Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Malaċi 4:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Oir, féuċ, tiucfa an lá loiscfios aṁuil bacús; agus na húaiḃriġ uile, fós, a nuile ḋuine do ní urċóid, béid na cconnlaċ: agus loiscfiḋ an lá ṫiucfas íad súas, a deir TIĠEARNA na slóġ, iondus naċ ḃtágfa fréuṁ nó beangán díoḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Malaċi 4:1
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tiormoċṫar a ḟréuṁa ṡíos, agus gearrfuiġṫear ṡúas a ḃeangáin amaċ.


Teilgir uáit mar ṡalċar a ḃfuil do ṗeacaċuiḃ air an ttalaṁ: ar a naḋḃarsin gráḋuiġim ṫfíaḋnuiseaḋa.


Oír gearrfuiġṫear amaċ luċd déanta na héagcóra: agus luċd feiṫṁe air an TTIĠEARNA, ġeaḃuid óiġreaċd a nfearuinn.


Ré méud hoirḋearcuis do ċlaoiḋ tú íad noċ do éiriġ súas ad aġaiḋ: do ċuir tú tḟearg amaċ, noċ do ċnáoi íad mar ċonlaċ.


Fós, ní planndoċṫar íad: fos, ní siolċuirfiġear íad: fós, ní ġéaḃuiḋ a mbun fréuṁ annsa talaṁ: agus séidfiḋ sé fós orra mar an ccéadna, agus críonfuid, agus béaruiḋ an ġáoṫ ġuairdéain lé íad aṁuil connlaċ.


Cia ṫóg súas an fíréan ó noirṫear? do ġoir ċum a ċoise é, ṫug na cineaḋaċa dá laṫair, agus ṫug air ríaġlaḋ ós cionn ríġṫe? ṫug sé íad aṁuil luáiṫreaḋ ḋa ċloiḋeaṁ, agus mar ċonnlaċ teilgṫe, ḋa ḃoġa.


Féuċ, biáiḋ síad aṁuil connlaċ; loisgfiḋ an teine íad; ní ṫárṫoċuid íad féin ó neart na lasraċ: ní ḃiáiḋ sméaróid ċum do ġoraḋ ris, nó teine do ṡuiġe aice.


Uime sin mar loisgios an teine an connlaċ, agus mar loisgios an lasair an cáiṫleaċ, marsin ḃías a ḃfréuṁ mar loḃaḋ, agus raċaid a mbláṫa súas aṁuil luáiṫreaḋ: do ċionn gur ṫeilgiodar úaṫa dliġeaḋ TIĠEARNA na slóġ, agus gur ṫarcuisniġeadar bríaṫar Aóin Náoṁṫa Israel.


¶ Oír loisgiḋ an tolc mar ṫeine: loisgfiḋ na dreasa agus na dosáin, agus lasfuiḋ a ttiuġ ná ḃforaóiseaċ, agus éireoċuid súas cosṁuil ré héirġe súas deatuiġe.


Tre ḟeirg ṪIĠEARNA na slóġ dorċuiġṫear an dúiṫċe, agus béid na daóine mar ċonnaḋ na teineaḋ: ní ċoigeola áonduine a ḋearḃraṫair.


Agus scagfa mé amaċ as ḃur measc na ceannairgṫíġ, agus an dream ṡáruiġios am aġuiḋ: do ḃéara mé amaċ as an ttír íad mar a ṁéid ar cuáirt, agus ní raċfuid a steaċ a ttír Israel: agus aiṫeontaoi gur misi an TIĠEARNA.


Biáiḋ tú mar ċonnaḋ don teine; biáiḋ ṫfuil a meaḋon na tíre; ní cuiṁneoċṫar ṫú ní sa ṁó: óir is misi an TIĠEARNA do laḃair é.


Annsin cuir folaṁ é air a sméaróidiḃ, nó go raiḃ a ṗrás te, agus go ndoiġfeaḋ, agus go leaġṫar a ṡalċar ann, lé loisgṫear a scim.


Agus air ḃur sonsa, mo ṫréud, is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, do ḃeirim breaṫ idir áirnéis agus áirnéis, idir na reiṫiġiḃ agus na gaḃair ḟirionna.


Féuċ an lá, féuċ, ṫáinic sé: do ċuáiḋ an ṁáidin amaċ; ṫáinic bláṫ air an tslait, do ġin an túaḃar.


Ṡeidiġ an stoc a Sion, agus fuáimniġ gáir ann mo ṡlíaḃ náoṁṫa: crioṫnuiġedís luċt áitreaḃṫa na tíre uile: óir tig lá an TIĠEARNA; óir atá sé a ḃfogus;


Fillfiġear an ġrían a ndorċadas, agus an ġealaċ a ḃfuil, rioṁe an lá mór agus úaṫḃásaċ an TIĠEARNA do ṫeaċt.


¶ Giḋeaḋ do scrios misi an Tamoríteaċ rompa, a raiḃ a áirde cosṁuil le háirde cedair, agus do ḃí laidir aṁuil na dairġiḃ; giḋeaḋ do scrios mé a ṫoraḋ a núas, agus a ḟréaṁa fáoi.


Agus biáiḋ tiġ Iácob na ṫeine, agus tiġ Ióseṗ na lasair, agus tiġ Esau na ċonnlaċ, agus lasfuid ionta, agus dóiṫfid íad; agus ní ḟanfa áon do ṫiġ Esau; óir a duḃairt an TIĠEARNA é.


Oír an feaḋ ḃéid fillte air a ċéile mar ḋroinġne, agus an feaḋ ḃéid ar meisce aṁuil luċt meisce, loiscfiġear íad aṁuil connlaċ láinṫirim.


Atá lá mór an TIĠEARNA á ḃfogus, atá sé a ngar, agus deiṫfríġiḋ sé go mór, eaḋon gúṫ laoi an TIĠEARNA coṁaircfiḋ an duine cuṁaċtaċ annsin go haiḋṁéil.


Ní mó ḟeadfas a nairgiod nó a nór a sáoraḋ a ló ḟeirge an TIĠEARNA; aċt sluigfiġear an talaṁ uile le teine a éuda: óir cuirfiḋ sé deireaḋ deiṫneasaċ leis a nuile ḋuine dá náitreaḃann san tir.


Feuċ, atá lá an TIĠEARNA ag teaċt, agus roinnfiġear héadail a stiġ ann do lár.


Agus a nois goirmid sona don núaiḃreaċ; aseaḋ, atá an luċt oibriġios urċóid ar na ccur súas; fós, atá an luċt ċuirios caṫuġaḋ ar Ḋia atáid ċeana ar na saóraḋ.


Annsin iompoċṫaói, agus eidirḋeileoċṫaói idir an ḃfíréun agus an ciontaċ, idir an té ḟoġnas do Ḋía agus an té naċ ḃfoġnann dó.


Aċt cía ḟéadas lá a ṫeaċta dfulang? agus cía ṡeasfas an tan ṫaisbeanfas sé é féin? óir is cosṁuil é re teine an ċeárda, agus re sóp ḟiġealta éaduiġ:


Agus suiġfiḋ sé aṁuil ceárd agus glantóir airgid: agus glanfa sé mic Léḃi, agus sciúrta sé íad aṁuil agus airgiod, ċor go nofráluid don TIĠEARNA ofráil a ḃfíréantaċd.


¶ Féuċ, cuirfe mé Eliiah an fáiġ ehugaiḃ suil ṫiucfas lá mór baoġlaċ an TIĠEARNA:


Agá ḃfuil a críaṫar ann a láiṁ, agus glanfuiġ sé urlár a ḃúailte, agus cruinneoċuiġ sé an ċruiṫneaċd an ait ṫaisgiḋe; agus loisgfiḋ sé an ċáiḋ lé teiniġ naċ éidir do ṁúċaḋ.


Oír tiocfuid láeṫe ort, ann a dteilgfid do naiṁde diog ad ṫimċeall, agus iona dtimċiollfaid, agus iona gcuiḃreoċaid ṫú gaċ éantáoḃ.


Agus an tan do ċífí Iérusalem ar na timċeallaḋ ó ṡlúaġuiḃ, bíoḋ a ḟios aguiḃ an tansin gur ab fogas a fásuġaḋ.


Déunuiḋ gáirdeaċus an lá sin, agus éirġiḋ a náirde ré lúṫġáire: óir, féuċ, as mór ḃur lúaiḋeaċd ar neaṁ: oír as mar sin do rinneadar a naiṫreaċa ris na faiḃiḃ.


A dteine lasarrḋa ag déunaṁ díoġaltuis ar a ndruing ag naċ ḃfuil éolas Dé, agus náċ dtaḃair úṁlaċd do ṡoisgéul an Dtíġearna Iós Críosd:


Aċd neaṁ agus talaṁ, a nois atáid da dtaisge ris an mbréiṫir gcéudna, dá gcoiṁéud fá ċoṁair teineaḋ go lá damnuiġe agus sgriosda na ndáoineaḋ neiṁḋíaġa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ