Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 12:29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Agus do ḟreagair Iósa é, gurab í an ċéud do na huile aiṫeantuiḃ, Eísd, a Israél; Ar Dtiġearna Día, is áoin Tiġearna é:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Agus dʼḟreagair Íosa é: Is í seo an ċéad aiṫne acu uilig: Éist, a Israéil, is aon Dia aṁáin do Ṫiġearna Dia,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Agus d’ḟreagair Íosa, Is í an ṗríoṁ‐aiṫne ḋíoḃ uile, Éist, a Israel; is aon Dia aṁáin do Ṫiġearna‐sa:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 Agus d’ḟreagair Íosa é: Isí an ċéad aiṫne ḋíoḃ go léir: Clois, a Israéil, is aon Dia aṁáin do Ṫíġearna Dia-se;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 12:29
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír is mór ṫusa, agus do nír neiṫe iongantaċa: is tú féin Día aṁáin.


A ṁic, taḃair ḋaṁsa do ċroiḋe, coiṁéadaidís do ṡúile mo ṡliġṫe.


Gioḋ bé gráḋuiġeaṡ a aṫair no a maṫair ni is mó na misi ní fíu é misi: agus gioḋ bé ġraḋuiġeas a ṁac nó a inġean ós mó ċionnsa ní fíu é misi.


Agus na goiriḋ ḃur naṫair do ḋuine ar biṫ ar talaṁ: oír is áon Aṫar a tá agaiḃ, noċ a tá ar neaṁ.


Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé, Gráiḋeoċuiḋ tú do Ṫiġearna Dia as do ċroiḋe uile, agus as tanam uile, agus as do ḃríoġuiḃ uile, agus as da smúaintiġṫiḃ uile; agus do coṁarsa mar ṫu féin.


Oír is éin Ndía ṡáorfas an timċeallġearraḋ ó ċreideaṁ, agus an neaṁṫimċeallġearraḋ tré ċreideaṁ.


Uime sin a dtáoḃ íṫe ḃíḋ íoḋbarṫar díoḋaluiḃ, atá a ḟios aguinn naċ ḃfuil éifeaċd ar biṫ a nioḋail, agus naċ ḃfuil Día eile ann aċd an táon Día.


Aċd an teidirṁeaḋantóir ní ré haon é, aċd is aon é Día.


¶ Agus a nois, a Israel, cread atá do ṪIĠEARNA Día diarraiḋ ort, aċt eagla do ṪIĠEARNA Día de ḃeiṫ ort, siuḃal iona ṡliġṫiḃ uile, agus a ġráḋuġaḋ, agus serḃís do ḋéanaṁ dot ṪIĠEARNA Día maille red uile ċroiḋe agus led uile anum,


Agus timċillġearrfuiḋ do ṪIĠEARNA Día do ċróiḋe, agus croiḋe do ṡleaċda, do ġráḋuġaḋ do ṪIĠEARNA Dé red ċroiḋe uile, agus led anum uile, ċor go mairfe tú.


Eíst, ó a Israel: an TIĠEARNA ar Ndíane is éin TIĠEARNA aṁain é:


Oír a sé as críoċ don náiṫne gráḋ ó ċróiḋe glan, agus ó ċoinnsías ṁaiṫ, agus ó ċreideaṁ neaṁḟallsa:


Oír is áoin Ndía atá ann, agus áon eidirṁeaḋontóir eidir Ḋía agus ḋáoiniḃ, eaḋon an duine Iósa Críosd;


Creidiġ tusa go ḃfuil áon Ndía ann; as maiṫ do ní tú sin: creidid na deaṁuin féin mar an gcéudna, agus crioṫnuiġid síad.


Don náon Ndía eagnuiġe na áonar ar Slánaiġṫeóir, glóir agus mórġaċd, neart agus cúṁaċda, a nois agus go sáoġal na sáoġal. Amén.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ