Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 14:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus a duḃairt Iósa, Léigiḋ ḋi; créd fá gcuirṫí búaiḋreaḋ uirrṫe? do rinne sí obair ṁaiṫ oramsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Aċt duḃairt Íosa: Leigigiḋ dí; cad ċuige a ḃfuil siḃ ġá boḋraḋ? Tá déaġ-obair déanta aice orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Aċt aduḃairt Íosa, Leigiḋ ḋí; cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ díombuiḋeaċ ḋí? is gníoṁ maiṫ do rinne sí orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus duḃairt Íosa: Leigiḋ di. Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag casaoid léi? Is gníoṁ maiṫ atá déanta aici orm-sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 14:6
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní ḃéara arm ar biṫ dá ccuimeaċṫar buáiḋ ad aġaiḋsi; agus gaċ teanga dá néireoċuiḋ ad aġaiḋ daimneoċa tú í a mbreiṫeaṁnus. Así so oiġreaċd ṡeirḃíseaċ an TIĠEARNA, agus is uáimsi atá a ḃfíreantaċd, a deir an TIĠEARNA.


Agus an tan do aiṫin Iósa so, a duḃairt sé ríu, Créd fa gcuirṫí búaiḋreaḋ ar an mnáoi? oír do rinne sí obair ṁaiṫ am ṫimċeallsa.


Oír do béidir so do reic ar níos mó ná trí ċéd piġin, agus a ṫaḃairt do na boċdaiḃ. Agus do ḃádar roḋiomḋaċ ḋi.


Oír a táid boiċd ḃar ḃfoċair do ġnáṫ, agus giḋ bé húair ḃus toil liḃ, is éidir ḋáoiḃ maiṫ do ḋéanaṁ ḋóiḃ: aċd ní ḃía misi do ġnáṫ agaiḃ.


Agus do ḃí baindeisciobal áiriġe a Níoppá dar bainm Tabita, (ré a ráitear ar na eidirṁíniuġaḋ Dorcás:) do ḃí an ḃeansa lán do ḋeaġoibriḃ agus do ḋeirce do níoḋ si.


Oír ní hé an tí ṁólas é féin atá ionṁolta, aċd an to ṁoltar ón Dtiġearna.


Agus as cumusaċ Día ar siḃse do líonaḋ do na huile ġrásaiḃ; ionnas ar ḃfaġáil ḃur sáiṫ ḋaóiḃ a gcoṁnuiḋe do na huile neiṫiḃ, go líonfaḋ siḃ ċum gaċ uile ḋeaġoibre:


Oír as sinne a obairsion, air a gcrúṫuġaḋ a Níosa Críosd ċum déaġoibriġeaḋ, noċ do ullṁuiġ Día roiṁ láiṁ, ċum sinne do ṡiuḃal ionnta.


Ionnus go siúḃalfaḋ siḃ mar as cuḃaiḋ don Tíġearna maille ré sa ṫoil do ḋéunaṁ sna huile neiṫiḃ, ag taḃairt toruiḋ uáiḃ sa nuile ḋeaġobair, agus ag fás a néolas Dé;


Furtaċd do ḃur gcroiḋṫiḃ, agus go ndaingniḋe sé siḃ sa nuile ḃréiṫir agus ḋeaġobair.


Ar a raiḃ teisd ṁaiṫ as a deaġoibriġṫiḃ, má ġlac sí dáoine air aoiḋeaċd, má dionnuil sí cosa na náoṁ, má ṫug sí fóiriġṫin do luċd anṡoiġ, má lean sí do ġnáṫ gaċ déaġobair.


Máiṫ do ḋéunaṁ, ḃeiṫ sáiḋḃir a ndéaġoibriġṫiḃ, éusguiḋ fá na gcuid do ṫaḃair úaṫa, agus do róinn maille ré cumann;


Uime sin dá nglana neaċ ar biṫ é féin úaṫa so, biáiḋ sé na ṡoiṫeaċ ċum onóra, ar na ḋéunaṁ náoṁṫam oireaṁnaċ don Tíġearna, ullaṁ ċum gaċ uile ḋeaġoibre.


Ionnus go mbíaḋ óglaċ Dé diongṁalta, agus ullṁuiġe go hiomlán ċum na huile ḋéaġoiḃre.


Tug é féin air ar son, ċum ar bfúasgalta ó gaċ uile ṗeacaḋ, agus ċum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanaṁuil aige féín, ag leanṁuin go dúṫraċdaċ do ḋeaġoíbriġiḃ.


Taisbein ṫú fein sna huile neiṫiḃ ad eisiompláir ḋeaġoibriġṫeaḋ: maille ré teagusg neaṁṫruáilliġe, trómġa, fiórġlanaḋ,


Agus déunuid an dream as dínne mar an gcéudna fóġluim ar ḋeaġoibriġiḃ do ḋéunaṁ ċum na ngnáhuiġṫeaḋ riaċdanaċ, ionnus naċ beídis neaṁṫoruiḋeaċ.


As fírinneaċ an ráḋ so, agus is áill leam ṫú ḋeiṁniuġaḋ na neiṫeansa, ionnus go mbíaḋ an dream do ċreid do Ḋía ro ḋíṫċiollaċ a ndéaġoibriġiḃ do ḋéunaṁ. As íad so na neiṫe ṫéid a sóċar agus a dtarḃa do ḋáoiniḃ.


Agus tugam aire ḋá ċéile ionnus go mbéam ḋár mbrosduġaḋ féin ċum gráḋa agus deaġoibriġeaḋ:


Go ndéuna sé siḃ diongṁalta sa nuile deaġobair, ċum a ṫola do ḋéunaṁ, ag oibriuġaḋ ionnuiḃ an neiṫe as geanaṁuil na ḟíaḋnuise, tré Iósa Críosd; dá ḃfuil glóir go sáoġal na sáoġal. Amén.


Bíoḋ deaġċoinḃearsáid aguiḃ a measg na Gcineaḋaċ: ionnas a náit a niṫiomráiḋ do níd oruiḃ mar luċd miġníoṁ, go maḋ héidir ríu as ma déaġoibriḃ, do ċífid síad, glóir do ṫaḃairt do Ḋía sa lá na ḃfeuċfuiḋ orrṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ