Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 10:51 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

51 Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ris, Créud is mían leaċd misi do ḋéunaṁ ḋuit? Aċd a duḃairt an dall ris, A ṁaiġisdir, mo raḋarc aiseag ḋaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

51 Agus dʼḟreagair Íosa agus duḃairt leis: Cad é is coil leat go ndéanfainn duit? Agus duḃairt an dall leis: A Ṁáiġistir, aṁarc mo ṡúl dʼḟaġáil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

51 Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé, Créad ba ṁian leat do‐ġéanainn duit? Agus aduḃairt an dall leis, A Ṁáiġistir, mo raḋarc ṫaḃairt dom.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

51 Agus d’ḟreagair Íosa, agus duḃairt sé: Cad ba ṁaiṫ leat a ḋéanfainn duit? Agus duḃairt an dall: Raḋarc a ṫaḃairt dom, a Ṫiġearna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 10:51
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Annsa noiḋċe sin dfoillsiġ Día é féin do Ṡolaṁ, agus a duḃairt sé ris, Iarr cred ḃéarus me ḋuit.


Agus fáiltiġe dfaġáil ar na marguiḋiḃ, agus dáoine do ġairm, Rábbi, Rabbi, ḋióḃ.


Aċd ná goirṫear Rábbi ḋíḃsi: oír is aón Ṁaiġisdir a tá agaiḃ, Criósd; agus is dearḃráiṫreaċa ḋá ċéile siḃ féin uile.


Uime sin na saṁlaiġṫear siḃ riu: oír atá a ḟios ag ḃur Naṫair fein cía híad na neiṫer atá duireasḃaiġ oruiḃ ní is tásoga na iárfuiġṫí air iád.


Iarruiġ, agus do ḃéurṫar ḋaóiḃ; lorgairíḋ, agus do ġeaḃṫáoi; búaliḋ an dorus, agus oisgéoltar ḋáoiḃ:


Aċd a duḃairt seisean ríu, Créd as áill liḃ misi do ḋeunaṁ ḋíḃ?


Agus ar dteilgean a ḃruit úaḋ ḋosan, do éiriġ se, agus táinic sé ċum Iósa.


A duḃairt Iósa ríá, A Ṁuire. Ar niompóḋ ḋise, a duḃairt sí ris, Rabbóni; (ionnan ré a ráḋ agus, A Ṁaiġisdir.)


Agus ar mbreiṫ ar láiṁ a nógánaiġ don núaċdarán, rug sé leis a leaṫtáoiḃ é, agus dfíafruiġ sé ḋe, Créud atá agad ré a innisin daṁsa?


Ná bíoḋ ró ċúram neiṫe ar biṫ oruiḃ; aċd sa nuile ní bioḋ ḃur níarratuis foillsiġṫe do Ḋía a nurnuiġe agus a naṫċuinge maille ré breiṫ buiḋeaċais.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ