Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 15:32 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Tigeaḋ Críosd Rí Israél a núas a nois as an gcroiċ, do ċum go ḃfaicfimís agus go gcréidfimís. Agus na dáoine do croċaḋ na ḟoċair tugadr aiṫis dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Taraḋ an Críost, Rí Israéil, anuas deʼn ċrois anois, go ḃfeicimíd agus go gcreidimíd. Agus iad-san a céasaḋ i n-aoinḟeaċt leis, ṫug siad aċṁusán dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Tigeaḋ an Críost, Rí Israel, anuas de’n ċroiċ anois go ḃfeicimís agus go gcreidimís. Agus na daoine do ḃí d’á gcéasaḋ i n‐éinḟeaċt leis, ṫugadar masla ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Tagaḋ Críost, rí Israéil, anuas de’n ċrois anois go ḃfeiceam agus go gcreideam. Agus an ḃeirt a ḃí céasda i n-a aice ṫugadar masla ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 15:32
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is marso a déir an TIĠEARNA Ríġ Israel, agus a ḟúascaltóir TIĠEARNA na slóġ; Is misi an céad, agus is mé an deiġionaċ; táoḃ aṁuiġ ḋíom ní ḃfuil Día ar biṫ.


Do ṫóig an TIĠEARNA do ḃreiṫeaṁnus díot, do ṫeilg sé amaċ do náṁuid: atá ríġ Israel, eaḋon an TIĠEARNA, ann do lár; ní ḟaicfiḋ tú olc ní is mó.


¶ Urġaírdiġ go mór, a inġean Ṡion: gáir, a inġean Ierusalem: féuċ, atá do Ríġ ag teaċt a tḟoċair: atá sé ceart, agus slánuġaḋ aige; go huirisiol, ag marcuiġeaċd air assal, agus air ḃromaċ searraċ assail.


Uime sin a nuile ġeinealaċ ó Abraham go Dáiḃi is ceiṫre ġeinealaċ dég iad; agus ó Ḋáiḃi go bruid na Babilóne ceiṫre glúine dég; agus ó ḃruide na Babilóne go Ċríosd ceiṫre glúine dég.


Do ḟóir sé ar ḋáoiniḃ eile; agus ní heidir leis é féin dḟóiriġin. Más é Rí Israél, tigeaḋ sé a núas a nois as an gcroiċ, agus creidfiomáoidne ḋó.


Agus tugadar na gaduiġṫe, do ċroċaḋ maráon ris, an scannail ċéadna ḋó.


Agus do ḃí tiodal a ċóire air na sgríoḃaḋ ós a ċionn, RI NA NIUDUIĠEAḊ.


Agus do ċroċadar días gaduiḋeaḋ na ḟoċair; fear ar a láiṁ ḋeis, agus fear ar a láiṁ ċlí.


Do ḟreagair Natánael agus a duḃairt sé ris, Rabbi, as tusa Mac Dé; as tú Rí Israél.


Do ġlacadar géuga pailme, agus do ċuádar a maċ do ṫeagṁáil air, agus do éiġṁeadar, Hosanna: As beannaiġṫe an té ṫig a nainm an Tiġearna Rí Isráel.


Oír créd é an ċúis má nár ċreideadar dream áiriġe ḋíoḃ? a ndéuna a neaṁċreideaṁsan fírinne Dé gan eifeaċd?


Noċ a dtáoḃ na fírinne do ċuáiḋ ar seaċrán ón gcóṁarṫa, ag ráḋ go ndeaċuiḋ a neiséirġe ṫoruinn ċeana; agus sgriosas creideaṁ ḋruinge áiriġe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ