Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 1:34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus ṡlánuiġ sé mórán ar a raḃadar easláinteaḋa ilġnéṫeaċa, agus do ṫeolg sé amaċ mórán deaṁan; agus níor ḟulaing sé do na deaṁnuiḃ a ráḋ, go raiḃ éolus aca air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus leiġeas sé mórán a raiḃ galair deʼn uile ċinéal ag goillstin orṫa, agus ṫeilg sé amaċ mórán deaṁan, agus níor ċeaduiġ sé dóiḃ laḃairt, mar gur aiṫin siad é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus do leiġeas sé a lán daoine ar a raiḃ galair ilġnéiṫeaċa, agus do ċaiṫ sé amaċ a lán deaṁan; agus níor ċeaduiġ sé do na deaṁanaiḃ laḃairt, mar d’aiṫniġeadar é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus do leiġis sé na sluaiġte daoine ó gaċ saġas galair d’á raiḃ orṫa, agus ċuir sé amaċ na sluaiġte deaṁan, agus níor leig sé ḋóiḃ laḃairt, mar d’aiṫníġeadar é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 1:34
6 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġaḃ Iósa a dtimċeall na Galilé uile, ag teagasg ann a sionagóguiḃ, agus ag seanmóir ṡoisgéil na rioġaċda, agus ag slánúġaḋ gaċ tinnis agus gaċ éagcrúais a measg an ṗubail.


Agus do ċúaiḋ a ċlú feaḋ na Síria uile: agus tugadar ċuige gaċ áon da raiḃ easlán agus ar na gcuiḃreaḋ lé gálruiġṫuḃ agus le piántúiḃ éugsaṁla, agus agá mbidis deaṁain ionnta, agus do ḃíoḋ tinn lé goin na raé, agus luċd pailirise; agus do ṡlánuiġ sé iád.


Agus do ḃagair Iósa air, ag ráḋ, Bí ad ṫoċd, agus tárr a maċ as.


Aċd do ḃagair séisean go mór orrṫa, do ċum naċ ḃfoilseoċaidís é.


Agus fós do imṫiġid ís na deaṁain as mórán, ag éiġṁe, agus ag ráḋ, Is tusa Críod Mac Dé. Aċd dá nimḋeargaḋ ḋósan ní léiġeaḋ sé ḋóiḃ a ráḋ: go raiḃ a ḟios aca gur ḃé féin Críosd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ