Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Malaċi 3:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 ¶ Eaḋon ó láeṫiḃ ḃur naiṫreaḋ do imṫiġeaḃair óm órduiġṫiḃsi, agus níor ċuṁduiġeaḃair íad. Filliḋsi ċugamsa, agus fillfiḋ misi ċugaiḃsi, a deir TIĠEARNA na slóġ. Aċt a duḃraḃairsi, Cred iona ḃfillfiom?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Malaċi 3:7
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ṫairis sin do ḃádar easúṁal, agus do ċaṫuiġeadar ad haġaiḋsi, agus do ṫeilgiodar do ḋliġeaḋ táoḃ ṡíar dá ndruim, agus do ṁarḃadar ṫfáiġe noċ do níoḋ fiaḋnuise na naġaiḋ dá bfilleaḋ ċugadsa, agus do oibriġeadar glúasaċta móra.


Do leaṫnuiġ mé mo láṁa amaċ ar feaḋ an laói ċum ciniḋ easumbuil, noċ ṡiuḃluiġios a sliġe naċ maiṫ, agus iona smuaintiġṫiḃ féin.


Ann sin a déara tú ríu, Do ḃríġ gur ṫréigeadar ḃur naiṫre mé, a deir an TIĠEARNA, agus gur ṡlúḃluiġeadar a ndiáiġ dée oile, agus gur aḋradar ḋóiḃ, agus gur onóruiġeadar íad, agus gur ṫréigeadar misi, agus nar ċoiṁéadadar mo ḋliġeaḋ;


Agus go ndearnaḃairsi ní as measa náid ḃur naiṫre; óir, féuċ, siúḃluiġ gaċ uile ḋuine aguiḃ do réir smuáiniġ a droċċroiḋe féin, ċor naċ féidir léo éisteaċd riomsa:


Filliḋ, a ċlann ṁíoċoinġiollaċ, agus leiġeosuiḋ misi ḃur míoċoinġioll. Feuċ, ṫangamar ċugadsa; óir is tú an TIĠEARNA ar Ndía.


On ló fá ttangadar ḃur naiṫre amaċ as criċ na Hégipte gus a niuġ do ċuir me mo ṡeirḃísiġ uile ċugaiḃ na fáiġe, ag éirġe go moċ go laéṫeaṁuil agus dá ccur uáim:


Giḋeaḋ níor éisteadar riom, níor ċláonadar a cclúas, aċt do ċruaiḋeadar a muinéil: do rínneadar níos measa náid a naiṫre.


Agus a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, cuirim ṫú go cloinn Israel, go cineaḋ easuṁal do ċuáiḋ a neasáonta am aġaiḋsi: do ċiontuiġeadar féin agus a naiṫre am aġaiḋ, gus an ló a niuġ.


¶ Aċt do ċaṫuiġ tiġ Israel am aġaiḋsi annsa ḃfásaċ: níor ṡiuḃluiġeadar ann mo reaċtuiḃ, agus do ṫarcuisniġeadar mo ḃreiṫeaṁnusa, noċ dá ndéarnaiḋ duine, mairfiḋ sé ionta; agus do ṫruáilliġeadar mo ṡabbóide go mór: annsin a duḃairt mé, Go ndóirtfinn amaċ mo ḋioġaltas orra annsa ḃfásaċ, da scrios.


Ṫairis sin do ċaṫuiġeadar an ċlann am aġaiḋ: níor ṡiuḃluiġeadar ann mo reaċduiḃ, ní mo do ċoiṁéadadar mo ḃreiṫeaṁnuis dá ndéanaṁ, noċ dá ndéarna duine, mairfiḋ sé ionta; do ṫruáilleadar mo ṡaóire: annsin a duḃairt mé, Go ndóirtfinn amaċ mo ḋioġaltas orra, do ċoiṁlíonaḋ mfeirge na naġaiḋ annsa ḃfásaċ.


An tan ṫug mé íad don tír, ar son ar ṫóig mé súas mo láṁ dá ṫaḃairt dóiḃ, annsin do ċonncadar gaċ uile ċnoc árd, agus na huile ċranna tíuġa, agus díoḋbradar annsin a níoḋbarṫa, agus annsin do ṫaḃradar gréasaċd a nofrala: annsin mar an gceadna ṫugadar a mbolaḋ cúṁra, agus do ḋóirteadar amaċ annsin a nofrála diġe.


Aċt do ċaṫuiġeadarsan am aġaiḋ, agus níor éistiodar riom: níor ṫeilg gaċ áon aca úaḋ gráineaṁlaċta a ṡúl, ní mó do ṫréigiodar ioḋail na Hégipte: annsin a duḃairt misi, Dóirtfe mé a núas mo ḋíḃḟearg orra, do ċoiṁlionaḋ mfeirge na naġaiḋsion a meaḋon ċríċe na Hégipte.


Oh a Israel, fill ċum an TIĠEARNA do Ḋía; óir ṫuit tú lead éigceart.


Uimesin abairsi riú, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Filliḋsi ċugamsa a deir TIĠEARNA na slóġ, agus fillfe misi ċugaiḃsi, a déir TIĠEARNA na slóġ.


¶ Onóruiġ mac a aṫair, agus onór uiġ serḃíseaċ a ṁaiġistir: maiseaḋ más aṫair misi, caiḋe monóir? agus mas maiġistir mé, caiḋe meagla? a deir TIĠEARNA na slóġ riḃsi, a ṡagarta, ḋímeasas mainm. Agus a dearṫaói, Cred ionar ḋísbeagamairne hainm?


¶ Do ḃádar ḃur mbríaṫra borb am aġaiḋse, a deir an TIĠEARNA. Giḋeaḋ a dearṫaóise, Cred do laḃramar ad aġaiḋ?


Is anáoiḃinn dáoiḃ a sgríobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟuarċraḃuiḋ! oír is cosṁuil siḃ ré túamiḋiḃ geala a tá deaġṁaiseaċ don taóḃ a muiċ, agus a tá a sdíġ lán do ċnáṁaiḃ dáoine marḃ, agus dá gaċ uile ṡalċar.


Agus bá ṁian leis a ḃlog do Líonaḋ do na féiṫéoguiḃ do na muca: agus ní ṫugaḋ éanduine ḋó íad.


Aċd a deir sé a naġuiḋ Israél, Do ṡín mé amaċ mo láṁa feaḋ an láoi ċum pobuil easúṁuil laḃrus am aġaiḋ.


Oir ar mbeiṫ ainḃfeasaċ ḋóiḃ a ḃfiréantaċd Dé, agus ag íarruiḋ a ḃfireantaċd féin do ṡeasaḋ, níor ísliġeadar íad féin dfiréantaċd Dé.


Agus do ḃí misi ar uáiriḃ beó a ḃféugṁais an reaċda: aċd ar dteaċd do náiṫne, do aiṫḃéoḋaiḋ an peacaḋ, agus fuáir misi bás.


Oír a nuáir do ḃéara misi don tír íad, noċ do ṁionnuiġ mé dá naiṫriḃ, atá lán do ḃainne agus do ṁil; agus íosuid siad agus líonfuid íad féin, agus ḟasfuid méaṫ; annsin iompóċuid ċum dée oile, agus foiġeonuid dóiḃ, agus cuirfid fearg ormsa, agus brisfid mo ċunnraḋ.


Druidiġ ré Día, agus druidfé sé riḃ. Glanuiḋ ḃur láṁa, a ṗeacaċa; agus glanuiġ ḃur gcroíḋṫe, a luċd na dá intinne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ