Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 14:65 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

65 Agus do ṫionnsgnadar dream áiriġe gaḃáil do ṡeiliḋiḃ air, agus a aġaiḋ dfolaċ, agus dórna do ḃúalaḋ air, agus a ráḋ ris, Déana fáiḋeadóireaċd: agus do ġaḃadar na seirḃísiġ do ḃasuiḃ air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

65 Agus ṫoisiġ dream áiriṫe a ċaiṫeaṁ seileog air, a ḟolaċ a aġaiḋe, a ḃualaḋ le duirn, agus a ráḋ leis: Déan tairngireaċt: agus ḃí na searḃóntaí ġá ḃualaḋ le n-a mbosa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

65 Agus do ṫosnuiġ cuid aca ar ṡeilí do ċaiṫeaṁ air, agus ar a aġaiḋ d’ḟolaċ, agus ar a ḃualaḋ le dornaiḃ, agus iad ’g‐a ráḋ, Déan fáiḋeadóireaċt: agus do ġaḃ na h‐oifigiġ é agus iad ag gaḃáil de ḃuilliḃ baise air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

65 Agus do ċrom cuid acu ar ṡeilí ċaiṫeaṁ air, agus ar a aġaiḋ do ċlúdaċ agus ar é ḃualaḋ le dóirniḃ, agus deiridís: Targair: agus ḃí na seirḃísiġ ’ġá ḃualaḋ le n-a mbasaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 14:65
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Annsin ṫáinic Sedeciah ṁac Ċenaanah a ccoṁḟogus, agus do ḃúail sé Micaiah air an ngiall, agus a dúḃairt, Cá sliġe a ndeaċaiḋ Spiorad an TIĠEARNA úaimse do laḃaírt riotsa?


Annsin dfill an ríġ as gáirdín an ṗáláis go hionad fleiḋe a nfíona; agus do ṫúit Háman ar an leabuiḋ air a raiḃ Ester. Annsin a duḃairt an ríġ, A néigneoċuiḋ sé an ḃainríoġan mar an ccéadna as mo ċoinne annsa tiġ? Ar ndul a nfocail as béul an ríġ, dfolċadar aġuiḋ Háman.


Dfuaṫuiġeadar mé, teiṫid síad a ḃfad uáim, ní ċoiglid gaḃáil do ṡeiliġiḃ am éudan.


Ṫug mé mo ḋruim do na buáilteoriḃ, agus mo ġruaiḋe don druing do ṫarruing an fionnaḋ asta: níor ḟoluiġ mé mo ġnúis ó náire agus ó ṡeiliġiḃ.


Aṁuil mar do ḃeiṫ mórán ag maċtnaṁ ort; (do ḃí a ġnúis coiṁmillte sin ní is mó ná aonduine, agus a ḋealḃ ní is mó ná mic na ndaóine):


Atá sé ar na ṫarcuisniúġaḋ, agus ar na ṁíṁeas ag na daóiniḃ; duine doilġiosaċ, agus éolaċ ar ḋóbrón: agus foileoċamaoidne mur buḋ eaḋ ar naiġṫe úaḋ; do tarcuisniġeaḋ é, agus ní raiḃ meas aguinn air.


Anois cruinniġ ṫú féin a slúaġaiḃ, a inġean na slúaġ: do ċuir sé foslongṗort re ar naġaiḋ: buáilfid síad breiṫeaṁ Israel le slait air an ngrúaiḋ.


¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Muna ndearnaḋ a haṫair aċd seile do ṫeilgean na háġaiḋ, naċ biaḋ náire uirre seaċd lá? curṫar amaċ as an ċampa í seaċd lá, agus na ḋíaiġ sin glacṫar a steaċ í.


Agus an tan do ġaḃadar do ṡeiliġiḃ air, do ġlacadar an tslat ġiolcuiġ, agus do ḃúaileadar an a ċeann é.


Agus do ḋéunaid fonáṁad fáoi, agus sgíursfuid é, agus géuḃaid do ṡéiliḋiḃ air, agus cuirfid ċum báis é: aċd éiréoċuiḋ sé a ris an treas lá.


Agus do ḃúaileadar é an a ċeann lé giolcaċ, agus do ġaḃadar do ṡeiliḋiḃ air, agus ar léigean a nglún fúṫa, do rinneadar úṁla ḋó.


Agus an tan duḃairt sé na neiṫesi, dó ḃuáil óglaċ do na máoruiḃ do ḃí na ṡeasaṁ a láṫair bas ar Iósa, ag ráḋ, An mar sin ḟreagrus tú an tárdsagart?


Agus a duḃradar, Slainte ḋuit, a Rí na Níudaiḋeaḋ! Agus do ġaḃadar do ḃasaiḃ air.


Aċd do aiṫin Ananías an tárdsagart do na dáoiniḃ do ṡeas láiṁ ris a ḃúalaḋ ar a ḃéul.


Ag féuċuinn ar Iósa ceannṗort agus fear críoċnuiġe an ċreidiṁ; noċ ar son an tsóláis do cuireaḋ as a ċoṁair do ḟúlaing céusaḋ na croiṫe, ag gcur na masla a neaṁṡuim, agus do ṡuiġ ar deis árdċaṫaóire Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ