟeirge buirbe.


Cred fá ndearmaduiġeann tú sinne go bráṫ, agus fa ttréigion tú sinn an coṁḟadsa daimsir?


Fós, an feaḋ do ḃí mé ag laḃairt a núrnaiġ, an fear céadna Gábriel, noċ do ċonnairc mé annsa ḃfis ar tús, air ar tugaḋ eitiol do ḋéanaṁ go deiṫniosaċ, do ḃean sé riom a dtimċioll aimsire íoḋbarṫa an tráṫnóna.


Agus do ḃí dorċadas ar an dtalaṁ uile ón seiseaḋ húair go sóiṫe an náoṁaḋ húair.


Agus timċeall an náoṁaḋ húair do éiġ Iósa do ġuṫ ard, ag ráḋ, Elí, Elí, lama Sabactáni? sé sin re ráḋ, Mo Ḋía, mo Ḋiá, créd far ṫréig tú mé?


Agus do ḃí an treas úair ann, agus do ċroċadar é.


Agus a duḃradar cuid dá raiḃ na seasaṁ a laṫair, an tan do ċúaladar sin, Féuċ, a tá sé gairm Elías.


Agus do ḃí sé a dtimċeall an seiseaḋ húair, agus do rinneaḋ dorċadas ar an dtalaṁ uile gus a náoṁeaḋ húair.


Agus ar néiġeaṁ Díosa do ġúṫ ṁór, a duḃairt sé, A Aṫair, táoḃam mo spiorad ann do laṁaiḃsi: agus an tan a duḃarit sé na neiṫesi, do ċúaiḋ a spiorad ás.


Do ċonnairc sé go soilléir a dtáiḃse a dtimċeall a náoṁaḋ húair don ló aingeal Dé ag teaċd a steaċ ċuige, agus ag ráḋ ris, A Ċornéliuis.


Noċ a laéṫiḃ a ḟeóla, do ḟoráil úrnuiġe agus guiḋe maille ré héiġṁe láidir agus ré déuruiḃ ar an tí agá raiḃ cúṁaċda a ṡáorṫa ó ḃás, agus do héisdeaḋ ris mar an gcéudna tré na ḋéaġḟaitċeas:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ