Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 11:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ris an gcrann fíge, O so súas nár iṫe duine ar biṫ toraḋ ḋiot go bráṫ. Agus do ċúaladar a ḋeisciobail é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

14 Agus dʼḟreagair sé agus duḃairt leis: Feasta nár iṫiḋ aoinneaċ toraḋ díot a ċoiḋ ċe níos mó. Agus ċuala a ḋeisciobail é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leis, Nár iṫiḋ aon duine toraḋ uait‐se ó’n am so go deoiḋ. Agus do‐ċuala a ḋeisceabail é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt sé leis an gcrann: As so amaċ go bráṫ airís nár iṫiḋ duine toraḋ uait-se. Agus d’airiġ a ḋeisglobuil é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 11:14
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a núair do ċonnairc sé crann fige ar a tsliġm táinic sé ċuige, agus ní ḟúair sé ní ar biṫ air, aċd duilleaḃar a ṁáin, agus a deir sé ris, Nar ḟása toraḋ ó so amaċ go bráṫ ort, Agus ċrión an crann fíge ar an mballsin.


Eísdiġ ré cosaṁlaċd eile: Do ḃí fear tiġe áiriġṫe ann, do ċuir fíneaṁuin, agus do ċuir sé fál na timċeall, agus do ṫoċail sé ionad brúiġte an ḟiona innte, agus do ṫogaiḃ sé tor, agus tug sé do sgológaiḃ ar ċiós í, agus do imṫiḋ sé féin a gcoigcríċ:


Agus giḋ bé neaċ ṫuitfeas ar an gcloiċse, brisfiṫear é: agus gioḋ bé ar a dtuitfi sí, do ḋéana sí mionluaiṫreaḋ ḋe.


Agus a nois atá an túaġ ar na cur do ċum fréiṁe na gcrann: air a naḋḃarsin gioḋ bé crann naċ iomċrann toraḋ maiṫ gearrṫar é, agus teilgṫear san teiniḋ é.


Gaċ uile ċrann naċ iomċrann toraḋ maiṫ gearrṫar é, agus téilgṫear san teiniḋ é.


Agus an tan do ċonnairc sé crann fíge a ḃfad úaḋ ar a raiḃ duilleaḃar, táinic sé, ḋá ḟéuċain an ḃfuiġeaḋ sé éin ní air: agus an tan ṫáinic sé ċuige, ní ḃfúair sé éin ní aċd na duilléoga; óir nír ḃí aimsir na ḃfigiḋe í.


Agus tangadar go Híarusaléim: agus ar ndul a sdeaċ don teampoll Díosa, do ṫionnsgain sé an dream do ḃí ag reic agus ag ceannaċ ann sa teampoll, da ċur a maċ agus do ṫeilg sé air lár buird luċd malarta an airgid, agus caiṫireaċa luċd reaca na gcolum;


Giḋ be naċ ḃfanfa ionnamsa, teilgfiṫear amaċ é mar géig, agus críonfuiḋ sé; annsin ċruinniġid daoine, agus cuirid sa teiniġ íad, agus loisgṫear íad.


Oír tar éis dealuiġe ḋóiḃ ré neaṁġloine an tsáoġailse tré eólas an Tiġearna agus an Tslanaiġṫeóra Iósa Críosd, dá gcraipliġṫear íad a rís innte, ar na sáruġaḋ, as measa a gcríoċ ḋeíġeanaċ ná a dtosaċ.


An tí do ní éugcóir, déunaḋ eugcóir do ġnáṫ: agus an tí atá neaṁġlan, bíoḋ neaṁġlan do ġnáṫ: agus bíoḋ an firéun, firéunta do ġnáṫ: agus bíoḋ an náoṁ, naoṁṫa do ġnáṫ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ