Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Malaċi 4:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus iompoċa sé croiḋe na naiṫreaḋ ċum na cloinne, agus croiḋe na cloinne ċum na naiṫreaḋ, deagla go ttiuefuinnsi agus go mbuáilfinn an talaṁ lé malluġaḋ. DEIRIḊ NA ḂFAĠ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Malaċi 4:6
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt lé firéantaċd ḃreiṫneoċuiḋ sé na boiċd, agus aiṫḃeoruiḋ sé le coṁṫrom ceannsuiġṫe na talṁan: agus buáilfiḋ sé an talaṁ le slait a ḃéil, agus lé hanáil a ṗuisineaḋ ṁuirfeas sé na cionntoiġ.


Uimesin do ṡluig malluġaḋ an talaṁ, agus an luċd áitreaḃus ann atáid dúḃaċ: uimesin do loisgeaḋ dúṫċusaiġ na talṁan, agus is beag do ḋaoimḃ do fágḃaḋ ḋíoḃ.


¶ Guṫ an té ḟúagras ann sa ḃfásaċ, Gléasuiḋ sliġe an TIĠEARNA, déanaiḋ díreaċ annsa díoṫraṁ sliġe ṁór dar Ndía.


Unnesin do ṫruáilliġ mé prionnsaḋa na sanctóra, agus ṫug mé Iacob don ṁalluġaḋ, agus Israel do na scannlaċaiḃ.


Dfúagra blíaḋna taitneaṁuiġ an TIĠEARNA, agus láe dioġaltais ar Ndé; do ċaḃruġaḋ na méide ċaoiḋeas:


Agus fuigfiḋe ḃur nainm mar ṁailaċt ag mo ḋáoine toġṫasa: óir muirfiḋ an Tiġearna DIA ṫú, agus goirfiḋ sé a ṡeirḃísiġ re amm oile:


Do ṡáruiġ fós, Israel uile do ḋliġeaḋ, agus sin le filleaḋ air ais, ċor naċ éisdedís red ġúṫsa; uimesin do dóirteaḋ an málluġaḋ oruinn, agus an mionn atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise seirḃiseaċ Dé, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar na aġaiḋ.


Oír ní ḃiáiḋ truáiġe agamsa ní is mó dáitreaḃṫaċaiḃ na tíre, a deir an TIĠEARNA: aċt, féuċ, seaċoduiġ mé na daóine gaċ aon fa leiṫ a láiṁ a ċoṁarsan, agus a láiṁ a ríġ: agus buailfid síad an tír, agus ní ṡaórfa mé as a láiṁ íad.


Agus tiucfaiḋ a ccríċ, annsa talaṁ uile, a deir an TIĠEARNA, go ngeárrfuiġear amaċ ḋá ċuid agus go néagfuid; aċt fúigfiġear trían ann.


¶ Agus buḋ í so an ṗláiġ le a mbuáilfiḋ an TIĠEARNA na daóine uile do ṫroid a naġaiḋ Ierusalem; Cnaoiḋfiḋ a ḃfeóil díoḃ an feaḋ ṡeasfuid air a ccosaiḃ, agus leaġfuid a súile úaṫa iona bpollaiḃ, agus cnáoiḋfiġear a tteanga iona mbéul.


Oír cruinneoċa misi na huile ċineaḋaċa a naġaiḋ Ierusalem ċum caṫa; agus géaḃṫar an ċaṫair, agus sladfuiġear na tiġṫe, agus béid na mná éigniġṫe; agus raċaiḋ leaṫ na caiṫreaċ a mbrúid, agus ní geárfuiġear an ċuid oile don ṗobal ón ccaṫruiġ.


Annsin a duḃairt seision riom, Isé so an malluġaḋ ṫéid amaċ ṫair aġaiḋ na talṁan uile: óir géarrfuiġear amáċ gaċ uile ḋuine ġadus mar buḋ eaḋ don taóiḃsi ḋá réir; agus géarrfuiġear amaċ gaċ uile ḋuine do ḃeir mionna mar buḋ eaḋ don taóiḃ oile ḋá réir.


Agus an tan do ċúalaiḋ an rí so, do ġaḃ fearg e: agus ar gcur a ṡlúaġṫe úaḋ, do sgrios sé an luċd dúnṁarḃṫa úd, agus do loisg sé a gcaṫair.


Agus ar gcuiṁniuġaḋ do Ṗeadar a duḃairt sé ris, A Ṁaiġisdir, féuċ, an crann fíge úd do ṁalluiġ tú a tá sé ar gcríonaḋ.


Agus tusa, a leiniḃ, goirfiṫear diot faíḋ an té as Airde: óir raċuiḋ tú roiṁ aġaiḋ an Ṫiġearna dullṁuġaḋ a ṡliġeaḋ;


Aċd an talaṁ do ḃeir sgeaṫaċ agus driseaċ úaḋa as diomolta, agus is fogus é dá ḃeiṫ malluiġe; agúr ab é a ċríoċ a losgaḋ.


Agus ṫáinic cloiḋeaṁ géur ḋá ḟáoḃar amaċ as a ḃéul, ċum na gcineaḋaċ do ḃúalaḋ ris: agus do ḋéunuiḋ sé a ríaġluġaḋ ré slait íaruinn: agus a se ṡaltras fá na ċosaiḃ úmar fíona cúṫuiġ ḟeirge Dé Uileċuṁaċduiġ.


Agus ní ḃiáḋ malluġaḋ ar biṫ ann ní sa ṁó: aċd biáiḋ caṫaóir Dé agus a Nuáin innte; agus do ḋéunuiḋ a ṡearḃḟoġantuiġeaḋa seirḃís dó:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ