Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 10:32 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Agus do ḃádar ar a tsliġe ag dul súas go Híerusaleim; agus do ḃí Iósa rompa: agus do ġaḃ iongantus íad; agus agá leanṁuin, do ġaḃ eagla íad. Agus ar mbreiṫ an dá ḟear ḋéug ḋó a ris, do ṫionnsgain sé na neiṫe do ṫeigéuṁaḋ ḋó dinnisin dóiḃ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Agus ḃí siad ar an ḃealaċ ag dul suas go h-Ierusalem, agus ḃí Íosa ag siuḃal rompa, agus ḃí iongantas orṫa, agus ġá leanaṁaint dóiḃ, ḃí eagla orṫa. Agus ġaḃ sé ċuige an dáréag arís agus ṫoisiġ sé a innse ḋóiḃ na neiṫe a ḃí le tuitim amaċ dó:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Agus do ḃíodar ar an sliġe, ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do ḃí Íosa ag siuḃal rómpa: agus do ḃí iongnaḋ orṫa: agus do ḃí eagla orṫa‐san agus iad ag leanaṁain ’n‐a ḋiaiḋ. Agus ṫug sé an dá‐réag i leaṫtaoiḃ arís, agus do ṫosnuiġ sé ar a innsin dóiḃ cad iad na neiṫe do ṫarlóċaḋ dó,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus ḃíodar ar an slíġ ag dul suas go Ierúsalem; agus ḃí Íosa rómpa amaċ, agus ḃí iongna orṫa, agus ḃíodar ag teaċt ’n-a ḋiaiḋ agus eagal orṫa. Agus do tog sé an dáréag airís, agus ċrom sé ar a ḋ’innsínt dóiḃ cad a ḃí le tuitim amaċ dó:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 10:32
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Eisd anois, a Iosuah a ardṡagairt, ṫú féin, agus do ċoimpánuiġ ṡuiġios as do ċoinne: óir is daóine da ndéantar iongnaḋ íad: óir, féuċ, do ḃéara misi amaċ mo ṡeirḃíseaċ, an BEANGAN.


Do ḟreagair Iósa a nuáirsin agus a duḃairt sé, Do ḃeirim buiḋeaċas ḋuit, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, ar son gur ḟoluiġ tú ná neiṫese ó ḋáoniḃ eagnuiḋe agus tuigseanaċa, agus gur noċt tú íad do leanbaiḃ.


Agus ar ḃfreagra ḋósan a duḃairt sé ríu, Do ḃríġ gur ab daóiḃsi tugaḋ fios rúindíoṁra na ríoġaċda neaṁḋa, do ḃeiṫ agaiḃ, agus níor tugaḋ ḋóiḃsean é.


Agus do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile, ionnus gur ḟíafruiġeadar eatorra féin, ag ráḋ, Créd é so? créd é an teagusg núaḋ so, go gcuireann sé smaċd maille ré cuṁaċduiḃ ar na spioraduiḃ neaṁġlana, agus do núṁluiġid ḋo,


Agus níor laḃair sé ríu aċd a gcosṁalaċdaiḃ: aċd ċeana do ṁíniḋ sé gaċ uile ní dá ḋeisciobluiḃ féin ar leiṫ.


Agus ar ḃfilleaḋ ċum a ḋeiscíobal, a duḃairt sé fá leiṫ riú, is beannaiġṫe na súile do ċí na neiṫe do ċiṫísi:


Agus ar na ráḋ so, do ċúaiḋ sé rompa, ag dul súas go Hiarasaleim.


Agus tárla, an tan do coíṁliónaḋ laéṫe a nglacfaiḋ súas é, gur ċuir sé roiṁe go daingion dul go Hiárusaléim.


Ar a naḋḃarsin a duḃairt Tomás, ré ráiḋtear Didimus, ré na ċoiṁḋeisciobluiḃ, Déanaimne leis, dfaġáil ḃáis na ḟárraḋ.


A duḃradar a ḋeisciobail ris, A Ṁaiġisdir, a nois diárradar na Iúdaiḋe gaḃáil do cloċuiḃ ort; agus an ḃfuil tú ag dul a rís ann?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ