Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 10:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus do ġaḃ doilġeas eisean ar son an ċoṁráiḋ sin, agus do imṫiġ sé go tuirseaċ: óir do ḃí iomad saiḋḃris aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Aċt ċuir an ċainnt sin buaiḋreaṁ mór air agus dʼimṫiġ sé fá ḃrón; óir ba duine é a raiḃ mórán saiḋḃris aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Aċt ar gclos na cainnte sin dó, ṫáinig cuma an ḃróin ar a éadan, agus d’imṫiġ sé go h‐atuirseaċ, mar ba ḋuine é ag a raiḃ mórán saiḋḃris.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus do ċuir an ċaint sin buairt ar an nduine, agus d’imṫiġ sé fé ḃrón; mar duine ab eaḋ é go raiḃ a lán saiḋḃris aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 10:22
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tigid síad ad ċoinne mar ṫigid an pobal, agus suiġid dot laṫair mar mo ḋaóinesi, agus cluinid do ḃríaṫra, aċt ní háill léo a ndéanaṁ: óir taisbeanuid síad mórán gráḋa le na mbéul, agus téid a ccroiḋe do réir a sainte.


Agus an neaċ úd ann ar cuireaḋ an síol a measg an ṁuiniġ ag so an té do ċluin an ḃríaṫar; agus múċaiḋ róċuram an tsaoġailsi, agus mealltóireaċd an tsaiḋḃris an ḃríaṫar, agus bí sé gan toraḋ.


Agus an tráṫ dó ċúaluiḋ an tógánaċ an coṁraḋsin, do imṫiġ sé go doḃrónaċ: oír do ḃí iomad saidḃris aige.


Ann sin mar do ċonnairc Iúdas, do ḃraiṫ é, gur damnuiġeaḋ é, do ġaḃ aiṫreaċas e, agus do aisig sé na deiċ bpiósa ḟiṫċead airgid do na hárdsasgartuiḃ agus do na sinnsearuiḃ,


Aċd ar ḃféuċain Díosa air, tug sé graḋ ḋó, agus a duḃairt sé ris, A tá én ní duireasḃuiḋ ort: imṫiġ, reac a ḃfuil agad, agus taḃair do na boċdaiḃ, agus do ġéuḃa tú cisde ar neaṁ: agus tárr, tóg do ċros, agus lean misi.


Agus an tan do ḟéuċ Iósa na ṫimċeall, a duḃairt sé ré na ḋeisciobluiḃ, Créd é a ḋocaṁluiġe don ṁuinntir agá ḃfuil saiḋḃrios dul a sdeaċ go flaiṫeas Dé!


Oír do ḃí eagla Eóin ar Iorúaiṫ, ar mbéiṫ a ḟeasa aige gur ḋuine coṁṫrom náoṁṫa é, agus do ċoiṁéd sé é; agus ar néisdeaċd ris, do níoḋ sé mórán, agus do éisdeaḋ sé ris go toileaṁail.


Agus do ḃí an rí lán do ḋoilġeas; aċd ar son a ṁionn, agus na druinge do ḃí na suiḋe na ḟoċair, níor ḃáill leis isi do ḋiultaḋ.


Agus a duḃairt sé riú, Feaċaiḋ, agus seaċnuiḋ siḃ ar a tsaint: oír ní a níomarcuiġ an tsaíḋḃris atá ag duine air biṫ atá a ḃeaṫa.


Agus ar na ċloinnsin so ḋósan, do ġlac tuirse ṁór é: óir do ḃí sé roṡaiḋḃir.


Oír an doilġeas ḃíos do réir Dé oibriġe sé aiṫriġe ċum slánaiġṫe naċ aiṫreaċ linn: aċd óibriġeann doilġeas an tsáoġáil bás.


Oír atá a ḟios so aguiḃ, naċ ḃfuil oiġreaċd a ríoġaċd Ċriosd agus Dé, ag sdríopuiḋ ar biṫ, aig neaċ neaṁġlan, ná ag duine sanntaċ, noċ as íoḋalaḋruiġ,


Oír do ṫréiġ Démas mé, ar dtáḃairt ġráḋa don tsáoġalsa a láṫair, agus do imṫiġ sé go Tessalonica; Crescens go Galátia, Titus go Dalmátia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ