Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 14:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 A tá Mac an duine ag imṫeaċd go firinneaċ, mar a tásgríoḃṫa air: aċd is anáoiḃinn don ḟear úd lé a mbraiṫṫear Mac an duine! do bfearr do nfearsin náċ beirṫí e ríaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus téid Mac an Duine go deiṁin do réir mar atá scríoḃṫa fá dtaoiḃ de; aċt is mairg doʼn duine sin le n-a mbraiṫfear Mac an Duine; bʼḟeárr doʼn duine sin dá mḃéaḋ sé gan a ṫeaċt ar an tsaoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Óir atá Mac an Duine ag iṁṫeaċt, fá mar atá scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ: aċt monuar do’n ḟear sin tré n‐a mbraiṫtear Mac an Duine! do b’ḟearr do’n ḟear sin dá mba naċ rugaḋ é ariaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Is fíor go ḃfuil Mac an Duine ag imṫeaċt, fé mar atá sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ; aċ is ró-ṁairg do’n ḟear san tré a ndéanfar Mac an Duine do ṫaḃairt suas. B’ḟearra ḋo’n ḟear san ná tiocfaḋ sé riaṁ ar an saoġal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 14:21
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus cuirfe misi náṁadus eadrad agus an ḃean, agus eidir do ṡíol agus a síolsa; brúiġfiḋ sé do ċeannsa, agus brúiġfiḋ tusa a ṡálsan.


Gaḃaḋ an bás sealḃ orra, tíaġaid síos go hifrionn béo: óir atáid uilc iona ccoiṁṫionól, íona meaḋón.


Aṁuil mar do ḃeiṫ mórán ag maċtnaṁ ort; (do ḃí a ġnúis coiṁmillte sin ní is mó ná aonduine, agus a ḋealḃ ní is mó ná mic na ndaóine):


Seaċtṁoġad seaċtṁuin do cinneaḋ air do ṗobal agus air do ċaṫruiġ náoṁṫa, do ċur críċe air a tsáruġaḋ, agus críoċ do ċur air ṗeacaḋuiḃ, agus do ḋéanaṁ síoṫċána ar son éigceirt, agus do ṫaḃairt fíréantaċda síorruiḋe a steaċ, agus do ṡéulaḋ na fise súas agus na tairrġire, agus dungaḋ an té is ro Náoṁṫa.


Agus tar éis dá ṡeaċdṁuin agus trí fiṫċid géarfuiġear amaċ Messiah, aċt ní ar a ṡon féin: agus scriosfuiḋ pobal an ṗrionnsa ṫiucfas an ċaṫair agus an tsanctóir; agus biáiḋ a ccríoċ sin lé tuile, agus go deireaḋ an ċogaiḋ do cinneaḋ a náonranaċt.


¶ Múscail, a ċloiḋiṁ, a naġuiḋ máoḋaire, agus anaġaiḋ an duine ar bé mo ċompanaċ, a deir TIĠEARNA na slóġ: buáil an táoḋaire, agus scánruiġ na caóiriġ: agus fillfe me mo láṁ air na húanuiḃ beaga.


Aċd cionnas do coiṁlíonfuiḋṫe mar sin na sgrioptúirí, gur ab mar so is éigin a ḃeiṫ.


Aċd táinic so uile ċum críċe, ionnas go gcoiṁlionfuiḋṫe sgrioptúiriḋe na ḃfáiḋeaḋ. Ar na ṫréigean dá ḋeiscíobluiḃ uile ann sin, do ṫeiṫeadar.


Agus ar ḃfregra ḋósan a duḃairt sé riú, Is fear don dá ḟear ḋéug é, ṫumas maráon riumsa sa meis.


Agus ar mbeiṫ ag caoṫeaṁ bíḋ ḋóiḃsean, do ġlac Iósa arán, agus tar eis a ḃeannaiġṫe, do ḃris sé, agus tug sé ḋóiḃsean é, agus a duḃairt sé, Glacaiḋ, iṫiḋ: is sé so mo ċorpsa.


Do ḃí mé gaċ éanlá aguiḃ sa teampall ag teagasg, agus níor ġlacaḃuir mé: Aċd is éigin na sgríobtuiriḋ do ċoiṁlíonaḋ.


Agus imṫigiḋ Mac an duine go deiṁin, do réir mar do hórduiġeaḋ: giḋeaḋ is mairg don duine úd lé mbraiṫtear é!


Agus a duḃairt sé ríu, Ag so na briaṫar do laḃair mé riḃ, a núair do ḃí mé fós ḃar ḃfoċair, gur ab éigin na huile neiṫe atá sgríoḃṫa a reaċd Ṁáoisi, agus ann sna fáiġiḃ, agus ann sna salmuiḃ, am ṫimċeallsa do ċoiṁlíonaḋ.


Tar a éisi sin, ar na aiṫne Díosa go raiḃ gaċ uile ní ar na ċríoċnuġaḋ, ionnus go gcoiṁlíonfuiḋe an sgríobtúir, a duḃairt sé, Atá tart oram.


Do ġlacaḋ ionuid na miniosdrálaċda so agus na habsdaltaċda, ó a ndeaċuiḋ Iúdas ar seaċrán, ionnus go raċaḋ sé ḋá ionad féin.


An fearso, ar mbeiṫ ar na ṫoirḃirt tré ċoṁairle ċinte agus tré réiṁḟeaċuin Dé, do ġaḃ siḃse, agus ar na ċéasaḋ lé laṁaiḃ droċḋáoine do ṁarḃaḃair é:


Oír do ċruinniġeadar gan ċonntaḃairt a ḃfoċair a ċéile, sa ċaṫraiġse, Ioruaiḋ, agus Poinnsius Píoláid, maille ris na Cineaḋaċuiḃ, agus ré puibleaċaiḃ Israél, a naġaiḋ do Ṁic náomṫa Iósa, noċ do óng tú,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ