Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 12:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Aċd a duḃradar na sgológa eatorra féin, Is é so an toiḋre; tigiḋ, marḃum é, agus buḋ linn féin an oiḋreaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Aċt duḃairt na feirmeoirí le n-a ċéile: Is é seo an t-oiġre: taraigiḋ, cuirimís ċun báis é, agus béiḋ an oiġreaċt againn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Aċt aduḃairt na scológa le n‐a ċéile, Is é seo an t‐oiġre; téanam, marḃaimís é. Agus béiḋ an oiġeaċt againne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Aċ duḃairt an luċt saoṫruiġṫe le n-a ċéile: Sidé an t-oiġre; téanam, cuirimís ċun ḃáis é, agus beiḋ an oiġreaċt againn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 12:7
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus cuirfe misi náṁadus eadrad agus an ḃean, agus eidir do ṡíol agus a síolsa; brúiġfiḋ sé do ċeannsa, agus brúiġfiḋ tusa a ṡálsan.


Déanam a nois, ar a naḋḃarsin agus marḃam é, agus teilgeam a bpoll éigin é, agus a déaram, Gur ṁarḃ droċḃeiṫeaċ éigin é: agus do ċífeam créud ṫiucfas dá aislingiḃ.


Is marso a deir an TIĠEARNA, Fuáscaltóir Israel, agus a Aón Náoṁṫa, ris an té air a mbí tarcuisne ag duine, ris an té air a mbí gráin ag cinéaḋaċaiḃ, re seirḃíseaċ úaċdarán, do ċífid ríġṫe agus éireoċuid, aḋoruiḋ prionnsaḋa mar an ccéadna, do ḃríġ an TIĠEARNA atá díleas, agus Aon Náoṁṫa Israel, noċ do ṫoġ ṫusa.


Ann sín an tan do ċonnairc Iorúaiṫ, go ndearnadar na dráoiṫe fonóṁad faoi, do las sé lé feirg, agus ar gcur úaḋ, do ṁarḃ sé a raiḃ do leanbaiḃ-fear a Mbetleem, agus ann a teórannaiḃ uile, ó áois ḋá mblíaḋan nó fáoi, do reír na haimsire dfoġluim sé go diṫċiollaċ ó na dráoiṫiḃ.


Agus an tráṫ do ḋruid aimsear na dtórṫa riu, do ċuir sé a ṡeaḃḟoġantuiḋe ċum na sgológ, do ġlacaḋ na dtórṫa.


Agus do iarradarsan breiṫ air, aċd do ḃí eagla an ṗobail orrṫa: óir do ṫuigeadar gur ab na naġaiḋ féin a duḃairt sé an ċosaṁlaċd sin, agus ar na ḟagḃail do imṫiġeadar rompa.


Aċd do ḃí aige fós éun ṁac, a ṁáin ionṁuin, agus do ċuir sé éisean mar an gceadna ċuca fá ḋeireaḋ, ag ráḋ, Do ḃéuruid síad onóir dom ṁac.


Agus ar mbreiṫ air, do ṁarḃadar é, agus do ṫeilgeadar as an ḃfíneaṁain a maċ é.


An fearso, ar mbeiṫ ar na ṫoirḃirt tré ċoṁairle ċinte agus tré réiṁḟeaċuin Dé, do ġaḃ siḃse, agus ar na ċéasaḋ lé laṁaiḃ droċḋáoine do ṁarḃaḃair é:


Ag ráḋ, A né nar áiṫneamairne go róḋiṫċeallaċ ḋíḃ gan teagusg do ḋéunaṁ sa nainmse? Agus, féuċ, do líonaḃair Ierusalem le ḃur dteasusg, agus as mían liḃ fuil an duinese do ṫairruing oruinne.


Cía do na fáiḋiḃ nar ḋíḃreadar ḃur náiṫreaċa? agus do ṁarḃadar an dream do réuṁḟoillsiġ teaċd an Táon Firéin úd; agá raḃaḃairse a nois ḃur luċd braṫa agus dúnṁarḃṫa:


Do laḃair sé rinne sna laéṫiḃ deiġeanaċasa trés an Mac, do órduiġ sé na oiġre air a niomlán, tré ar ċrúṫuiġ sé fós an dóṁan;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ