Annsa ló ċeudna sin do rinne an TIĠEARNA cuimraḋ ré Abram, ḋá ráḋ; Dot ṡíolsa ṫug mé an tírsi, ó aḃuinn na Héigipte go nuige an sruṫ mór, sruṫ Euṗrátes:
Ṫairis sin, mar do ḃí sé trócaireaċ, do ṁaiṫ a ccionta, agus níor sgrios íad: agus dfill sé go minic a ḟearg tar a hais, agus níor ṁúscail sé a ḋiḃḟearg uile.
Is marso a déir an TIĠEARNA Ríġ Israel, agus a ḟúascaltóir TIĠEARNA na slóġ; Is misi an céad, agus is mé an deiġionaċ; táoḃ aṁuiġ ḋíom ní ḃfuil Día ar biṫ.
Agus go nuige a naóis ḟoirfe is misi féin é; agus fós go nuige an ḃfolt líaṫ iomċora mé: is misi do rinne, agus is mé iomċorus; iomċora mé, agus sáorfa mé siḃ.
Do nímsi órduġaḋ, An gaċ uile ṫiġearnas dom rioġaċd go mbiáiḋ crioṫ, agus uáṁan air a nuile roiṁe Día Ḋániel: óir isé an Día béo é, agus daingion go bráṫ, agus isí a rioġaċt naċ sgriosfuiġear ċoiḋċe, agus biáiḋ a ṫiġearnas go deireaḋ.
Ní ċríoċnoċa mé buirbe mfeirge, ní iompoċa mé do ṁilleaḋ Eṗraim: óir is Día mé, agus ní duine; an Táon Náoṁṫa ann do lár: agus ní raċuiḋ mé a steaċ annsa ċaṫraiġ.
¶ Naċ ḃfuil tusa ó ṡíorruiġioċd, a ṪIĠEARNA mo Ḋía, Máon Náoṁṫa? ní éugfuimne. A ṪIĠEARNA, dórduiġ tú íad do breiṫeaṁnus; agus, a Ḋé ċuṁaċdaiġ, do ḋaingniḋ tú íad do smaċduġaḋ.
Ní duine Día, as á ndéanaḋ bréag; ní mó is mac duine é, as a ndéanaḋ sé aiṫreaċus: a nduḃairt sé, agus naċ béara ċum críċe é? no ar laḃair se, agus naċ bfedir a ċoiṁlionaḋ?
Oir má, réiḋeaḋ eadruinne agus Día tré bás a Ṁic, a nuáir do ḃámar ar náiṁdiḃ, is mó ná sin go mór, ar mbeiṫ a naṫṁuinntearḋas dúinn, ċoiṁéadfuiġṫear sinn tré na ḃeaṫasan.