Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 14:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus an tan do ṡuiḋeadar agus do ċaiṫeadar bíaḋ, a duḃairt Iósa, A deirim riḃ go fírinneaċ, Go mbraiṫfi fear ḋíḃ misi noċ a tá ag iṫe bíḋ am ḟoċair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Agus nuair a ḃí siad ina suiḋe agus ag caiṫeaṁ bíḋ, duḃairt Íosa: Amén adeirim liḃ, go mbraiṫfiḋ duine agaiḃ atá ag iṫe i mo ċuideaċta mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus nuair do ḃíodar ’n‐a suiḋe agus ag iṫe, aduḃairt Íosa, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Atá duine agaiḃ‐se, atá ag iṫe im ḟoċair, agus braiṫfiḋ sé mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus nuair a ḃíodar ’n-a suiḋe agus ag iṫe, duḃairt Íosa: Go deiṁin a deirim liḃ, tá duine agaiḃ-se, atá ag iṫe am ṫeannta, agus díolfaiḋ sé mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 14:18
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Fear mo ṡíoṫċána, fós, iona raiḃ mo ḋóiġ, noċ a duáiġ marán, do ṫog sé súas a ṡál am aġaiḋ.


Agus ar mbeiṫ ag iṫe bíḋ ḋóiḃ, a duḃairt sé, A deirim riḃ go firinneaċ, go mbraiṫfi fear ḋíḃ misi.


Oir a deirim riḃ go firinneaċ, No go ndeaċaiḋ neaṁ agus talaṁ ṫort, ní raċaiḋ éan iota na áonṗunc don dliġeaḋ ṫort, nó go gcoiṁlíontar gaċ éin ní.


Agus an tan do niṫi trosgaḋ, na biḋiḋ grúama, mar luċd an ḟúarċraḃáiḋ: óir dorċuiḋid siád a naiġṫe, do ċum go maḋ follus dona dáoiniḃ iád do ṫrosgaḋ. A deirimsi riḃ go fírrineaċ, Go ḃfuil a ttúarasdal aca.


Ar a naḋḃarsin a núair do ní tú déirc, mar do ní luċd an ḟúarċráḃaiġ ann sna sionagógaiḃ agus ann sna sraideannaiḃ, do ċum go ḃfuiġidís glóir ó ḋaóiniḃ. Go firinneaċ a deirimsi riḃ, Go ḃfuil a dtúarasdal aca.


Agus an tan do ní tú urnuiġe, na bi mar luċd an ḟúarċrábbaiġ: óir is ionṁain léo urnuiġṫe ḋeúnaṁ sna sionagógaiḃ agus a gcoṁrac na ród na seasaṁ, do ċum go ḃfaicfidis na dáoine iád. Go deiṁin a deirimsi riḃ, Go ḃfuil a dtúarusdal aca.


A deirim riḃ go fírinneaċ, giḋ bé naċ géuḃa rioġaċd Dé ċuige mar leanaḃ, naċ raċa sé a sdeaċ go braṫ innti.


Aċd ar ḃfreagra Díosa, a duḃairt sé, A deirim riḃ go fírinneaċ, naċ ḃfuil éin neaċ ḟuigfeas a ṫiġ, nó a ḋearḃráiṫreaċa, nó a ḋeirḃṡeaṫraċa, nó a aṫair, nó a ṁáṫair, nó a ḃean, nó a ċlann, nó a ḋúṫaiḋ, ar mo ṡonsa, agus ar son an tsoisgéil,


Agus ar dteaċd don tráṫnóna ṫáinic seision maille ris an dá ḟear ḋéug.


Agus do ṫionnsgnadarsan ḃeiṫ go duḃaċ, agus ag ráḋ ris a ndíaiġ a ċéíle, An misi é? agus fear eile, An misi é?


A deirim riḃ go fírinneaċ, Naċ ioḃa mé feasda do ṫoraḋ na fíneaṁna, go nuige an lá úd an a nioḃa mé núa é a rioġaċd Dé.


A deirimsi riḃ go fírinneaċ, Giḋ bé ar biṫ ball ar feaḋ an doṁain uile an a ndéantar an soisgeulsa do ṡeanmóir, go ninnéosdar an nísi do rinne sisi leis mar ċuiṁne uirrṫe.


A deirim riḃ go fírinneaċ, Go maiṫfiṫear na huile ṗeacaḋ do ċlannuiḃ na ndáoine, agus gaċ blaisṗéime dá laiḃéoruid:


Agus giḋ bé ar biṫ naċ géuḃa siḃ, agus naċ éisdfi riḃ, ar nimṫeaċd diḃ as sin, craiṫiḋ an lúaiṫreaḋ ḃías fá ḃar gcosaiḃ mar ḟíaḋnuisi na naġuiḋ. Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Gur fá socaṁluiġe de Ṡodom nó do Ġomorra a ló an ḃreiṫeaṁnuis, ná don ċaṫruiġ sin.


Agus ar ndéunaṁ osna ḋósan an a spioraid, a duḃairt sé, Créd fá níarrann an cineaḋ so coṁarṫa? a deirim ríḃ go fírinneaċ, Naċ dtioḃarṫar coṁarṫa don ċineaḋ so.


Agus a duḃairt sé ríu, Go fírinneaċ a deirimsi riḃ, Go ḃfuil cuid dá ḃfuil na seasaṁ ann so do laṫair, naċ blaisdi bás, no go ḃfaicid síad ríoġaċd Dé ag teaċd maille ré cuṁaċduiḃ.


Oír giḋ bé neaċ do ḃéura cupán uisge ré na ól dáoiḃsi am ainmsi, tré gur ab lé Críosd siḃ, a deirim riḃ go fírinneaċ, naċ léigfi sé a lúaiḋeaċd a muġa.


O ḟuil Abéil go fuil Ṡaċarías, do marḃaḋ éidir a naltóir agus an teampoll: go firinneaċ a deirim riḃ, go leanfuiġear é ar an gcineaḋso.


Aċd, féuċ, láṁ an té ḃraiṫeas misi am ḟoċair ar an mbórd.


Agus a duḃairt seision, A deirim riḃ go deiṁin, Náċ ḃfuil cion ar ḟáiḋ ann a ṫír féin.


Agus a duḃairt sé ris, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Go ḃfaicfiḋe ó so amaċ neaṁ osgailté, agus aingil Dé ag dul súas agus ag teaċd a núas ar Ṁac an duine.


Ní laḃruim oruiḃ uile: atá a ḟios agum cía an dream do ṫoġ mé: aċd do ċum go gcoiṁlíonfuiḋe an sgríobtúir, An té ata ag iṫe aráin am ḟoċair, do ṫóg sé a sbál am aġaiḋ.


Ar na ráḋ so Díosa, do ḃí sé buaiḋearṫa na sbioraid, agus do rinne sé fínne, agus a duḃairt sé, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, go mbraiṫfi áon dáoiḃ misi.


Uime sin dféuċadar na deisciobail ar a ċéile, ag déunaṁ aṁaruis cía air ar laḃuir sé.


Do ḟreagair Iósa é, An gcuirfe tú ṫanam ar mo ṡonsa? Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, Ní ġoirfe an coileaċ suil ṡéanfas tú mé trí huáire.


Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, An tan do ḃí tú ní as óige, do ċurṫá féin do ċrios ṫort, agus do ċiúḃaltá mar a dtogarṫá féin: aċd an tan ḃías tú arrsuiḋ, sínfe tú do láṁa amaċ, agus cuirfe duine eile do ċrios ṫort, agus tréoróċaiḋ sé ṫú, a náit naċ áill leaċd.


Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, Go laḃramáoid an ní as fios dúinn, agus go mbeirmíd fíaḋnuisi ar an ní do ċuancamar; aċd ní ġaḃṫáoisi ar ḃfíaḋnuisi.


Do ḟreaguir Iósa agus a duḃairt sé ris, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, Muna ġeintear duine a rís, naċ éidir leis rioġaċd Dé dfaicsin.


Do ḟreagair Iósa, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riot, Muna raiḃ neaċ ar na ġeineaṁuin ó uisge agus on Spioruid, ní heidir leis dul a sdeaċ a rioġaċd Dé.


Ar a naḋḃarsin do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé riú, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Naċ éidir leis an Mac éinní a ḋéunaṁ uáḋ féin, aċd an ní ċí sé ag a Naṫair dá ḋéunaṁ: oír giḋ bé neiṫe do ní seision, do ní fós an Mac iád mar an gcéadna.


Do ḟreagair Iósa ḋóiḃ agus a duḃairt sé, Go deiṁin, deṁin a deirim riḃ, go niárrṫáoi mé, ní tré go ḃfacaḃair na coṁarṫuiḋe, aċd tré gur iṫeaḃair na haráin agus gur sásaḋ siḃ.


Ar a naḋḃarsin a duḃairt Iósa riú, Go deiṁin, deiṁin, a deirim ríḃ, Naċ é Máoise ṫug an tarán ó neaṁ ḋíḃ; aċd Maṫairsi do ḃeir ḋáoiḃ an tarán firinneaċ ó neaṁ.


Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, An té ċreideas ionnumsa atá an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ aige.


Do ḟreagair Iósa ḋóiḃ, An é nar ṫoġasa siḃsi an dá ḟear ḋéug, agus atá fear agaiḃ na ḋíaḃal?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ