Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 12:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ċuir sé searḃḟoġantuiḋe ċum na sgológ na am féin, do ċum go ḃfuiġeaḋ sé ní do ṫoraḋ na fíneaṁna ó na sgológuiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus ċuir sé seirḃíseaċ ċuig na feirmeoirí nuair a ḃí an séasúr ann, go ḃfaġaḋ sé ó na feirmeoirí cuid de ṫoraḋ an ḟíonġuirt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus nuair ṫáinig an séasúr, do ċuir sé searḃónta ċum na scológ, ċum cuid de ṫoraḋ an ḟíon‐ġuirt d’ḟáġáil ó na scológaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus nuair a ṫáinig an t-am ċuir sé seirḃíseaċ ag triall ar an luċt saoṫruiġṫe ċun toraḋ an ḟíonġuirt d’ḟáġail ó’n luċt saoṫruiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 12:2
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Giḋeaḋ fós do rinne an TIĠEARNA fíaḋnuise a naġaiḋ Israel, agus a naġaiḋ Iúdah, tres na fáiġiḃ uile, agus treas an luċd faicsiona uile, ġa ráḋ, Filliḋsi ó ḃur ndroiċṡliġiḃ, agus coiṁéuduiġ maiṫeantasa agus mo reaċda, do réir a nuile ḋliġe dar áiṫin mé dá ḃur naiṫriḃ, agus noċ do ċuir mé ċugaiḃ lem ṡerḃísiġ na fáiḋe.


Agus do ċuir an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ scéula ċuca re na ṫeaċtairiġiḃ, ag éirġe go moċ, agus agá ccur ar siuḃal; do ḃríġ go raiḃ trúaiġe aige dá ḋáoiniḃ, agus dá áit ċoṁnuiḋe:


Noċ daiṫin tú red ṡerḃísiġ, na fáiġe, ag ráḋ, An fearann, a ḃfuilti ag dul dá ṡealḃuġaḋ, atá sé na ḟearann neaṁġlan arson salċar ḋaoine na talṁan, le na ngráineaṁlaċt, noċ do líon é ón ccorr go ċéile le na salċar.


Agus biáiḋ sé ccosṁuil re crann plannduiġṫe láiṁ re haiḃniḃ uisge, noċ do ḃeir a ṫoraḋ iona aimsir íomċuḃaiḋ; ní ċríonfuiḋ fós a ḋuille; agus giḋ bé ní do ḋéana sé tiocfaiḋ biseaċ air.


Do ċuir mé fos ċugaiḃ múile ṡeirḃísiġ na faiḋe, ag éirġe go moċ agus dá ccur uáim, ġa ráḋ, Fillíḋ a nois gaċ aónduine aguiḃ ó na ḋroiċṡliġe, agus leasuiġiḋ ḃur ngníoṁa, agus ná himṫíġiḋ a ndiáiġ dée oile dá naḋraḋ, agus áitreoċṫaói annsa ḃfearann noċ ṫug misi ḋíḃ féin agus da ḃur naiṫriḃ: aċt níor ċláonaḃair ḃur cclúas, agus níor éisteaḃair riom.


Matá gur ċuir misi ċugaiḃ mo ṡeirḃísiġ na fáiġe, ag éirġe go moċ agus agá ccur uáim, ġa ráḋ, Oh, ná déanuiḋ an ní aḋḟuaṫṁarso noċ ḟúaṫuiġimsi.


Mo ṫruáiġe misi! óir atáim aṁail an tan do ċruinniġeadar na tórṫa saṁruiġ, mar ḋioġluim cáor aimsire cnúasuiġ na ttarpán: ní ḃfuil tarpán air bioṫ ré iṫe: atá manam ag íarruiġ an ċéadṫoruiġ abuiḋ.


Naċ ar ċóir ḋiḃ na bríaṫra déisdeaċd noċ do ḟúagair an TIĠEARNA ris na céadḟáiġiḃ, an tan do ḃí Ierusalem áitreiḃṫe agus a sonus, agus a caiṫreaċa na timċioll fa ccuáirt, a nuáir do áitreaḃadar daóine annsa deisceart agus annsa réiteaċ?


Agus an tráṫ do ḋruid aimsear na dtórṫa riu, do ċuir sé a ṡeaḃḟoġantuiḋe ċum na sgológ, do ġlacaḋ na dtórṫa.


Agus do ṫionnsgain sé laḃairt ríu a gcosaṁlaċdaiḃ. Ag ráḋ, Do ċuir duine áiriġṫe fíneaṁuin, agus do ċuir sé fál na timċeall, agus do ṫoċuil sé ionad brúiġte an ḟióna, agus do ṫóg sé tor, agus tug sé ar ċiós do sgológaiḃ í, agus do ċúaiḋ sé féin a goigcríċ.


Aċd ar mbreiṫ air ḋóiḃsean, do ḃuaileadar, agus do leigeadar úaṫa foluṁ é.


Aċd an tí úd ag naċ raiḃ a ḟios, agus fós do rinne na neiṫe do ṫuill builliḋe, buáilfaḃear beagán air. Oír giḋ bé dár tugaḋ morán, iárrfuiḋṫear morán a dtaisge, iarrfuiḋṫear ni sa ṁó air.


Agus na am féin do ċuir sé a ṡearḃḟoġantuiġe ċum na sgológ, ionnus go dtioḃraidis ní do ṫoraḋ na fíneaṁna ḋó: aċd do ġaḃadar na sgológa air, agus do ċuireadar folaṁ uáṫa é.


Dia, noċ do laḃair a nallód go minic agus ar ṁóġuiḃ éugsaṁla ris na haiṫreaċuiḃ tres na faiḋiḃ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ