Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 12:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus do iarradarsan breiṫ air, aċd do ḃí eagla an ṗobail orrṫa: óir do ṫuigeadar gur ab na naġaiḋ féin a duḃairt sé an ċosaṁlaċd sin, agus ar na ḟagḃail do imṫiġeadar rompa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus ba ṁian leo breiṫ air, aċt ḃí eagla orṫa roiṁ an tsluaġ: óir ḃí a ḟios acu gur fá dtaoiḃ díoḃ féin a laḃair sé an fáiṫscéal seo. Agus dʼḟág siad é, agus ḃog leo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus do ḃíodar ag iarraiḋ faille ċum greim d’ḟáġáil air, aċt do ḃí eagla an ṗobail orṫa; óir do ṫuigeadar gurab ’n‐a n‐aġaiḋ féin d’innis sé an tsaṁlaoid sin: agus d’ḟágadar é agus d’imṫiġeadar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus ḃíodar a d’iarraiḋ beirṫe air, aċ ḃí eagla acu roimis an bpobul; óir ḃí ḟios acu gur ċúċa féin a ḃí sé sa tsoluíd sin. Agus d’ḟágadar é agus d’imṫíġeadar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 12:12
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus má deirmid, O ḋáoiniḃ; a tá eagla an ṗobail oruinn; óir atá meas fáiḋe ag gaċ uile ḋuine ar Eoin.


Agus ar na ċluinsin so, do ġaḃ iongantus íad, agus ar sgur ḋe, do imṫiġeadar.


Agus do ċúaladar na sgríobuiḋe agus uaċdárain na sagart so, agus do ḃádar ag íarruiḋ cionnus do ṁilltidís é: Oír do ḃi eagla orrṫa roiṁe, do ḃríġ go raiḃ iongantus ag an tslúaġ uile an a ṫeagasg.


Aċd má deirmid, O ḋáoiniḃ; a tá eagla an ṗobuil oruinn: oír do bé a meas uile ar Eóin, gur ḃfáiḋ é go fírinneaċ.


Agus díarradar úaċdaráin na sagart agus na sgriobuiḋe láṁa do ċur annsan air a núair sin féin; aċd do ḃi eagla an ṗobuil orrṫa: óir do aiṫneadar gur ab na naġuiḋ fein a duḃairt sé an ċosamblaċdso.


Aċd má deirmid, O ḋáoiniḃ; géuḃuiḋ an pobal uile do ċloċaiḃ orainn: oír is deiṁin léo gur fáiġ Eóin.


Uime sin a duḃradar dream aíríġe ó Ierusalém, A né naċ é so an te, iárruid siad ċum a ṁarḃṫa?


Ar a naḋḃarsin do ṡanntuiġeadar breiṫ air: giḋeaḋ níor ċuir éunduine láṁ ann, do ḃríġ naċ dtaínig a uáir fós.


Agus do ḃreaṫnuiġeadar cuid díoḃ a ġlacaḋ; aċd níor ċuir éunduine láṁa ann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ