Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 10:48 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

48 Agus do imḋeargadar mórán é, do ċum go mbíaḋ sé na ṫoċd: aċd is móide do éiġṁeaḋ seision sin, A ṁic Ḋaiḃí, déuna trócaire oram.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

48 Agus ḃí mórán a ḃagair air a ḃeiṫ ina ṫost. Aċt ba ṁó go mór a scairt seisean amaċ: A Ṁic Ḋáiḃiḋ, déan trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 Agus do ḃagair mórán daoine air ḃeiṫ ’n‐a ṫost: aċt ba ṁó do ġlaoḋ seisean, A ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 Agus ḃí a lán daoine ag bagairt air éisteaċt. Aċ b’ṡin mar ba ṁó a ġlaoiḋ seisean: A Ṁic Dáiḃid, dein trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 10:48
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Mar an ccéadna is leátsa, a ṪIĠEARNA, trócaire: óir do ḃéarair don duine do réir a oibre.


Agus íarrfuiḋe mé, agus do ġeaḃṫaói mé, a nuáir spíonfuiḋe dom íarruiḋ maille re ḃur nuile ċroiḋe.


Tugaḋ ċuige an tráṫsin leiniḃ beagam, do ċum go gcuirfeaḋ sé a láṁa orrṫa, agus go ndéanaḋ sé urnuiġe: agus do spreagadar na deisciobuil íad.


Aċd do spreagadar an slúaġ íad, do ċum go gcoisgfidís: acd ċeana is móide do eíġṁeadarsan sin, ag ráḋ, Déana trócaire oruinn, a Ṫiġearna, a Ṁic Ḋáḃí.


Agus an tan do imṫiġ Iósa as sin, do leanadar días dall é, ag éiṁġe, agus ag ráḋ, Déuna trócaire oruinn, a ṁic Ḋáiḃi.


Agus tugadar ċuige leíniḃ, do ċum go mbeanfaḋ sé ríu: agus do imḋeargadar a ḋeisciobail an ṁuinntir ṫug léo íad.


Agus ar mbeiṫ ḋósan ag laḃairt, tigid dáoine ó ṫiġ úaċdaráin na sinagóige, ag ráḋ, Fúair hinġean bás: créd fá gcuireann tú búaiḋreaḋ ar an Maiġisdir feasda?


Agus an dream do ḃí roiṁe do imḋeargadar é, ionnus go mbíaḋ se na ṫoċd: aċd is moide do éiġṁeaḋ seision sin, A ṁic Dáiḃi, déana trócaire oram.


Ar mbeiṫ díḃ ag úrnuiġe do ṡíor ré gaċ áoin ġné úrnuiġe agus aṫċuinġe trés an Sbiorúid, agus ag féire sá ní gcéudna maille ré gaċ uile ḃúanas agus ġuiḋe ar son na nuile náoṁ;


Noċ a laéṫiḃ a ḟeóla, do ḟoráil úrnuiġe agus guiḋe maille ré héiġṁe láidir agus ré déuruiḃ ar an tí agá raiḃ cúṁaċda a ṡáorṫa ó ḃás, agus do héisdeaḋ ris mar an gcéudna tré na ḋéaġḟaitċeas:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ