Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 12:31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Agus is cósṁuil ría so, an dara haiṫne, Gráiḋéoċuiḋ tú do ċoṁarsa mar ṫú féin. Ní ḃfuil áiṫne eile ann is mó ná íad so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

31 Agus is cosaṁail léi an dara ceann: Gráḋóċaiḋ tú do ċóṁarsa mar ṫú féin. Ní ḟuil aiṫne eile ann is mó ná iad seo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Is í an dara h‐aiṫne, Gráḋfaiḋ tú do ċóṁarsa mar tú féin. Ní ḟuil aiṫne eile is mó ’ná iad so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Agus is cosṁail léi an tarna h-aiṫne; Gráḋfair do ċóṁarsa mar ṫu féin. Ní’l aiṫne eile is mó ná iad san.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 12:31
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Ní ṁéallfa tú do ċoṁarsa, ní mó ṡladfas tú é: ní ḟanfuiġe agad tuarasdal an té ḟoisteoċṫar ar feaḋ na hoiḋċe go maidin.


¶ Ní ḋéana tú dioġaltas, ní ḃía mioscuis ar biṫ agad re cloinn do ḋáoine, aċd gráiḋeoċa tú do ċoṁarsa mar ṫú féin: misi an TIĠEARNA.


Agus is cosṁuil an dara háiṫne ría so, Gráiḋeóċuiḋ tú do ċoṁarsa mar ṫú féin.


Uime sin gaċ uile ní buḋ mían liḃ daoine do ḋéunaṁ ḋíḃ, deúnaiḋsi a leiṫéide ḋóiḃsean mar an gcéudna: oír a sé so an dliġeaḋ agus na faiġe.


Agus a duḃairt an sgríobuiḋe ris, Is maiṫ, a Ṁaiġisdir, a duḃairt tú an ḟírinne: as éin Día a tá ann; agus ní ḃfuil aṫarraċ ann aċd é féin:


Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé, Gráiḋeoċuiḋ tú do Ṫiġearna Dia as do ċroiḋe uile, agus as tanam uile, agus as do ḃríoġuiḃ uile, agus as da smúaintiġṫiḃ uile; agus do coṁarsa mar ṫu féin.


Oír coiṁliontár an réaċd uile a náoinḃréiṫir aṁáin, ann so; Gráḋuiġ do ċoṁarsa mar ṫú féin.


Agus atá a náiṫese aguinn úaḋsan, An tí ġráḋuiġeas Día go nġráḋuġaḋ sé a ḋearḃtáṫar mar an gcéudna.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ