Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 14:72 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

72 Agus do ġoir an coileaċ an dara húair. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar an ḟocal a duḃairt Iósa ris, Ní is táosga na ġoirfeas an coileaċ fá ḋó, séanfuiḋ tú misi trí húaire. Agus ar ndul a leiṫṫáoiḃ ḋó, do ġuil sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

72 Agus ar an ḃall scairt an coileaċ an dara h-uair. Agus ċuiṁniġ Peadar ar an ḟocal a duḃairt Íosa leis: Sul a scairtiḋ an coileaċ an dara h-uair, séanfaiḋ tusa mé fá ṫrí. Agus ṫoisiġ sé a ġol.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

72 Agus ar an láṫair do ġlaoḋ an coileaċ an dara h‐uair. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar an ḃfocal aḋuḃairt Íosa leis, Sara nglaoḋfaiḋ an coileaċ ḋá uair, séanfair mé fá ṫrí. Agus ag cuiṁniú air ḋó, do ḃris a ġol air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

72 Agus ansan do ġlaoiḋ an coileaċ an tarna h-uair. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar an ḃfocal aduḃairt Íosa: Sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ ḋá uair séanfair mé trí h-uaire. Agus ċrom sé ar ġol.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 14:72
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus do ġoin croiḋe Ḋáiḃi é féin tar éis na ndaoineaḋ áireaṁ ḋó. Agus a duḃairt Dáiḃi ris an TTIĠEARNA, Do ṗeacaiḋ mé go mór annsa ní do rinne me; agus a nios, guiḋim ṫú, a ṪIĠEARNA, glan do ṡearḃḟoġantuiġ óna éigceart; óir do rinne mé go ro leaṁ.


Iondus go ccuiṁneoċa tú, agus go mbía náire ort, agus naċ ḃfoisceola tú do ḃéul go braṫ ní as mó do ḃríġ do náire, an tan ḃías mé síoṫċánta riot ar son a nuile ní dá ndeárna tú, a deir an Tiġearna DIA.


Annsin cuiṁneoċṫaói ḃur ndroiċsliġṫe féin, agus fúaṫeoċuiḋ siḃ féin ion ḃur raḋarc féin, do ḃríġ ḃur néigceart agus do ḃríġ ḃur ngráineaṁlaċda.


¶ Aċt an ṁéid raċus as díoḃ raċaid as, agus béid ar na sléiḃtiḃ aṁuil coluim na ngleann, íad uile ag caoi, gaċ áon ar son a ṗeacaiḋ.


A duḃairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneaċ, Suil ġláoiḋfeas an coileaċ a noċd, séanfa tú mé trí húaire.


Agus a duḃairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneaċ, A niuġ, ann sa noiḋċe noċd féin, ní is táosga ná ġoirfeas an coileaċ fá ḋó, go séanfa tú mé trí húaire.


Aċd do ṡéan seisean sin, ag ráḋ, Ni ṫuigim, agus ní ḃfuil a ḟios agam créd a deir tú. Agus do ċúaiḋ sé a maċ don ṗóirsi; agus do ġoir an coileaċ.


Aċd do ṫionnsgain seisean ag malluġaḋ, agus mionnuġaḋ, Ní haiṫne ḋaṁ an duinesi a deirṫí.


Aċd a duḃairt Peadar, A ḋaine, ní ḃfuil a ḟios agam créd a deir tú. Agus ar an mball, an feaḋ do ḃí sé ag laḃairt, do ġoir an coileaċ.


Agus ar ndol amaċ do Ṗeadar, do ġuil sé go gér.


Oír an doilġeas ḃíos do réir Dé oibriġe sé aiṫriġe ċum slánaiġṫe naċ aiṫreaċ linn: aċd óibriġeann doilġeas an tsáoġáil bás.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ