Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 14:61 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

61 Agus do ṫoċ seision, agus níor ḟreagair sé én ní. Do ḟíafruiġ an tárdsagart de a rís, agus a duḃairt sé ris, An tusa an Críosd Mac Dé Ḃeannuiġṫe?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

61 Aċt dʼḟan seisean ina ṫost agus ní ṫug sé aon ḟreagair uaiḋ. Agus ċeistiġ an t-árdṡagart é arís agus duḃairt leis: An tusa an Críost, Mac an Dé Ḃeannuiġṫe?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

61 Aċt d’ḟan seisean ’n‐a ṫost, agus ní ṫug sé freagra ar biṫ. Agus d’ḟiafruiġ an t‐árd‐ṡagart de arís, agus aduḃairt sé leis, An tusa Críost, Mac Dé Ḃeannuiġṫe?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

61 Aċ níor laḃair seisean agus níor ṫug sé aon ḟreagra. Agus do ċeistiġ an t-árdṡagart é, agus duḃairt sé: An tusa Críost Mac Dé ḃeannuiġṫe?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 14:61
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is beannuiġ ṫú, a ṪIĠEARNA: teagaisg ḋaṁ do reaċta.


Foillseoċa mé an reaċd: a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Is tú mo Ṁac; a niuġ do ġin mé ṫú.


Do ḃí mé balḃ, níor ḟoscáil mé mó ḃéul; do ḃríġ go ndéarna tusa é.


Do brúiġeaḋ, agus do gortuiġeaḋ é, giḋeaḋ níor ḟoscuil sé a ḃéul: tugaḋ mar úan ċum a ṁarḃṫa é, agus mar ḃios cáora balḃ a ḃfíaġnuisi ḟir a béarṫa, marsin níor ḟoscuil sé a ḃéul.


Agus ar ḃfreagra do Ṡímón Peadar a duḃairt sé, Is tusa Criósd, Mac Dé ḃí.


Agus féuċ gúṫ ó neaṁ, ag ráḋ, Ag so mo Ṁac gráḋaċ so, dá ḃfuil mo ṁórṫoil ann.


Agus, féuċm do éiṁġeadar, ag ráḋ, Créud é ar gcuídne ḋiót, a Iósa, Ṁic Dé? an dtainic tú ann so dár gcéusaḋne roiṁe a naimsir?


Agus ar néirġe na ṡeasaṁ a lár ċáiċ don arḋṡagart, do ċuir sé ceisd ar Iósa, ag ráḋ, An né naċ dtaḃair tú freagra ar biṫ úait? Créd fá ndéunaid so fíaḋnuisi ad aġaiḋ?


Agus do ḟiafruiḋ Pioláid ḋeisean, An tusa rí na Níuduiġeaḋ? Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ris, A deir tusa sin.


Agus do ċunnairc misi, agus do ním fíaḋnuisi gur ab é so Mac Dé.


Uime sin do ċruinniġeadar na Iúduiḋe na ṫimċeall, agus a duḃradar ris, Gá fad ċuinneóċas tú sinn a naṁarus? Más tú Críosd, innis dúinn é ós áird.


A nabarṫáoisi, ris an té do ḃeannuiġ an Taṫair, agus do ċuir sé úaḋ air a tsáoġal, Do ní tú blaisṗéime; do ḃriġ go nduḃairt mé, Gur mé Mac Dé?


Ar a naḋḃarsin a duḃairt Pioláid ris, Má seaḋ an rí ṫú? Do ḟreaguir Iósa, A deir tusa gur rí mé. Is ċuige so rugaḋ mé, agus is ċuige ṫáinig mé ar a tsáoġal, ionnus go ndéanuinn fínné don ḟírinne. Gaċ uile ḋuine atá ar ṫáoḃ na fírinne éisdiḋ sé mo ġuṫsa.


Do ḟreagradar na Iúduiḋe é, Atá dliġeaḋ aguinne, agus do réir ar ndliġiḋ as coir ḋó bás dfaġáil ar son go ndearna sé Mac Dé ḋe féin.


Agus do ċuáiḋ sé do ċúirt a rís, agus a duḃairt sé ré Híosa, Gá has duitsi? Aċd ní ṫug Iósa freagra air.


Agus a sé so an mball don sgríobtúir do léiġ sé, Mar ċáoiriḋ do rugaḋ ċum báis é; agus aṁail uáin na ṫoċd a ḃfíaḋnuise a nfir lomarṫa, is mar sin nár osgail sé a ḃéul:


Do réir ṡoisgéil ġlórṁair Dé ḃeannuiġṫe, do fágḃaḋ táoḃ riumsa.


Noċ ḟoillseoċas na ám féin, an tí atá beannuiġe eaḋon an Coíṁḋe cúṁaċdaċ na áonar, Rí na ríġṫeaḋ, agus Tíġearna na dtíġearnaḋ;


An tí, naċ dearnuiḋ anċaint, a naġuiḋ na hanċainte do rinneaḋ air; naċ dearnuiḋ bagair, ag fulang ḋo; aċd tug é féin a láiṁ an tí do ní breiṫeaṁnus go ceart:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ