Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 13:27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Agus cuirfiḋ sé a aingil an tansin, agus cruinnéoċuiḋ sé a ḋáoine toġṫa fein ó na ceiṫre gáoṫaiḃ, ó leiṫimeal na talṁan go leiṫimeal neiṁe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 Agus annsin cuirfiḋ sé a aingle amaċ, agus cruinneoċaiḋ sé a ḟíréin as na ceiṫre h-áirde, ó ḟír-imeall talaiṁ go fír-imeall neiṁe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus annsin cuirfiḋ sé a aingil amaċ, agus cruinneoċaiḋ sé a ḟíréin ó na ceiṫre gaoṫaiḃ, ó ḟír‐imeall an doṁain go fír‐imeall neiṁe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Agus ansan cuirfiḋ sé a aingil amaċ agus cruinneóċaiḋ sé a ḟíoraoin ó sna ċeiṫre gaoiṫiḃ, ó ḟíor-imeall an tailiṁ go fíor-imeall neiṁe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 13:27
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní ḋeileoċuiḋ an tslat roġa ré Iudah, nó dliġṫaḃairṫoir ó ḃeiṫ eidir a ċosuiḃ, nó go ttiucfa Síloh; agus is ċuigesion ḃías cruinniuġaḋ na ndaóine.


Agus do ḃéara mé amaċ síol as Iácob, agus as Iúdah oiġre ar mo ṡléiḃtiḃ: agus géaḃuid mo roiġne a oiġreaċd, agus áitreoḃuid mo ṡeirḃísiġ ann.


¶ Ho, ho, tigiḋ amaċ, agus teiṫiḋ ón ttír ṫúaiġ, a deir an TIĠEARNA: óir do leaṫnuiġ misi amaċ ṫú mar ċeiṫre gaoṫa neiṁe, a deir an TIĠEARNA.


Eíreoċuiḋ bainríoġan an táoiḃe buḋ ḋead a mbreiṫeaṁnus leis an ngeinealaċso, agus daimnéoċuiḋ sí é: óir ṫainic sisí ó leiṫimealuiḃ na talṁan déisdeaċd re heagna Ṡolaiṁ; agus, féuċ, a tá neaċ as mó ná Solaṁ ann so.


Cuirfiḋ Mac an duine a aingil féin, agus cruinneoċuid síad as a rioġaċd gaċ uile scannail, agus an dream do ní éagcóir;


Is mar sin ḃías a ndeireaḋ an tsáoġail: raċaid na haingil a maċ, agus dealóċuid na droċḋáoine as lár na ḃfíréanaċ,


Agus muna ngearruiġṫi na laéṫe úd, ní raċaḋ féoil ar biṫ as: aċd gearrfuiġṫear na laéṫe úd ar son na ndáoine toġṫa.


Oír eiréoċuiḋ Críosdanna fallsa, agus fáiḋ fallsa, agus do ḋeánuid coṁarṫuiḋe agus miorḃuile móra; ionnas go meallfuid síad (da maḋ éidir é) na dáoine toġṫa féin.


Agus cuirfiḋ sé a aingil le trompa agus lé guṫ mór, agus cruinneoċuid síad a ḋáoine toġṫasan ó na ceiṫre gáoṫaiḃ, ó leiṫimeal neiṁe go soiṫe an leiṫimeal eile ḋe.


Agus muna ngearruiġeaḋ an Tiġearna na laéṫe úd, ní raċaḋ éin ḟéoil as: aċd ar son na ndáoine toġṫa, do ṫoġ sé, do ġearraiḋ sé na laéṫe úd.


Oír éiréoċuid Críosdanna fallsa agus faiḋe fallsa, agus do ḋéunuid coṁarṫuiḋe agus míorṁuile, do ṁeallaḋ, na ndáoine toġṫa féin, dá maḋ éidir é.


Agus foġlomuiḋ cosamlaċd ón ċrann fíge; An tráṫ ḃíos a ġéag máoṫ, agus ḟásas a ḋuilleaḃar, a tá a ḟios agaiḃ gur ab fogus an saṁraḋ:


Agus tárla, go ḃfuair an duine boċd bás, agus gur iomċradar na haingil go huċd Abraṁam é: agus mar an gcéadna fuáir an duine saiḋḃir bás, agus do haḋluiceaḋ é;


A né naċ déana Diá dioġaltas ar son a ḋáoine toġṫa féin, éiṁġeas air do lá agus doiḋċe, ge atá foiġid aige na ttimċeall?


Agus atáid cáoiriġ eile agam, naċ don ċróso: agus caiṫfiḋ mé iád sin leis do ṫaḃairt leam, agus ésdfid siád mo ġúṫ; agus biáiḋ áonċró aṁáin, agus áonáoḋaire aṁáin ann.


Agus ní ar son an ċiniḋsin aṁain, aċd fós do ċum go gcruinneoċaḋ sé a cceann a ċéile clan Dé do ḃí ar na leaṫnuġaḋ.


Cía ċuirfeas coirṫe a naġuiḋ ḋáoine toġṫa Dé? A sé Día ṡáoras.


Má ḋíbearṫar éanċuid agud don ċuid is faide uáit don doṁan, cruinneoċuiḋ do ṪIĠEARNA Día as sin ṫú, agus do ḃéara sé as sin ṫú:


Uime sin cuiriḋ iomuiḃ, mar ċloinn ṫoġṫa, náoṁṫa ionṁuin Dé, inniġe trócaire, cáoine, úṁlaċd inntinne, ceandsaċd, agus foiġid;


Agus íarrmuid daṫċuinġe oruiḃ, a ḋearḃraiṫe, tré ṫeaċd ar Dtiġearna Iósa Críosd, agus ar gcoṁċruinniġne ċuigesion,


Uime sin iomċruim na huile neiṫer ar son na druinge atá ar na dtoġa, ċuni an tslánaiġṫe atá a Niósa Críosd do ġnóḋuġaḋ ḋóiḃsion mar an gcéudna maille ré glóir sbíorruiḋe.


Ar na dtóġa do réir réiṁḟios Dé Aṫar, ċum náoṁṫaċda na Sbioruide, tré úṁlaċd agus croṫaḋ fola Iósa Críosd: Grása, agus síoṫċáin, go ró líonṁar maille riḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ