Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 11:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus do ċúaladar na sgríobuiḋe agus uaċdárain na sagart so, agus do ḃádar ag íarruiḋ cionnus do ṁilltidís é: Oír do ḃi eagla orrṫa roiṁe, do ḃríġ go raiḃ iongantus ag an tslúaġ uile an a ṫeagasg.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

18 Nuair a ċuala uaċtaráin na sagart agus na Scríoḃaiḋṫe sin, ḃí siad ar lorg sliġe ċun é ċur ċun báis; aċt ḃí eagla orṫa roiṁe, óir ḃí an sluaġ uilig ag déanaṁ iongantais dá ṫeagasc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Agus do‐ċuala uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe é, agus do ḃíodar ag iarraiḋ caoi d’ḟáġáil le n‐a ṁilleaḋ: óir do ḃí eagla orṫa roiṁe, de ḃriġ go ndearna an sluaġ uile iongnaḋ d’á ṫeagasc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

18 Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí ag éisteaċt leis, agus ḃíodar ag maċtnaṁ féaċaint conus a ṫiocfaidís ar é ṁarḃú; óir ḃí eagla acu roimis, mar ḃí na daoine go léir ag déanaṁ iongna d’á ṫeagasg.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 11:18
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Ahab re Helias, An ḃfúair tú mé, ó mo náṁuid? Agus do ḟreagair seision, Fúarus: do ḃríġ gur reac tú ṫú féin doibriuġaḋ uile a raḋarc an TIĠEARNA.


Agus a duḃairt ríġ Israel re Iehosaṗat, Naċ ar innis mé ḋuit naċ déanaḋ sé fáistine ar biṫ ṁaiṫ dom ṫáoḃsa, aċd olc?


Agus a duḃairt ríġ Israel re Iehosaṗat, Atá fós éanduine aṁáin, Micaiah ṁac Imlah, tre a ḃféudam fíafriuġaḋ don TIĠEARNA: aċt atá fúaṫ agumsa air; óir ní ṫairġirionn maiṫ ḋaṁ, aċ olc. Agus a duḃairt Iehosaṗat, Ná habraḋ an ríġ sin.


Is marso a deir an TIĠEARNA, Fuáscaltóir Israel, agus a Aón Náoṁṫa, ris an té air a mbí tarcuisne ag duine, ris an té air a mbí gráin ag cinéaḋaċaiḃ, re seirḃíseaċ úaċdarán, do ċífid ríġṫe agus éireoċuid, aḋoruiḋ prionnsaḋa mar an ccéadna, do ḃríġ an TIĠEARNA atá díleas, agus Aon Náoṁṫa Israel, noċ do ṫoġ ṫusa.


Agus an tan do ċonncadar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe na míorḃuile do rinne sé, agus na leiniḃ ag éiġṁe sa teampoll, agus ag ráḋ, Hósanna do ṁac Ḋáiḃí; Do ġaḃadar ċuca go feargaċ é,


Agus tárla, an tan do ċríoċnaiġ Iósa na bríaṫrasa, gur ġaḃ úaṫḃas an pubal tré na ṫeagasgsan:


Agus do ġaḃ iongnaḋ íadsan fá na ṫeagasg: óir do ṫeaguisg sé íad mar neaċ agá raiḃ cuṁaċda, agus ní mar na sgríobuiġe.


Aċd má deirmid, O ḋáoiniḃ; a tá eagla an ṗobuil oruinn: oír do bé a meas uile ar Eóin, gur ḃfáiḋ é go fírinneaċ.


Agus do iarradarsan breiṫ air, aċd do ḃí eagla an ṗobail orrṫa: óir do ṫuigeadar gur ab na naġaiḋ féin a duḃairt sé an ċosaṁlaċd sin, agus ar na ḟagḃail do imṫiġeadar rompa.


Agus ar ndul a maċ do na Ṗairisíneaċuiḃ, do rinneadar coṁairle ar an mball le muinntir Iorúaiṫ na aġaiḋsion, cionnas do ṁíllḟidís é.


Oír do ḃí eagla Eóin ar Iorúaiṫ, ar mbéiṫ a ḟeasa aige gur ḋuine coṁṫrom náoṁṫa é, agus do ċoiṁéd sé é; agus ar néisdeaċd ris, do níoḋ sé mórán, agus do éisdeaḋ sé ris go toileaṁail.


Agus do ḃíoḋ sé teagasg gaċ lá ann sa teampall. Agus díarradar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe agus cinn an ṗobuil eisíon do ṁarḃaḋ,


Agus do ġaḃ iongnaḋ gaċ uile ḋuine dá gcúalaiḋ é fá na ṫuigsin agus fá na ḟreagarṫaiḃ.


Agus díarradar úaċdaráin na sagart agus na sgriobuiḋe láṁa do ċur annsan air a núair sin féin; aċd do ḃi eagla an ṗobuil orrṫa: óir do aiṫneadar gur ab na naġuiḋ fein a duḃairt sé an ċosamblaċdso.


Agus do rinneadar uile fiaḋnuisi leis, agus do ḃí iongantus aca ann sna combráitiḃ grásaṁla do ṫigeaḋ as a ḃéul. Agus a deirdís, An né naċ é so mac Ióseṗ?


Agus tar a éisi so do ṡiuḃail Iósa ann sa Ġalilé: oír míor ḃail leis siuḃal a ttír Iúdaiġe, tré gur smuaineadar na Iúdaiḋe a ṁarḃaḋ.


An ne náċ dtug Máoisi dliġeaḋ ḋíḃsi, agus ní ċoiṁlíonann áoinneaċ aguiḃ an dliġeaḋ? Créd fá a niárrṫáoi misi ṁarḃaḋ?


Do ḟreagradar na hoifigiḋ, Níor laḃair duine riaṁ mar an duinesi.


Agus an tan do laḃair sé riu a dtimċeall na firéantaċda, agus na measarrḋaċda, agus an ḃreiṫeaṁnuis atá ag teaċd, ar gcrioṫnuġaḋ Dfélics, a duḃairt sé, Imṫiġ roṁad a nois; agus a núair ḃías úain agamsa air, cuirfiḋ mé fios ort.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ