Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 10:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus do ḃí úaṫḃás ar a ḋeisciobluiḃ tré na ḃríaṫruiḃ. Agus ar ḃfreagra Díosa a rís, a duḃairt sé riú, A ċlann, créd é ḋocraċd don ṁuinntir ċuireas a ndóiġ a saiḋḃreas, dul a sdeaċ go flaiṫeas Dé!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Agus ġaḃ uaṫḃás na deisciobail fá n-a ḃriaṫra. Aċt dʼḟreagair Íosa agus deir sé: A ċlann, naċ deacair dóḃṫa sin a mbíonn a muiniġin as saiḋḃreas dul isteaċ i ríoġaċt Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus do ċuir a ḃriaṫra uaṫḃás ar na deisceablaiḃ. Aċt do laḃair sé arís, agus aduḃairt sé leo, A ċlann, naċ deacair ḋóiḃ‐sean a ċuireas a muinġin as saiḋḃreas dul isteaċ i ríoġaċt Dé!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus do ċuir a ċaint uaṫḃás ar na deisgiobuil. Aċ d’ḟreagair Íosa airís, agus duḃairt sé leó: A ċlann ó, náċ deacair do ḋaoine go ḃfuil a mainiġín a’ saiḋḃreas dul isteaċ i ríġeaċt Dé!

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 10:24
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

O ḋaóiniḃ red láiṁ, a ṪIĠEARNA, ó ḋaóiniḃ an tsáoġail, agá ḃfuil a ccuid annsna mbeaṫaso, ag ar líonuis a mbuilg led ionnṁus foluiġeaċ: atáid síad lán do ċloinn, agus fágḃuid an ċuid oile dá maóin agá naóiḋeanuiḃ.


Dearc, an nduine naċ déarna a neart do Ḋía; aċt do ċuir a ḋóiġ iona iomad saiḋḃris, agus do neartuiġ é féin iona ċionntaiḃ.


Ná cuiriġ ḃur ndóiġ a sáruġaḋ, agus a sladuiġeaċd ná bíṫi díoṁaóin: an tan ḟásas saiḋḃrios, ná cuiriḋ ḃur ccroiḋe air.


An té ċuirios a ḋóiġ iona ṡaiḋḃrios tuitfiḋ sé: aċt bláiṫfid na fíréin aṁuil buinneáin.


Isé saiḋḃrios an duine ṡaiḋḃir a ċaṫair ḋaingion, agus bí sé aṁuil balla árd iona ḃaraṁuil féin.


An ccuirfiḋ tú do ṡúile annsa ní naċ ḃfuil ann? óir do ní saiḋḃrios go deiṁin sciaṫáin dó féin; eitillidsiad as aṁuil iolar ċum niṁe.


¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná deanaḋ an duine glic glóir as a ġliocus féin, agus ná glóruiġeaḋ an duine láidir as a ċuṁaċduiḃ, ná glóruiġeaḋ an duine saiḋḃir as a ṡaiḋḃrios:


¶ A ṁairg don té ṡantuiġios droċṡaint da ṫiġ, iondus go suiġeoċa sé a nead go hárd, ċor go sáorfuiḋe é ó ċuṁaċt a nuilc!


Ní mó ḟeadfas a nairgiod nó a nór a sáoraḋ a ló ḟeirge an TIĠEARNA; aċt sluigfiġear an talaṁ uile le teine a éuda: óir cuirfiḋ sé deireaḋ deiṫneasaċ leis a nuile ḋuine dá náitreaḃann san tir.


Agus ar na ċlos so dá ḋeisciobluiḃ, do ġaḃ iongnaḋ mór íad, ag ráḋ, Ar a naḋḃarsin cía is éidir do ṡlánuġaḋ?


Agus do ġaḃ úaṫḃás cáċ uile, ionnus gur ḟíafruiġeadar eatorra féin, ag ráḋ, Créd é so? créd é an teagusg núaḋ so, go gcuireann sé smaċd maille ré cuṁaċduiḃ ar na spioraduiḃ neaṁġlana, agus do núṁluiġid ḋo,


Agus an tan do ḟéuċ Iósa na ṫimċeall, a duḃairt sé ré na ḋeisciobluiḃ, Créd é a ḋocaṁluiġe don ṁuinntir agá ḃfuil saiḋḃrios dul a sdeaċ go flaiṫeas Dé!


Agus do Ċúaladar fós, na Ṗairisniġ sanntaċa, na neiṫesi uile: agus do rinniodar fonoṁad faóision.


A ċlann ḃeag, atáim fós seal beag ḃur ḃfarraḋ. Iarrfuiḋe mé: giḋeaḋ már a duḃairt mé ris na Iúduiḋiḃ, Giḋ bé áit a dtéiġimsi, ní ḟéudfáoisi ṫeaċd ann; is mar sin a deirim riḃsi a nois.


Ar a naḋḃarsin a duḃairt Iósa ríu, A ċlann, an ḃfuil blaḋ ar biṫ aguiḃ? Do ḟreagradarsan é, Ní ḃfuil.


Ar a nadḃarsin, ar na gcloisdin so, do ṁórán dá ḋeisciobluiḃsion, a duḃradar, As crúaiḋ an coṁráḋ so; cía lér ab éidir éisdeaċd ris?


A ċlann ḃeag, agá ḃfuilim a rís ré nioḋnuiḃ ḃur dtimċeall nó go ndealḃṫar Críosd ionnuiḃ,


Fogair don druing atá sáiḃḃir sa tsáoġalsa, gan ḃeiṫ áirdinntinneaċ, ná a muiniġin do ċur a sáiḋḃreas neaṁbuáin, aċd sa Día ḃeó do ḃeir ḋúinne go sáiḋḃir na huile neiṫer ċum a ccaiṫṁe;


A ċlann ḃeag, sgríoḃuim na neiṫese ċuguiḃ, ionnus naċ déunaḋ siḃ peacaḋ. Agus má rinne éinneaċ peacaḋ, atá aḃcóidiġ aguinn a ḃfoċair a Naṫar, Iósa Críosd an firéún.


A ċlann ḃeag, as ó Ḋía atá siḃse, agus rugaḃair buáiḋ orrṫasan: óir as mó an tí atá ionnuiḃse, na an tí atá sa doṁan.


A ċlann ḃeag, coiṁéuduiġ siḃ féin air ioḋaluiḃ. Amén.


Oír a deir tú, Atáim saiḋḃir, agus líonta do ṁáoin, agus ní ḃfuil uireasḃuiḋ éinneiṫe oram; agus gan a ḟios agad go ḃfuil tú dearóil, agus ad ṫrúaġan, agus boċd, agus dall, agus lomnoċd:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ