Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 12:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus an tan ṫáinic síad, á duḃradar ris, A Ṁaiġisdir, a tá a ḟios aguinne go ḃfuil tusa firinneaċ, agus naċ ḃfuil cás agad a náonduine: óir ní ḟéuċann tú ar ṗearsuinn na ndáoine, aċd múiniḋ tú sliġe Dé do réir ná fírinne: An ceaduiġeaċ cíos do ṫaḃairt do Ṡéasar, nó gan a ṫaḃairt?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus ag teaċt dóiḃ, deir siad leis: A Ṁáiġistir, is eol dúinn go ḃfuil tú fírinneaċ, agus naċ ḃfuil beann agat ar aoinneaċ; óir ní dearcann tú ar ġnúis daoine, aċt teagascann tú sliġe Dé do réir na fírinne. An cóir cáin a ṫaḃairt do Ċaesar, nó naċ dtaḃarfamuro?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus nuair ṫángadar, aduḃradar leis, A Ṁáiġistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus naċ ḃfuil beann agat ar aoinneaċ: óir is cuma leat pearsa aon duine, aċt múineann tú sliġe Dé de réir na fírinne. An dleaġṫaċ cáin do ṫaḃairt do Ċéasar, nó gan a taḃairt?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus ṫánadar ċuige agus duḃradar leis: A Ṁáiġistir, is eól dúinn gur duine fírinneaċ tu, agus ná fuil beann agat ar aoinne; mar ní féaċann tú ċun gnúise aon duine, aċ slíġ Dé do múineaḋ do reir fírinne. An dleaġṫaċ cíos a ḋíol le Caesar nó gan a ḋíol? An dtaḃarfam é nó an gcoimeádfam é?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 12:14
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a dúḃairt Micaiah, Mar ṁairios an TIĠEARNA, giḋ bé ar biṫ a déaras mo Ḋía, isé sin a déaras misi.


Anois uimesin bíoḋ eagla an TIĠEARNA oruiḃ; tugaiḋ dá ḃur naire agus déanaiḋ é: oír ní ḃfuil éaigceart ar biṫ ann ar TTIĠEARNA Díane, nó meas air ṗearsannuiḃ, nó glacaḋ ċuṁṫaċ.


Agus is mór an tarḃa do ḃeir sé do na ríoġuiḃ noċ do ċuir tú ós ar ccionn ar son ar bpeacuiḋ: atá fós tiġearnus aca ós cionn ar ccorp, agus ós cíonn ar náirnéise, air a ttoil féin, agus atámaóidne a naṁġar ṁór.


A ṪIĠEARNA, sáor manam, ó ḃéul na mbréug, ó ṫeangaiḋ na ceilge.


Bá bláiṫe bríaṫra a ḃéil ná ím, aċt do ḃí cogaḋ iona ċroiḋe: bá buige a ḟocail ná ola, giḋeaḋ bá cloiḋṁṫe tairrngṫe íad.


Oír do léigeaḃair oruiḃ ann ḃur ccroiḋṫiḃ, a nuáir do ċuireaḃair misi ċum an TIĠEARNA ḃur Ndía, ġa ráḋ, Guiḋ air ar soinne ċum an TIĠEARNA ar Ndía; agus do réir a nuile ní déaras an TIĠEARNA ar Ndía, mairsin innis dúinn, agus do ḋéanamne é.


¶ Aċt go deiṁin atáim lán do ċuṁaċtaiḃ maille ré spiorad an TIĠEARNA, agus do ḃreiṫeaṁnus, agus do ċumas, do ṫaisbeanaḋ a ṡáruiġṫe do Iácob, agus do Israel a ṗeacaḋ.


Ar a naḋḃarsin cuirid síad a ndeisciobuil féin ċuige maille ré muinntir Iorúaiṫ, ag ráḋ, A ṁaiġisdir, a tá a ḟios aguinn gur ab duine fírinneaċ ṫusa, agus go dteagasgann tú slíġe De go fírinneaċ, agus naċ ḃfuil cás agad a náonnduine: óir ní ḟéaċann tú do ṗearsain na ndáoine.


Ar a naḋḃarsin innis dúinne, créd do ċíṫear ḋuit? An cóir cíos do ṫaḃairt do Ṡéasar, no gan a ṫaḃairt?


Agus do ċuireadar ċuige dream airiġe do na Ṗairisíneaċuiḃ agus do ṁuinntir Iorúaiṫ, do ċum go ngreamóċaidís é an a ċaint.


An dtiuḃrum, no naċ dtiuḃrum? Agus ar naiṫne a cceilge ḋósan, a duḃairt sé riú, Créd fá ccurṫáoi caṫuġaḋ oram? Taḃruiḋ ċugam piġinn, dá féuċain.


Agus ar dteaċd ḋó, do ċúaiḋ sé air ball ċuigesin, agus a duḃairt sé, Día do ḃeaṫa a ṁaiġsidir; agus tug sé póg ḋó.


An ceaduiġṫeaċ ḋúinne cíos do ṫáḃairt do Ṡéasar, nó gan a ṫaḃairt?


Agus do ṫionnsgnadar cúis do ċuir air, ag raḋ, Fúramar an fearsa ag iompóḋ ar gciniḋ, agus ag toirmeasg cíosa do ṫaḃairt do Ṡéasar, ag ráḋ gur ab é féin Críosd an Rí.


Giḋ bé laḃrus uáḋ féin, a sí a ġlóir an té ċuireas uáḋ é, atá sé fírinneaċ, agus ní ḃfuil éagcóir ann.


Oír is uime so íocas siḃ cánaċus: do ḃríġ gur searḃḟoġantuiġeaḋa do Ḋía íad, ag déunaṁ a ndiṫċill sa ní ċéudna.


Oír ní ḃfuilmídne mar ṁórán, do ṫruáilliġeas bríaṫar Dé: aċd laḃrámaóid ar Ċríosd aṁuil ó ḟiorġloine, nó aṁuil ó Ḋía, a ḃfíaḋnuisi Dé.


Oír má ċuirimse doilġeas oraiḃse, cía hé ċuireas sólás oram féin, aċd an tí atá fá ḋoilġeas dom ṫáoḃ?


Ar a naḋḃarsin ar mbeiṫ don ṁiniosdrálaċdsa aguinn, do réir mar fúaramar trócaire, ní ṫeiġmid a nanḃfuinne;


Uime sin ar mbeiṫ feasaċ ḋúinn air ḃuirbe an Tiġearna, táirngéamaóid daóime ċum creidṁe, agus as follus do Ḋía sinn; agus atá dóiġ agam go ḃfuilmid follas do ḃur ccoinnsiasuiḃse mar an gcéudna.


Uime sin né haiṫne ḋúinne ó só amaċ éunduine do réir na féola: agus, bíoḋ go raiḃ aiṫne aguinn ar Ċríosd do réir na féola, giḋeaḋ ní haiṫne ḋúinn a nois féasda é.


Oír a nois an íad dáoine, nó a né Día ṫeaguisgim? nó a ní toil na ndáoine íarruim a ḋéunaṁ? go deiṁin dá mbéinn gus a nois ag déunaṁ toil na ndáoine, ní ḃéinn um ṡearḃḟoġantuiḋe ag Críosd.


Agus ón druing air a saóiltear cáil éigin oirḋearcuis do ḃeiṫ, (giḋ bé mar do ḃádar róiṁe so, ní ḃeanann sé ḋaṁsa: ní ar ṗearsainn ḋuine ḃíos mea sag Día: oír) an dream ṡaóiltear do ḃeiṫ oirḋeirc, níor ċuireadarr bárr ar mo ṫeagusgsa:


Ní ḋéana tú coiṁéigneaḋ breiṫeaṁnuis; ní ṫiuḃra tú meas ar péarsuinniḃ seaċ a ċéile, agus ní ġéuḃa tú cuṁa: óir dalluiġ an ċuṁa súile na ndaóine eagnuiġe, agus aiḋṁilliḋ briaṫra na ḃfíréan.


Aċd aṁuil fuáir Día dúil ionnuinn ré cúram an tsoisgéil do ċur oruinn, as dá réir sin laḃramaóid; ní mar ḋruing do ní toil na ndaóineaḋ, aċd toil Dé ḋearḃus ar gcroiḋṫe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ