Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 12:15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 An dtiuḃrum, no naċ dtiuḃrum? Agus ar naiṫne a cceilge ḋósan, a duḃairt sé riú, Créd fá ccurṫáoi caṫuġaḋ oram? Taḃruiḋ ċugam piġinn, dá féuċain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Aċt ó bʼeol dó a ngliocas, duḃáirt sé leo: Cad ċuige a ḃfuil siḃ ag cur féaċála orm? Taḃairigiḋ ċugam piġinn go ḃfeiciḋ mé í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 An dtiuḃraimíd i, nó naċ dtiuḃraimíd? Aċt d’aiṫin seisean a gcealg, agus aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag cur caṫuiġṫe orm? taḃraiḋ pinginn ċugam go ḃfeicead í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Aċ do ċonaic sé an feall a ḃí ionta, agus duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ am’ braṫ? Tugaiḋ ċuġam píosa airgid go ḃfeicead é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 12:15
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A ṁic an duine, cuir a maċ ceist, agus laḃair cosaṁlaċt ré tiġ Israel;


Agus tar éis réiḋiġe ris an luċd oibre ar ṗiġinn sa ló, do ċuir sé ann a ḟíneaṁain íad.


Agus ar naíṫne a mailíse Diósa a duḃairt sé, Créd fa a gcuirṫí caṫuġaḋ oram, a luċd an ḟúarċráḃaiġ?


Agus ar dteaċd do na Ṗairisíneaċuiḃ ċuige, do ḟíafruiġeadar ḋé, dá ṫeasduġaḋ, Nar ċeaduiġeaċ dfior a ḃean do léigean?


Agus an tan ṫáinic síad, á duḃradar ris, A Ṁaiġisdir, a tá a ḟios aguinne go ḃfuil tusa firinneaċ, agus naċ ḃfuil cás agad a náonduine: óir ní ḟéuċann tú ar ṗearsuinn na ndáoine, aċd múiniḋ tú sliġe Dé do réir ná fírinne: An ceaduiġeaċ cíos do ṫaḃairt do Ṡéasar, nó gan a ṫaḃairt?


Agus tugadarsan sin léo. Agus a duḃairt seision riu, Cía dár an ioṁáiġ so? Agus cía ré a mbeannan an sgríḃinn? agus a duḃradar ris, Ré Séasar.


Aċd tug seisean a meaḃail dá aire, agus a duḃairt sé riú, Créd fá gcurṫáoi caṫuġaḋ oram?


A duḃairt sé ris an treas uáir, A Ṡíomóin, ṁic Ióna, a nionṁuin leaċd misí? Do ġaḃ doilġeas Peadar do ḃríġ go nduḃairt sé ris, A Ṫiġearna, atáfios na nuile neiṫer agadsa; atá a ḟios agad gur ab ionṁuin leam ṫú. A duḃairt Iósa ris, Beaṫuiḋ mo ċáoiriġ.


Agus a duḃradar sin dá ṫeasduġaḋsan, ionnus go gcuirfidís cúis air. Aċd ar gcromaḋ síos Díosa, do sgríoḃ sé lé na ṁéur ar a talaṁ.


Ann sin a duḃairt Peadar ría, Créud fár ċoṁáontuiġ siḃ caṫuġaḋ do ċur ar Spioruid an Tiġearna? féuċ, atáid cosa na muinntire daḋluic ṫfear ag an doras, agus béuruid síad ṫúsa ríu.


Agus ná cuireamne caṫuġaḋ ar Ċríosd, aṁuil ceadna do ċuireadar cuid acasan, agus do sgriosaḋ íad ré haiṫreaċaiḃ neiṁe.


Agus ní ḃfuil creatúr ar biṫ naċ ḃfuil follas na ḟíaḋnuisision: aċd na huile neiṫe noċduiġe soilléir do ṡúiliḃ an tí ar a ḃfuilmidne ag laḃairt.


Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseaċa uíle gur misi sgrúduiġeóir na nduḃán agus na gcroiḋṫeaċ: agus do ḃéur dá gaċ áon aguiḃse réir ḃur ngníoṁarṫaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ