Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 13:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus ar mbeiṫ na ṡuiḋe ḋó ar ṡlíaḃ na Noluiġeaḋ as coṁair an teampuill, do ḟiafruiġ Peadar agus Séumas agus Eóin agus Aindrías ós íseall de,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus nuair a ḃí sé ina ṡuiḋe ar Ṡliaḃ na gCrann Ola ós coinne an teampaill, ċeistiġ Peadar agus Séamus agus Eoin agus Aindrias i leat taoiḃ é:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ’n‐a ṡuiḋe ḋó ar ċnoc na nOla‐ċrann os cóṁair an teampaill, d’ḟiafruiġ Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus Aindrias de, ar leiṫliġ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus ḃí sé ’n-a ṡuiḋe ar Ċnoc na n-Olaċrann ar aġaiḋ an teampail, agus ḃí Peadar agus Séamus agus Eóin agus Aindrias ’ġá ḟiafraiġe ḋe, ar leiṫliġ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 13:3
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tangadar a ḋeisciobuil ċuige, agus a duḃradar ris, Créd fa laḃrann tú riu a gcosaṁlaċduiḃ?


Air léigean an tsuáiġ úaḋ an tansin, ṫáinic Iósa a sdeaċ a dtiġ: agus tangadar a ḋeisciobail ċuige, ag ráḋ, Míniġ ḋúinne cosaṁlaċd ċogail an ḟearainn.


Agus a gcionn sé lá beiriḋ Iósa Peadar, agus Séumas, agus Eóin a ḋearḃráṫair, agus tréoruiġiḋ sé íad ar leiṫ go slíaḃ árd,


Agus an tráṫ do ḋruideadar ré Híarusalem, agus tangadar go Betṗáge, go slíaḃ na noluiḋeaḋ, ann sin do ċuir Iósa diás deisciobal úaḋ,


Agus ar suiġe ḋó ar ṡlíaḃ na noluiḋeaḋ, do ċúadar a ḋeisciobuil ċuige go prioḃáideaċ, ag ráḋ, Innis dúinne, gá húair ṫiocfuid na neiṫesí ċum criċe, agus créd é coṁarṫa do ṫeaċdasa, agus ḋeiriḋ an tsáoġail?


Agus tangadar Séumas agus Eóin, mic Ṡebedé, ċuige, ag ráḋ, A Ṁaiġisdir, is sí ar dtoil go ndéantá ḋúinn giḋ bé ní íarrfam ort.


Innis dúine, gá tráṫ ṫeigéuṁuid na neiṫe so? agus créd é an coṁarṫa ḃías an tan ċrioċnóċṫar na neiṫe so uile?


Agus rug sé Peadar agus Séumas agus Eóin leis, agus do ṫionnsgain sé ḃeiṫ go criṫeaglaċ brónaċ;


Agus níor laḃair sé ríu aċd a gcosṁalaċdaiḃ: aċd ċeana do ṁíniḋ sé gaċ uile ní dá ḋeisciobluiḃ féin ar leiṫ.


Agus níor ḟulaing sé neaċ ar biṫ ḋá leanṁuin, aċd Peadar, agus Séumus, agus Eóin dearḃráṫair Ṡéumuis.


Agus a gcionn sé lá na ḋíaiġsin, rug Iósa Peadar, agus Séumas, agus Eóin leis, agus do ṫréoruiġ sé íad na náonar fá leiṫ go slíaḃ ro árd: agus do háṫruiġeaḋ a ċrúṫ na ḃfíaḋnuisi:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ