Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 10:47 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

47 Agus an tan do ċúaliuiḋ sé gur be Iósa Nasarḋa do ḃí ann, do ṫionnsgain sé éiġṁe, agus a ráḋ, A Iósa ṁic Ḋaiḃí, déana trócaire orum.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

47 Agus nuair a ċuala sé gurḃ é Íosa as Nasair a ḃí ann, ṫoisiġ sé a scairtiġ agus a ráḋ: A Íosa, a Ṁic Ḋáiḃiḋ, déan trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Agus nuair do‐ċuala sé gurḃ é Íosa Nasarḋa do ḃí ann, do ṫosnuiġ sé ar ġlaoḋaċ, agus ar a ráḋ, A Íosa, a ṁic Ḋáiḃi, déan trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Agus nuair airiġ sé gur ḃ’é Íosa Nasareit a ḃí ann, ċrom sé ar ġlaoḋaċ agus ar a ráḋ: A Íosa, a Ṁic Dáiḃid, dein trócaire orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 10:47
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tiucfa slat amáċ as bun Iesse; agus fasfuiḋ Beangán as a ḟréiṁ:


Leaḃar ġeinealuiġ Iósa Críosd, ṁic Ḋaiḃi, ṁic Abraham.


Agus do ġaḃ iongantus an pubal uile, agus a duḃradar, A né naċ é so mac Ḋáiḃi?


Agus, féuċ, ṫáinic bean do Ċánaan ó na crióċaiḃ sin, agus do éiġ si, ag ráḋ ris, Déana trócaire oram, a Ṫiġearna, a ṁic Daiḃí; a tá ṁinġean ar na búaiḋreaḋ go mór ó ḋeaṁan.


Agus an tan ṫánic sé ann, do ċoṁnuiġ sé sa gcaṫair dá ngoirṫear Násaret: do ċun go gcoṁlíonfuiḋṫe an ní a duḃraḋ ris na fáiġiḃ, Go ngoirfiġe Nasarḋa ḋe.


Agus, féuċ, días do ḋáoiniḃ dalla do ḃí na suiḋe ċois na sliġe, an tráṫ do ċúaladar go ráiḃ Iósa ag gaḃail ṫársa, do éiġṁeadar, ag raḋ, Déana trócaire oruinu, a Ṫiġearna, a Ṁic Ḋáḃí.


Agus a duḃairt an coíṁṫionól, A sé so Iósa an fáiḋ ó Násarét na Galilé.


Agus do ṫógaiḃ an slúaġ do ḃí roiṁe, agus na ḋiáiġ, gáir, ag ráḋ, Hósanna do ṁac Ḋáiḃí: Is beannuiġṫe an té ṫig a nainm an Tiġearna; Hósanna annsna hárdaiḃ.


Agus ar ndul a maċ ḋó ann sa ṗóirsi, do ċonnairc cailín eile é, agus a duḃairt sí rís an luċd do ḃí a laṫair, Do ḃí an fearsa leis a ḃfoċair Iósa Násarḋa.


Agus an tan do imṫiġ Iósa as sin, do leanadar días dall é, ag éiṁġe, agus ag ráḋ, Déuna trócaire oruinn, a ṁic Ḋáiḃi.


Ag ráḋ, leigḋin créd í an ḃúain atá aguinne ríotsa, a Iósa Nasarḋa? an dtáinic tú dár sgriosne? a tá a ḟios agamsa cía ṫú, Neaċ Náoṁṫa Dé.


Agus táinic sé go Násaret, mar ar hoilleaġ é: agus, do ċúaiḋ sé a steaċ mar buḋ gnaṫ leis, lá na sábboide don tsinagóig, agus do éiriġ sé na ṡeasaṁ do leuġṫóireaċd.


Agus a duḃairt Natánael ris, An éidir ní maiṫ air biṫ ḃeiṫ ó Násarét? A duḃairt Ṗilib ris, Tar agus féuċ.


Agus do sgríoḃ Píoláiḋ fós tiodal, agus do ċuir sé ós cionn na croiċe é. Agus as é do ḃí sgríoḃṫa ann, IOSA NASARḊA RI NA NIUDAIḊEAḊ.


A duḃradar cuid eile, As é so Criósd. Aċd a duḃairt dream eile, An ón Ġalilé ṫiocfas Criósd?


Do ḟreagradar agus a duḃradar ris, An ón Ġalilé ṫusa leis? Lorgair, agus féuċ: oír níor éiriġ fáiḋ ón Ġalilé riáṁ.


Oír do ċúalamar é ag ráḋ, Go sgriosfaiḋ Iósa Násarrḋaso a naitse, agus go niompoċaiḋ sé na hórduiġṫe tug Máoise ḋúinne.


Do ċuir mise Iósa maingeal uáim ċum fíaḋnuise do ḋéunaṁ ḋíḃse ar na neiṫiḃse sna heagluiseaċuiḃ. Is mise fréuṁ agus slióċd Ḋáiḃi, réult ḋeallruiġeaċ na maidne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ