Agus do ḟeuċ sé ar Ṡodom agus ar Ġomorrah, agus ar ḟearann an réitiġ úile, agus do aṁairc, agus, féuċ, do ċúaiḋ deatáċ na tíre súas aṁuil ḋeatuiġ ḟuirnise.
Tigiḋ anois, agus déanum réusún re ċéile: a deir an TIĠEARNA: mátá go ḃfuilid ḃur bpeacaiḋe aṁuil scáirléad, béiḋ síad coiṁġeal ré sneaċda; mátá go ḃfuilid dearg mar ċrimson, béiḋ síad aṁuil olann.
Atáid peacaiċ Síon eaglaċ; do lion eagla na fúarċráiḃṫiġ, ġa raḋ, Cia eadruinn aitreaḃus maille le teiniḋ millteaċ? cía eadruinn aitreaḃus maille re loisgṫiḃ síorruiḋe?
An ḃféadann do ċroiḋe a ḟulang, nó an ḃféaduid do láṁa ḃeiṫ láidir annsna láeṫiḃ a ngéaḃa misi do láiṁ ṫú? misi an TIĠEARNA a duḃairt é, agus do ḋéanad é.
Agus tuitfiḋ cuid don druing ṫuigsionaiġ, dá ndearḃaḋ, dá nglanaḋ, agus dá ndéanaṁ geal, eaḋon go haimsir an deiriḋ: do ḃríġ go ḃfuil sin fós ċum aimsire cinte.
Agus laiḃeoruiḋ an TIĠEARNA a ġuṫ as coinne a ṡlúaġ: óir is ro ṁór a ḟoslongṗort: óir is láidir an té ċríoċnuiġios a ḟocal: óir is mór lá an TIĠEARNA, agus ro úaṫḃásaċ; agus cía ḟéadas a ḟulang?
Cía ḟeadas seasaṁ as coinne a ḟeirge? agus cía ḟéadas fuireaċ re buirbe a ḟeirge? do dóirteaḋ a ḋíḃḟearg amaċ mar ṫeine, agus do teilgioḋ síos na cairge leis.
Agus do ḃéara mé an treas cuid ṫríd an tteine, agus aṫġlanfa mé íad mar aṫġlantar an tairgiod, agus dearḃoċa mé íad mar ḋearḃṫar an tór: goirfid siad ar mainm, agus éistfiḋ mé riú: déara mé, Is íadsa mo ṗobal; a déaruid síadsan, Isé an TIĠEARNA mo Ḋía.
Oir, féuċ, tiucfa an lá loiscfios aṁuil bacús; agus na húaiḃriġ uile, fós, a nuile ḋuine do ní urċóid, béid na cconnlaċ: agus loiscfiḋ an lá ṫiucfas íad súas, a deir TIĠEARNA na slóġ, iondus naċ ḃtágfa fréuṁ nó beangán díoḃ.
Agus an feaḋ do ḃádar ag dul do ċeannaċ, táinic an fear núaṗósda; agus an ċuid úd do ḃí ullaṁ, do ċúadar leis a sdeaċ ċum an ṗósda: agus do híaḋaḋ an dorus.
Agus do ḃeannuiġ Símeon íad, agus a duḃairt sé ré Muire a ṁaṫairsion, Féuċ, a tá sé so ar na órduġaḋ do ċum tuitme agus eiséirġe ṁóráin a Nisraél; agus na ċoṁarṫa agá gcuirfiṫear na aġaiḋ;
Ar a naḋḃarsin déanuiḋ faire, ag guiḋo gaċ uile uair, ionnus go rucasfuiġ gur fiú siḃ dul as ó na neiṫiḃsi uile atá ċum teaċda, agus go seasṁóċaḋ siḃ a ḃfiaḋnuisi Ṁic an duine.
Aga ḃfuil a ċríaṫar an a láiṁ, agus glanfiḋ sé a urlár féin, agus cruinnéoċuiḋ sé an ċruiṫneaċd dá sgiobol féin; aċd loisgfiḋ sé an ċáiṫ lé teine náċ eidir a ṁúċaḋ.
Agus a tá an tuáiġ a nois fós ar na cur ċum fréiṁe na gcrann: ar a naḋḃarsin gaċ uile ċrann naċ dtaḃair toraḋ maiṫ gearrṫar é, agus teilgṫear sa teiniḋ é.
Agus ní ḃfuil aiṫe aguiḃsi air; giḋeaḋ is aiṫne ḋaṁsa é: agus má a deirim, Naċ aiṫne ḋaṁ é, biáiḋ mé cosṁuil riḃsi bréagaċ: giḋeaḋ as aiṫne ḋaṁ é, agus coiṁéuduim a ḃriaṫar.
Taḃruiḋ dá ḃur naire gan éura do ṫaḃairt don tí láḃras riḃ. Oir muna deaċuiġ an dream úd as tug díultaḋ don tí laḃair ríu as uċd Dé ar an dtalaṁ, a né naċ lúġa ná sin raċmaóidne as, dá ndíultam don tí atá ó neaṁ?
Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseaċa uíle gur misi sgrúduiġeóir na nduḃán agus na gcroiḋṫeaċ: agus do ḃéur dá gaċ áon aguiḃse réir ḃur ngníoṁarṫaḋ.
Agus a duḃairt mise ris, A ṫíġearna, atá a ḟios agadsa. Agus a duḃairt seision riomsa, Ag so an dream ṫáinic as buáirḋirt ṁóir, agus do niġ a róbuiḋe, agus do ġealuiḋ íad a ḃfuil a Nuáin.