Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 1:32 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Agus an tan do ḃí deireaḋ an láoi ann, ar ndul don ġréin fáoi, tugadar ċuige gaċ áon dá raiḃ easlan, agus an a raḃadar deaṁain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Agus nuair a ḃí sé ina ṫráṫnóna i ndiaiḋ luiġe gréine, ṫug siad ċuige gaċ aon dá raiḃ easlán agus dá raiḃ deaṁan ann,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Agus, tar éis dul faoi do’n ġréin, tráṫnóna, ṫugadar ċuige na daoine ar a raiḃ easláinte, agus iad‐san ’n‐a raiḃ deaṁain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus nuair a ṫáinig an tráṫnóna agus ċuaiḋ grian fé, ṫugadar ag triall air gaċ aoinne a ḃí as a ṡláinte agus gaċ aoinne go raiḃ deaṁan ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 1:32
8 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċúaiḋ a ċlú feaḋ na Síria uile: agus tugadar ċuige gaċ áon da raiḃ easlán agus ar na gcuiḃreaḋ lé gálruiġṫuḃ agus le piántúiḃ éugsaṁla, agus agá mbidis deaṁain ionnta, agus do ḃíoḋ tinn lé goin na raé, agus luċd pailirise; agus do ṡlánuiġ sé iád.


Aċd an tan do ḃí déireaḋ an láoi ann, tugadar ċuige móran ann a raḃadar deaṁain: agus do ṫeilg sé na spioruidiġe a maċ lé na ḟocal, agus do ṡlánaiġe sé gaċ uile ḋuine dá raiḃ easlán.


Do ċum go gcoiṁliónfuiġṫe an ní a duḃairt Esaias an ḟaiġ, a deir, Do ġaḃ seisean ar néagcrúaisne air, agus do iomċair sé ar ngalruiġṫe.


Agus tíaġuid a sdeaċ go Capernáum; Agus ar an mball sá stsabbóid do ċúaiḋ Iosa don tsionsgóig, agus do ṫeaguisg sé ann.


Agus táinic seision na cionn agus do ṫóg sé í, ag breiṫ ar láiṁ uirrṫe; agus do ḋealuiġ an fíaḃrus ría ar am mball, agus do rinne si frioṫólaṁ ḋóiḃ.


Agus do ḃádar agá ḃraṫ, an sláinéoċaḋ sé é san tsabbóid; ionnus go gcuirfidís cúis air.


Agus ar ndul don ġrein faoi, gaċ áon ága raḃadar dáoine eagcrúaiḋ ó ṫinneasaiḃ éugsaṁla tugadar ċuigesean íad; agus ar gcur a láiṁ ḋósan ar gaċ áon díoḃ, do ṡlánuiġ sé íad.


Agus fós do imṫiġid ís na deaṁain as mórán, ag éiġṁe, agus ag ráḋ, Is tusa Críod Mac Dé. Aċd dá nimḋeargaḋ ḋósan ní léiġeaḋ sé ḋóiḃ a ráḋ: go raiḃ a ḟios aca gur ḃé féin Críosd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ