Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 12:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do ṫionnsgain sé laḃairt ríu a gcosaṁlaċdaiḃ. Ag ráḋ, Do ċuir duine áiriġṫe fíneaṁuin, agus do ċuir sé fál na timċeall, agus do ṫoċuil sé ionad brúiġte an ḟióna, agus do ṫóg sé tor, agus tug sé ar ċiós do sgológaiḃ í, agus do ċúaiḋ sé féin a goigcríċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ṫoisiġ sé a laḃairt leo i ḃfáiṫscéalta: Ċuir duine fíonġort, agus rinne sé claiḋe ina ṫimċeall, agus ṫoċail sé poll daḃċa, agus ṫóg sé túr, agus ṡuiḋ sé le feirmeoirí é, agus dʼimṫiġ sé ar an ċoigċríċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ṫosnuiġ sé ar laḃairt leo i saṁlaoidiḃ. Do ċuir duine áiriṫe fíon‐ġort, agus do ċuir sé fál ’n‐a ṫimċeall, agus do rinne sé clais ann le h‐aġaiḋ daiḃċe an ḟíona, agus do ṫóg se túr, agus ṫug sé ar cíos do scológaiḃ é, agus d’imṫiġ sé go tír eile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus do ċrom sé ar laḃairt leó i soluídíḃ: Do ċuir duine fíonġort, agus ḋein sé fál ’n-a ṫímpal, agus ḋein sé clais ann ċun an ḟíona do ḃrúṫ, agus ċuir sé suas túr ann, agus do ċuir sé é ċun luċt saoṫruiġṫe, agus d’imṫiġ sé i gcéin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 12:1
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tiucfa a ccríċ annsa ló sin, gaċ uile áit, a raḃadar míle fíneaṁuin ar ṁíle píosa airgid, go mbía sé mar ḋreasóig agus mar ḋosán.


Ṫairis sin do ṗlannduiġ mé ṫú ad ḟíneaṁuin úasail, síol fírinneaċ go hiomlán: ciondus maiseaḋ as a ḃfuil tú ar niompóġ ċugam a bplannda andúṫċais fíneaṁna coiṁiġṫe?


Annsin a duḃairt misi, Ah a Ṫiġearna DIA! a déuruid síad dom ṫáoḃsa, A né naċ neiṫe dorċa laḃras sé?


Agus do laḃair sé móran ríu a gcosaṁlaċduiḃ, ag ráḋ, Féuċ, do ċuáiḋ síoladóir a maċ do ċur síl;


Aċd créd do cíṫear ḋáoiḃsi? Do ḃádar días mac ag duine aíriġe; agus ag teaċd dionnsuiġe an ċédṁic, a duḃairt sé, A ṁic, imṫiġ déana obair a niu am ḟineaṁain.


Eísdiġ ré cosaṁlaċd eile: Do ḃí fear tiġe áiriġṫe ann, do ċuir fíneaṁuin, agus do ċuir sé fál na timċeall, agus do ṫoċail sé ionad brúiġte an ḟiona innte, agus do ṫogaiḃ sé tor, agus tug sé do sgológaiḃ ar ċiós í, agus do imṫiḋ sé féin a gcoigcríċ:


Agus an tráṫ do ḋruid aimsear na dtórṫa riu, do ċuir sé a ṡeaḃḟoġantuiḋe ċum na sgológ, do ġlacaḋ na dtórṫa.


Oír ata ríoċd neiṁe aṁuil as do ġoir duine ag dul a gcoigcríċ, a ṡearḃḟoġantuiḋe ċuige, agus tug sé a ṡaiḋḃreas dóiḃ.


Agus ar ḃfreagra ḋóiḃsion a duḃradar re Híosa, Ní ḃfuil a ḟios againn. Agus ar ḃfreagra Díosa, a duḃairt sé riú, Ní mó innéosus misi ḋiḃsi cía an tuġdarrás lé a ndéunaim na neiṫe so.


Aṁail duine ag dul a gcoigcríċ, dfág a ṫiġ, agus tug cuṁaċda ḋá ṡearḃḟóġantuiḃ, agus a obair féin do gaċ áonduine, agus do aiṫín dá ḋoirséoir faire do ḋéanaṁ.


Agus do ġoir sé ċuige íad, agus a duḃairt sé a gcosaṁlaċduiḃ ríu, Cionnas is éidir lé Sátan Sátan do ṫeilgean amaċ?


Agus do ṫeaguisg sé mórán dóiḃ a gcosaṁlaċduiḃ, agus a duḃairt sé ríu an a ṫeagasg,


Agus tar éis ḃeagáin aimsire ag cruinniuġaḋ a ċoda uile don ṁac dob óige, do ċúaiḋ sé air coigcriġ adtalaṁ imċían, agus do ḋiombail sé ann sin a ṁaóin lé na ḃeaṫaiḋ baoṫ-ċaiṫfiġ.


Ar a naḋḃarsin a duḃairt se, Do ċúaiḋ duine uasal áiriġe a régión imċían do ġaḃáil rioġaċda ḋó féin, agus dfilleaḋ air a ais.


Aċd a duḃradarsin ris, Cía a náit ann ar toil leaċd sinn dá ullṁuġaḋ?


Agus a duḃairt seisean, Is dáoiḃsi tugaḋ rúndiaṁra rioġaċda Dé daiṫniuġaḋ: aċd do ċáċ eile a ccosaṁlaċduiḃ; ionnus ag faicsin dóiḃ naċ ḃfaicdís, agus ag cluinsin dóiḃ naċ dtuigfidís.


Sé so an té do ḃí sa gcóiṁṫionól ar an ḃfásaċ a ḃfoċair a naingil do laḃair ris ar ṡlíaḃ Sína, agus ré ar naiṫriḃne: noċ do ġlac mar an gcéudna briaṫra na beaṫa ċum a dtaḃarṫa ḋúinne:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ