Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 14:54 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

54 Agus do lean Peadar a ḃfad úaḋ é, nó go raiḃ sé a sdiġ a halla a nárdṡagairt: agus do ḃí sé na ṡuiḋe a ḃfoċair na searḃḟoġantuiḋeaḋ, agus dá ġoraḋ ag an teiniḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

54 Agus lean Peadar i ḃfad uaiḋ é go dtí go raiḃ sé istiġ i gcúirt an árdṡagairt, agus ṡtuḋ sé i ḃfoċair na searḃóntaí ag an teiniḋ, agus rinne sé a ġoraḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

54 Agus do lean Peadar é i ḃfad uaiḋ, nó go raiḃ sé istiġ i gcúirt an árd‐ṡagairt; agus do ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe i ḃfoċair na n‐oifigeaċ, ’g‐á ġoraḋ féin cois na teineaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

54 Agus do lean Peadar é, aḃfad siar, go dtí go raiḃ sé istiġ i halla an árd-ṡagairt, agus ḃí sé ’n-a ṡuiḋe i dteannta na seirḃíseaċ, ċun na teine, ’ġá ṫéiḋ féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 14:54
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċúaluiḋ Elias é, annsin dfoluiġ sé a aġaiḋ iona ḟalluing, agus do ċúaiḋ amaċ, agus do ṡeas a ndul a steaċ na húaṁa. Agus, féuċ, ṫáinic guṫ ċuige, agus a duḃairt, Cred do ní tú annso, a Elias?


¶ Agus ṫáinic sé annsin go húaṁuiġ, agus do rinne sé coṁnuiḋe ann; agus, féuċ, ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċuige, agus a duḃairt ris, Cred atá tú ḋéanaṁ annso, a Elias?


Ann sin do ċruinniġeadar úaċdaráin na sagart, agus na sgríobuiḋe, agus seinnsir an ṗobuil, go halla a nárdṡagairt, dá ngoiṫior, Cáiaṗas.


Agus do lean Peadar a ḃfad úaḋ é, go palais a nardṡagairt, agus ar ndul a sdeaċ ḋó, do ṡuiḋ sé a ḃfoċair na searḃḟoġantuiḋeaḋ, do ċum go ḃfaicfeaḋ sé an deireaḋ.


Déunaiḋ faire agus urnuiġe, do ċum náċ dteigeaṁaḋ a ccaṫuġaḋ siḃ. A tá an spiorad ullaṁ go deiṁin, aċd a tá an ċolann anḃfann.


Agus ar mbeiṫ do Ṗeadair ann sa halla ṡíos, ṫáínic áon do ċailíniḃ an ardṡadṡagairt:


Agus ar mbeiṫ a nanḃuain ṁóir ḋósan do rinne sé urnuiġe ní as díṫċiolluiġe: agus do ḃí a allas mar ḃráona mora fola ag tuitim ar talaṁ.


Aċd ar mbreiṫ airsion, rugadar léo é, go tiġ an ardṡagairt. Agus do lean Peadar a ḃfad úaḋ é.


Agus do ḃádar na searḃḟoġantuiḋe agus na hoifigiḋ na seasaṁ ag an dteiniġ, óir do ḃí an ainmsír fúar, agus do ḃádar dá ngoraḋ féin: Agus do ṡeas Peadar mar an gcéudna, da ġoraḋ na measg.


Agus do ḃí Siomón Peadar na ṡeasaṁ agus dá ġoraḋ féin. Uime sin a duḃradarsan ris, Naċ dá ḋeisciobluiḃ súd ṫusa leis? Do ṡéan seisean, agus a duḃairt sé, Ní heaḋ.


Agus do ċuadar cuid do na Heaḃruiḋiḃ a nonn tar Iordan go tír Ġad agus Ġíléad. Agus ar son Ṡauil, do ḃí se fós a Ngilgal, agus do leanadar na dáoine uile é ar coiṁċriṫ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ