3 Agus suiġfiḋ sé aṁuil ceárd agus glantóir airgid: agus glanfa sé mic Léḃi, agus sciúrta sé íad aṁuil agus airgiod, ċor go nofráluid don TIĠEARNA ofráil a ḃfíréantaċd.
Annsin biáiḋ fonn agad a níoḋbairt na fíréuntaċda, a nofráil loisge agus a nofráil ċnaóite go hiomlán: annsin do ḋéanaid bulóga óga do ṫoirḃirt air haltóir.
Agus scagfa mé amaċ as ḃur measc na ceannairgṫíġ, agus an dream ṡáruiġios am aġuiḋ: do ḃéara mé amaċ as an ttír íad mar a ṁéid ar cuáirt, agus ní raċfuid a steaċ a ttír Israel: agus aiṫeontaoi gur misi an TIĠEARNA.
Agus tuitfiḋ cuid don druing ṫuigsionaiġ, dá ndearḃaḋ, dá nglanaḋ, agus dá ndéanaṁ geal, eaḋon go haimsir an deiriḋ: do ḃríġ go ḃfuil sin fós ċum aimsire cinte.
Glanfuiġear mórán, agus do ḋéantar geal, agus deirḃeoċṫar íad; aċt do ḋéanuid na droċḋaoine go holc: agus ní ṫuicfid áon do na ciontaċaiḃ; aċt tuicfid na heagnuiḋe.
Glac ċugad bríaṫra, agus fill ċum an TIĠEARNA: abair ris, Beir uáinn a nuile éicceart, agus gaḃ ċugad go grásaṁuil sinn: marsin do ḃéaram uáinn laóiġ ar bpuisíneaḋ.
Agus do ḃéara mé an treas cuid ṫríd an tteine, agus aṫġlanfa mé íad mar aṫġlantar an tairgiod, agus dearḃoċa mé íad mar ḋearḃṫar an tór: goirfid siad ar mainm, agus éistfiḋ mé riú: déara mé, Is íadsa mo ṗobal; a déaruid síadsan, Isé an TIĠEARNA mo Ḋía.
Oir, féuċ, tiucfa an lá loiscfios aṁuil bacús; agus na húaiḃriġ uile, fós, a nuile ḋuine do ní urċóid, béid na cconnlaċ: agus loiscfiḋ an lá ṫiucfas íad súas, a deir TIĠEARNA na slóġ, iondus naċ ḃtágfa fréuṁ nó beangán díoḃ.
Do ḟeagair Eóin, ag ráḋ ríu uile, Baisdeamsa siḃ go deiṁin lé huisge; aċd a tá neaċ is nearṫṁuire ná misi ag teaċd, ag naċ fiú mé íallaċ a ḃróg do sgáoileaḋ: baisdfiḋ seision siḃ leis an Spiorad Náoṁ agus lé teiniḋ:
Ar a naḋḃarsin sirim daṫċuinge oraiḃ, a ḋearḃraiṫreaċa, tré trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫaḃairt na ḃéo-ioḋbairt, náoṁṫa, geanaṁail do Ḋía, ḃur seirḃís réusúnta.
Ionnus go mbéinn am óglaċ ag Iósa Críosd a measg na Gcineaḋaċ, ag miniosdralaċd soisgéil Dé, do ċum go mbeiṫ gean ar ofrail na Gcineaḋaċ, ar mbeiṫ ḋi náoṁṫa trés an Spiorad Náoṁ.
Fuáir mé a nois na huile neiṫe, agus atá mo ṫeannṡáiṫ agum: do líonaḋ mé, ar nglacaḋ ḋaṁ ó Epaṗrodítus na neiṫe ṫáinic uáiḃse, an balaḋ ḋeaġḃaluiḋ, an níoḋbairt ṫaitneaṁaċ, ar a ḃfuil gean ag Día.
Tug é féin air ar son, ċum ar bfúasgalta ó gaċ uile ṗeacaḋ, agus ċum ar nglanta ionnus go mbeimís ar pobal geanaṁuil aige féín, ag leanṁuin go dúṫraċdaċ do ḋeaġoíbriġiḃ.
Ionnus go ḃfuiġṫiġ dearḃaḋ ḃur gcreidiṁ, is rouáisle na ór ṫéid air neiṁní, bíoḋ go ndearḃṫar é lé teine, na ṁolaḋ agus na onóir agus na ġlóir an tan ḟoillseóċas Iósa Críosd é féin:
Agus bíġiḋse mar ḃéoċloċaiḃ, tógṫa súas ḃur dtiġ spioradálta, ḃur sagartaċd náoṁṫa, ċum íoḋbarṫaḋ spioradálta dforáil, ar a mbiáiḋ gean ag Día tré Iósa Críosd.
Aċd is cinéul toġṫa siḃse, sagartaċd ríoġa, cineaḋ náoṁṫa, pubal ar leiṫ; ionnus go ḃfoillséoċaḋ siḃ suḃáilciḋe an tí do ġoir siḃ as dorċadus ċum a ṡolais iongantuiġ féín.
Do ḃeirim do ċóṁairle ḋuit ór a ċeannaċ uáimse do dearḃaḋ a dteine, ionnus go mbeiṫeá saiḋḃir; agus éuduiġe geala, ċum a gcur iomad, ionnas naċ buḋ léir gráineaṁlaċd do lomnoċduiġe; agus ung do ṡúile ré foḃairt na súl, ionnus go maḋ lér ḋuit.