Agus do rinne Dáiḃi altóir ann sin don TIĠEARNA, agus dofráil sé foḋburṫa loisge agus ofrála síoṫċána, agus do ġoir air an TTIĠEARNA; agus do ḟreagair sé ó ḟlaiṫeaṁnus é maille re teine air altóir na híoḋbarṫa loisge.
Agus do ċuáiḋ Solaṁ súas annsin gus a naltóir ṗráis a laṫair an TIĠEARNA, noċ do ḃí ag tabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus dofráil sé míle íoḋbuirt loisge uirre.
Annsin biáiḋ fonn agad a níoḋbairt na fíréuntaċda, a nofráil loisge agus a nofráil ċnaóite go hiomlán: annsin do ḋéanaid bulóga óga do ṫoirḃirt air haltóir.
Do ḃéara mé íad dom ṡlíaḃ náoṁṫa, agus do ḋéana mé lúaṫġáireaċ íad ann mo ṫiġ urnaiġe: glacfuiġear a nofráil loisge agus a níoḋbarṫa ar maltóruiḃ; óir goirfiġear dom ṫiġ tiġ na hurnuiġe do nuile ṗobal.
Is marso a deir an TIĠEARNA; Dfill mé ċum Sion, agus áitreoċa mé a meaḋón Ierusalem: agus goirfiġear caṫair na fírinne do Ierusalem; agus slíaḃ TIĠEARNA na slóġ don tslíaḃ náoṁṫa.