45 Óir ní ṫáinig Mac an Duine féin ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum fo ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus go dtiuḃraḋ sé a anam i n‐éiric móráin.
45 Óir níor ṫáinig Mac an Duine ionus go ndéanfaí frioṫálaṁ air, aċ ionus go ndéanfaḋ sé frioṫálaṁ, agus ċun go dtaḃarfaḋ sé a anam féin mar ċeannaċ ar a lán daoine.
Seaċtṁoġad seaċtṁuin do cinneaḋ air do ṗobal agus air do ċaṫruiġ náoṁṫa, do ċur críċe air a tsáruġaḋ, agus críoċ do ċur air ṗeacaḋuiḃ, agus do ḋéanaṁ síoṫċána ar son éigceirt, agus do ṫaḃairt fíréantaċda síorruiḋe a steaċ, agus do ṡéulaḋ na fise súas agus na tairrġire, agus dungaḋ an té is ro Náoṁṫa.
Agus tar éis dá ṡeaċdṁuin agus trí fiṫċid géarfuiġear amaċ Messiah, aċt ní ar a ṡon féin: agus scriosfuiḋ pobal an ṗrionnsa ṫiucfas an ċaṫair agus an tsanctóir; agus biáiḋ a ccríoċ sin lé tuile, agus go deireaḋ an ċogaiḋ do cinneaḋ a náonranaċt.
Oír is aiṫne ḋaóiḃ grása ar Dtiġearna Iósa Criósd, do ḃríġ ar mbeiṫ ḋó saiḋḃir, go dtarla ḋó ḃeiṫ boċd ar ḃur sonsa, ċum siḃse do ḋéunmah saiḋḃir ré na ḃoċdainesion.
Tug é féin air ar son, ċum ar bfúasgalta ó gaċ uile ṗeacaḋ, agus ċum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanaṁuil aige féín, ag leanṁuin go dúṫraċdaċ do ḋeaġoíbriġiḃ.