Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Malaċi 3:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus tiucfa mé láiṁ riḃ ċum breiṫeaṁnuis; agus biáiḋ mé am ḟíaḋnuisi luáṫ a naġaiḋ na bpiseógaċ, agus a naġaiḋ na naḋaltrannaċ, agus a naġaiḋ na néiṫeaċ, agus a naġaiḋ ṁealltaċ na seirḃíseaċ iona dtúarusdal, na baintreaḃṫuiġe, agus an dilleaċda, agus iompoiġios do leaṫ taóiḃ an coimbṫiġeaċ agus naċ eagluiḋionn roṁamsa, a deir TIĠEARNA na slóġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Malaċi 3:5
63 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Abraham, Do ċionn gur ṡáoil mé, Go deiṁin naċ ḃfuil eagla Dé sa náitse; agus go muirfiḋe misi ar son mo ṁná.


Agus a duḃairt Jóseṗ ríu an treas lá, Déanuiġ mar so, agus mairiḋ: óir atá eagla Dé orum.


Aċt na húaċdarain do ḃí roṁam do ḃádar costasaċ don ṗobal, agus do ġlacadar arán agus fíon úaṫa, táoḃ a muiġ do ċeaṫraċad secel airgid; do ḃí fós, agá ṡerḃíseaċaiḃ ríaġuil ós cionn an ṗobail: aċt ní ḋéarnuiḋ misi marsin, ar eagla Dé.


Oír is teine sin loisgios ċum scriosta, agus dó ṫoċlaḋ amaċ mo ḃiseaċ uile.


Aṁuil íarrus serḃíseaċ go díṫċíollaċ an scáile, agus mar ḃíos súil an nfir túarustail re lúaċ a ṡáoṫair:


A Deir droiċġníoṁ an ċiontuiġ a stiġ ann mo ċroiḋe, naċ ḃfuil eagla Dé ós coinne a ṡúl.


Eist, ó mo ṗobal, agus do ḋéanadsa fiaġnuise ḋuit: ó Israel, ma eístir liom;


Os coinne an TIĠEARNA: oír atá sé ag teaċt, ag teaċt do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis air an ttalaṁ: do ḃéara sé breiṫ air a tsaoġal a ḃfíréuntaċd, agus air na daóiniḃ iona ḟírinne féin.


Os coinne an TIĠEARNA; óir atá sé ag teaċd do ḃreiṫe air an ttalaṁ: do ḋéana sé breiṫeaṁnus air an ttalaṁ ré fíréuntaċd, agus air na poibleaċaiḃ ré ceart.


Aċ do ḃí eagla Dé ar na mnáiḃ tuismiġe, agus ní ḋearnadur mar a duḃairt rí na Hégipte ríu, agus do ċuṁduiġeadur an clann ṁac beó.


Os a ċionn so; gléasfa tú as an bpobál uile dáoine acfuinneaċa, drong ar a mbí eagla Dé; dáoiné fírinneaċa, ḟuaṫuiġeas saint; agus cuir ós a ccionn íad, uaċdarain mileaḋ, uaċdarain céad, uaċdarain cáogad, agus uaċdaráin deiṫneaṁuir:


Ná taḃair ainm an TIĠEARNA Día go díoṁaóin; oir ní ṁeasfuiḋ an TIĠEARNA neiṁċiontaċ an té ḃeir a ainm go díoṁáoin.


Giḋ bé ioḋbórus do Ḋía ar biṫ, aċd don TIĠEARNA aṁáin, scriosfuiġear é go léir.


Le trócaire agus lé fírinne leasuiġṫear a néagcóir: agus lé heagla an TIĠEARNA seaċnuid daóine an tolc.


Así eagla an TIĠEARNA an tolc dfúaṫuġaḋ an túaḃar: agus a niomarcaiḋ, agus an droiċṡliġe, agus fúaṫuiġim, an béul míolaḃarṫaċ.


¶ Aċt tairngiḋ a ḃfogus a leiṫ annso, a ṁaca na ban druiḋe, slioċd a naḋaltrannuiġ agus na stríopuiḋe.


Oír atá an fearann lán daḋaltrannaċaiḃ; óir caóiḋiġ an tír do ḃríġ mionnaḋ; do tiormuiġeaḋ súas áit ṁíanġusaċ a nfásaiġ, agus is olc a ccúrsa, agus ní ceart a neart.


Oír is faiġeadóireaċt ḃréige do níd díḃ, dá ḃur náṫarruġaḋ a bfad ó ḃur ndúṫaíġ; agus go ndíbeoruinnsi amaċ siḃ, agus go raċaḋ siḃ a muġa.


Uimesin ná héistiġsi re ḃur ḃfaiġiḃ, nó re ḃur ḃfáistineaċaiḃ, nó ré ḃur naislingṫeaċaiḃ, nó ré ḃur ndraóiṫiḃ, nó ré ḃur ngeasadóiriḃ, laḃrus riḃ, ġá ráḋ, Ní ḟoiġeontuiḋe do ríġ na Babilóine:


Do ḃríġ go ndearnadar aḋnáir ann Israel, agus go ndéarnadar aḋaltrannas ré mnáiḃ a ccoṁarsan, agus mar do laḃradar bríaṫra bréagaċa ann mainmse, naċ ar aiṫin mé ḋíoḃ; agus atá a ḟios agamsa, agus is fíaḋnuisi mé, a deir an TIĠEARNA.


Ann sin a dúḃradar ré Ieremiah, Bíoḋ an TIĠEARNA na ḟíaḋuin ḟírinniġ ḋíriġ eaḋruinn, muna ndearnam do réir na nuile neiṫe ar son a ccuirfiḋ an TIĠEARNA do Ḋía ċuguinn ṫú.


Agus mátá go nabruid síad, Mairiḋ an TIĠEARNA; go deiṁin mionnuiġid síad go bréagaċ.


Naċ ccuairteoċa misi ar son na neiṫeannsa? a deir an TIĠEARNA: naċ bia manam dioġaltaċ ar a leiṫéid so do ċineaḋ?


¶ Ní ṁéallfa tú do ċoṁarsa, ní mó ṡladfas tú é: ní ḟanfuiġe agad tuarasdal an té ḟoisteoċṫar ar feaḋ na hoiḋċe go maidin.


¶ Agus an té ḋéanas aḋaltrannas ré mnaói ḋuine eile, do ḋéanas aḋaltrannus re mnaói a ċoṁársan, cuirfiġear go deṁin an taḋaltrannaċ fir agus mná cum báis.


¶ Mar an gcéadna fear no beán aga mbía spiorad taṫuiġṫeaċ, nó ḃías na fáistineaċ, cuirfiġear go deṁin ċum báis íad: géaḃuid do ċloċuiḃ orra: bíaiḋ a ḃfuil orra féin.


¶ Agus an tanam ionntoċus leis an druing ga mbíḋ leannáin síġe, agus a ndiáiġ luċd fáistine, do ḋul do stríapaċus na ndiáiġ, cuirfe mé ċeana maġaiḋ a naġaiḋ a nanma, agus géarrfa mé as lár a muinntire íad.


¶ Eistiġ, a ṗobal uile; cluin, a ṫaluiṁ, a nuile ní dá ḃfuil ann: agus bíoḋ an Tiġearna DIA na ḟíaḋnuise ḃur naġaiḋsi, an Tiġearna ó na ṫeampall náoṁṫa.


¶ Naċ ḃfuil tusa ó ṡíorruiġioċd, a ṪIĠEARNA mo Ḋía, Máon Náoṁṫa? ní éugfuimne. A ṪIĠEARNA, dórduiġ tú íad do breiṫeaṁnus; agus, a Ḋé ċuṁaċdaiġ, do ḋaingniḋ tú íad do smaċduġaḋ.


Agus a duḃairt mé ríu, Maḋ áill liḃ féin, tugaiḋ ḋaṁsa mo lúaċ; agus mun buḋ áill, léigiḋ ḋó. Marsin do ċoṁṫromadar ar son mo lúaċa, tríoċad píosa airgid.


¶ Onóruiġ mac a aṫair, agus onór uiġ serḃíseaċ a ṁaiġistir: maiseaḋ más aṫair misi, caiḋe monóir? agus mas maiġistir mé, caiḋe meagla? a deir TIĠEARNA na slóġ riḃsi, a ṡagarta, ḋímeasas mainm. Agus a dearṫaói, Cred ionar ḋísbeagamairne hainm?


Ṫairis sin a dearṫaói, Cred uime? Do ḃríġ go raiḃ an TIĠEARNA dfiaḋnuisi eadrad agus bean hoíge, a naġaiḋ a ndéarna tusa go míoċoinġiollaċ: giḋeaḋ is isi do ċompánaċ, agus bean do ċunnarṫa.


¶ Do ċoireaḃair an TIĠEARNA le ḃur mbríaṫruiḃ. Ṫairis sin a dearṫaói, Cioḋ ié ar ċuireamar é? an tan a dearṫaói, A nuile ḋuine da ndéan olc is maiṫ é a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ḃí dúil aige ionta; nó, Cáit a ḃfuil Dia an ḃreiṫeaṁnuis?


Agus ar ḃfreagra don ḟear eile, do spreag sé é, ag ráḋ, A né naċ ḃfuil eagla Dé ort, agus tú fa áonḋamnaḋ ris?


Agus créd fá naċ déanámaoid uile, ionnus go dtiocfaḋ maiṫe ḋíoḃ, (do réir mar ṁaslaiġṫear sinne, agus mar a deirid dáoine áiriġe) ar a dtig damnúġaḋ ó ċeart, go nabramáoid?


Agus a nuáir ċuirfios tú amaċ sáor uáit é, ní léigfe tú ḋó imṫeaċd uáit folaṁ:


Ní ḃfuiġṫior ḃur measc éanduine ḃéurus air a ṁac no air inġin dul ṫríd an tteiniḋ, nó ġnáṫuiġios fáistine, nó coiṁeaduiġe aimsior, nó geasadóir, nó luċd piséog,


¶ Ní ċláonfa tú breiṫeaṁnus an ċoiṁiṫiġ, nó an dílleaċda; agus ní ġlacfa tú éadaċ baintreaḃuiġ a ngeall:


Go ma malluiġ an té ċlaonus breiṫeaṁnus an ċoiṁiḋṫiḋ, an dílleaċda, agus na baintreaḃuiġ. Agus déara an pobal uile, Amén.


Ní ṫiuḃra tú ainm an TIĠEARNA do Ḋé go dioṁáoin: óir ní ṁeasfuiḋ an TIĠEARNA neiṁċiontaċ an té ḃeir a ainm go díoṁaóin.


Gan leaṫrom na méaḃail do ḋéunaṁ déinneaċ air a ḋearḃraṫair: óir do ní Día díoġaltus sna neiṫiḃse uile, do réir mar a duḃramar ċeana riḃ, agus do rinneamar dfíaḋnuisi.


As onóraċ an pósaḋ a measg na nuile, agus an leabuiḋ neaṁṡalaċ: aċd béuruiḋ Día breiṫ ar luċd na drúise agus a naḋaltrannuis.


Agus roiṁ na huile neiṫeiḃ, a ḋeaḃráiṫre, ná taḃruiḋ mionna, mar atá neaṁ, ná talaṁ, na mionna ar biṫ eile: aċd go maḋ bé ḃur gcoṁráḋ aseaḋ, aseaḋ; agus ní heaḋ, ní heaḋ; deagla tuiteam ḋíḃ a ndamnuġaḋ.


Féuċ, atá túarásdal an luċ oibre do ḃean ḃur nguirt, do ċunnaiṁ siḃ úaṫa tre hengcóir, ag éiġṁe: agus do ċuádar éiġṁe an luċd búana a steaċ a gclúasaiḃ Tíġearna na slóġ.


Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.


Oír don táoḃ amuiġ béid na madruiġ, agus luċd na bpiseóg, agus a naḋaltrannuis, agus an dúnṁarḃṫa, agus a nioḋalaḋruiġ, agus gaċ neaċ ġráḋuiġeas agus do ní an ḃréug.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ