Cuirṫear san úaiḋ íad mar ċáorċaiḃ; iosfuiḋ an bás íad; biáiḋ úaċdaránaċd ag an ḃfíréun orra air maidin; agus cnaóifiġear a mbréaġḋaċd san úaiḋ as a nionad coṁnuiġe.
Do ṡaltair an TIĠEARNA síos mo ḋaoine cuṁaċtaċa uile ann mo lár: do ġoir sé oireaċtus am aġaiḋ do brúiġeaḋ mo ḋaóine óga: do ḃrúiġ an TIĠEARNA an ṁaiġdion, inġean Iúdah, aṁuil buḋ a númar fíona.
Do ṡaluiġ tú do ṡanctóir lé híomadaṁlaċt héigceart, lé éigceart do ċeannuiġeaċta; uimesin do ḃéara misi teine amaċ as do lár, loisgfiḋ sí ṫú, agus do ḃéara mé ad lúaiṫreaḋ ṫú ċum na talṁan a raḋarc a nuile ḋuine do ċí ṫú.
Agus béarṫar an rioġaċd agus an tiġearnas, agus mórḋaċd na rioġaċda faói neaṁ go hiomlán, do ṁuinntir náoṁ an té is ró Aírde, noċ ar rioġaċd síorruiḋe a rioġaċt, agus fóiġeonuid agus uiṁleoċuid a nuile ṫiġearnas dó.
¶ Agus biáiḋ íarḋraói Iácob a measg na ngeinteaḋ a lár ṁóráin daóine aṁuil leoṁan a measc ḃeaṫaċ na foraóise, aṁuil óg leoṁan a measg na ttréud cáoraċ: noċ, má ṫéid sé ṫrid, sailteoruiḋ sé síos agus fós stíallfniḋ sé na mbloḋuiḃ; agus ní ḟeadfuiḋ duine ar bioṫ sin do ṫarṫáil.
Annsin do ċífiḋ an ḃean is náṁa ḋaṁ é, agus foileoċuiḋ náire ise, noċ a duḃairt riom, Cáit a ḃfuil an TIĠEARNA do Ḋía? do ċífid mo ṡúile í: anois sailteorṫar síos í mar laiṫiġ na sráideann.
Agus béid síad mar ḋaóiniḃ cuṁaċtaċa, noċ ṡaltras siós a naiṁde a laṫuiġ na sráideann annsa ċaṫ: agus troidfid síad, do ḃríġ go ḃfuil an TIĠEARNA maille ríu, agus náireoċṫar an drong do ní marcuiġeaċd air eaċaiḃ.
Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.